84% d’óige na Ceathrún Rua den tuairim gur Gaeilge a bheas á labhairt acu lena gcairde in 2027

Cuirfear dréachtphlean teanga na Ceathrún Rua os comhair mhuintir na háite an tseachtain seo chugainn. Maíonn Comharchumann Mhic Dara gur fiú €27.8 milliún sa bhliain an Ghaeilge don Cheathrú Rua

84% d’óige na Ceathrún Rua den tuairim gur Gaeilge a bheas á labhairt acu lena gcairde in 2027

Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tá sé i gceist faoin bplean, a chuir Comharchumann Mhic Dara le chéile, beirt Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú agus tascfhórsa fostaíochta a bhunú le 300 post breise a chruthú sa cheantar. Moltar chomh maith go mbunófaí “ceanncheathrú Ghaeltachta” an Gharda Síochána ar an gCeathrú Rua.

Tá an Cheathrú Rua luaite mar bhaile seirbhíse Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus tá foráil déanta sa Phlean Teanga “príomhbhaile Gaeltachta agus lárionad seirbhísí” a dhéanamh den bhaile.

Dé réir an taighde a rinne an Comharchumann le blianta beaga anuas, labhraíonn 89% de phobal na Ceathrún Rua Gaeilge gach uile lá agus is airde fós céatadán na ndaoine óga, idir 3 agus 18 mbliana d’aois, a labhraíonn ar bhonn laethúil í — 91%.

Mar sin féin, labhraíonn níos lú ná leath na ndaoine óga ar an gCeathrú Rua Gaeilge amháin lena dtuismitheoirí, agus labhraíonn 16% acu Béarla amháin lena gcairde. Labhraíonn 13% de pháistí na Ceathrún Rua Béarla amháin lena dtuismitheoirí.

Fuarthas sa suirbhé teaghlaigh a rinneadh mar chuid de dhréachtú an phlean teanga go bhfuil “Gaeilge líofa nó Gaeilge mhaith” ag 93% de na daoine óga sa cheantar.

Maíonn Comharchumann Mhic Dara gur fiú €27.8 milliún sa bhliain an Ghaeilge don Cheathrú Rua agus tá bearta sa phlean an teanga a chur chun cinn níos mó i measc lucht gnó agus lucht seirbhísí sa bhaile.

Tá 56 beart ar fad luaite sa Phlean leis an nGaeilge a chosaint agus a  chur chun cinn sa cheantar, agus béim leagtha i go leor acu ar an aos óg. Beartaítear, mar shampla, Fóram Oideachais a bhunú, cabhrú le gach scoil sa cheantar stádas Gaeltachta a bhaint amach faoin bPolasaí Oideachais Gaeltachta, “córas” a chur i bhfeidhm i gclós na scoile lena chinntiú gur Gaeilge amháin a labhraítear ann, agus go leor rudaí eile lena chinntiú go sealbhóidh aos óg na háite an teanga.

l sa cháipéis a nochtfar Dé Luain ach dréachtphlean teanga. Táthar ag iarraidh ar an bpobal tuairimí agus moltaí faoin bplean a chur in iúl do lucht pleanála teanga ar an gCeathrú Rua sula bhfoilseofar an plean críochnaithe.

Nuair a bheidh an plean sin críochnaithe, ceadóidh an tAire Stáit don Ghaeltacht é agus cuirfear i bhfeidhm é le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus ó Roinn na Gaeltachta.

Beidh an plean teanga i bhfeidhm ar feadh seacht mbliana agus cosnóidh sé €148,000 in aghaidh na bliana é a chur i bhfeidhm. Tá costas €700,000 in aghaidh na bliana luaite sa phlean le forbairtí eile sa phobal.

Is éard atá i gceist le limistéar pleanála teanga na Ceathrún Rua de réir an phlean ná an ceantar siar ó dhroichead Chasla go Muiceanach Idir Dhá Sháile agus ar aghaidh go Cuan na Loinge.

Fág freagra ar '84% d’óige na Ceathrún Rua den tuairim gur Gaeilge a bheas á labhairt acu lena gcairde in 2027'

  • tg lurgan

    Faoi dheireadh – scéal dearfach. Tá an sprioc aimsithe agus toill na bpríomhrannpháirtithe nótáilte. Is féidir tógáil ar seo.

  • Mánus

    Ráiméis atá sa cheannteidil seo. Faoin am go bhfuil bliain na hArdteiste sroiste ag óige na “Gaeltachta” Catagóir A de réir chuile thaighde is Béarla den cuid is mó an teanga is mó a labhrann óige na Gaeltachta lena gcairde. Sheas mé ag siopa an Bhreathnaigh sa sráidbhaile ag am lóin cúpla bhliain ó shoin agus is Béarla a chuala mé i measc óige an cheantair agus iad ag caint faoin scrúdú Ardteiste a bhí díreach críochnaithe acu an mhaidin sin. An rud céanna sa Spidéil an lá dár gcionn.