5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

5 amhrán ón taobh tuathail…

Replete – My Station

Ó Chill Chainnigh do Peter Lawlor, ógfhear atá ag cumadh ceoil álainn house faoin ainm Replete le blianta beaga anuas.  

Seo port mall, hiopnóiseach le guth baineann ag éirí is ag ísliú ar nós tuile is trá na taoide. Tá dordlíne ramhar ag plobarnaíl tríd agus cordaí ann ná beadh as áit ar phort snagcheoil agus.   Ar bhealach is fuaim chlasaiceach í seo, fuaim, a bhraithim, ná beadh as áit ar cheann de na halbaim is breátha house dá bhfuil ann, ‘Forevernevermore’ le Moodymann.


Elma Orkestra – Mayday

Tharraing Eoin O’Callaghan, atá lonnaithe i nDoire, aird air féin ar dtús mar amhránaí agus cumadóir amhrán leis an mbanna Best Boy Grip, a d’eisigh cúpla EP is albam le blianta beag anuas.

Ach le gairid tá port nua á sheinm ag Eoin is an ceol indie curtha ar leataobh aige.  Anois, tá sé ag cumadh ceol gleoite aimbiach d’oirfeadh go maith do cheoltéama scannán neamhspleách Eorpach éigin.

Cúpla mí ó shin chualamar an chéad bhlaiseadh dá shaothar nua, an rian ‘Drive’ atá le clos ar sheinnliosta an chnuasaigh is déanaí ón dTaobh Tuathail (ATT Vol 8) ar Spotify.  Thug sé Elma air féin don gceann san ach cuireadh iachall air a ainm a athrú ó shin, rud a fhágann go bhfuil sé ag tabhairt Elma Orkestra air féin anois.  ‘Mayday’ an teideal atá ar a phort álainn úr, a bheidh le clos ar a fhadcheirnín Flutter, Part 1 amach anseo.


Mount Alaska – Radius


Seo an tríú singil atá eisithe ag Mount Alaska, atá lonnaithe san ardchathair agus seans gurb é an ceann is tarraingtí é as na rianta ar fad atá roinnte acu linn.

Tá blianta fada caite ag na cumadóirí Cillian McDonnell agus ag Stephen Shannon agus máistreacht á fáil ar a gceird acu.  Tá aithne acu ar a chéile le geall le cúig bliana fichead is tá tréimhsí fada caite acu ag cumadh is ag casadh ceoil le chéile, bíodh san i mbannaí (Halfset, mar shampla) nó ag dioscmharcaíocht le chéile. Is anois atá a n-aird dírithe acu ar cheol úr leictreonach a fháisceadh as seansintéiseoirí.

Is léir ó rithimí cruthaitheacha an rogha seo go bhfuil dúil acu na cromáin a mhealladh chun luasctha (ar ndóigh, is drumadóir é Cillian a bhfuil seanchleachtadh aige ar bhuillí a leagadh anuas ar phoirt) ach is é fonn uaigneach an phoirt is mó a fhágann a lorg orm, faoi mar a bheadh cumha ar Mount Alaska i ndiaidh rud éigin, oícheanta órga mar a bhíodh fadó, b’fhéidir: ag rave-anna-go-maidin na hardchathrach, ag rince i spásanna dorcha, na súile dúnta, ar meisce ag draíocht an cheoil agus baois na hóige.


Patricia – Alternate Mindset

Several Shades Of The Same Color is ea an teideal ar an dtríú halbam ón léiritheoir Max Ravitz, atá lonnaithe i mBrooklyn. Tá an saothar ar fáil anois a bhuíochas le lipéad Spectral Sound.  Mar a thugann an teideal dúinn, tá samplaí éagsúla den seánra céanna, teicneo, le clos air, idir throm agus éadrom.

Táim faoi gheasa ag an gceann seo le seachtainí anuas.  Is breá liom an cicdhruma trom mall, an fonn leanúnach ar an sintéiseoir a chloisimid ag a thús, a spreagann mé chun taibhreamh faoi réaltraí i bhfad ó bhaile. Is aoibhinn liom leis na giotaí beaga ‘acid’ ag plobarnaíl sa chúlra, gan trácht ar an bhfonn nua éadrom álainn a thagann chun solais geall le trí nóiméad isteach sa rian.  Faoin dtráth sin, níl ach leath den rian blasta agat. Éist go cúramach leis an gcuid eile de.


Ceann ón gCartlann

Akira Rabelais – 1390 Gower Conf. II. 20 I.

Tháinig an t-albam Spellewaurynsherde leis an gcumadóir ceoil aimbiach Meiriceánach Akira Rabelais amach ar Samadhisound, lipéad le David Sylvian agus Steve Jansen (ón mbanna Japan) sa bhliain 2004, ach níor chuala é go dtí le gairid, tar éis do lipéad Boomkat Editions é a chur ar fáil ar vinil don gcéad uair. Seo saothar neamhghnách, fáiscthe as éifeachtaí digiteacha atá curtha i bhfeidhm ar amhráin chórúla ó na meánaoiseanna.  Cuimhním ar fhocail an Ríordánaigh: ‘Níl teora leis an saoirse/Ná le cnoca na samhlaíochta’.

– Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'