81 duine ag tabhairt faoi Scrúdú an tSéala i nGaillimh agus i nGaoth Dobhair inniu

Ó chuir an Foras tús leis an Séala in 2006, bronnadh ar 194 duine é

81 duine ag tabhairt faoi Scrúdú an tSéala i nGaillimh agus i nGaoth Dobhair inniu

Beidh 81 duine ag tabhairt faoi scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí a bheidh á reáchtáil inniu in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Beidh 70 iarrthóir ag tabhairt faoin scrúdú ar phríomhchampas na hOllscoile i gcathair na Gaillimhe agus 11 duine eile in ionad na hollscoile i nGaoth Dobhair.

Tá an Séala ar an ngradam gairmiúil is tábhachtaí ar fad do shaoraistritheoirí Gaeilge a bhíonn ag lorg oibre ó eagraíochtaí de chuid na hearnála poiblí agus ó chliaint eile.

Cuirtear ainm agus sonraí teagmhála gach duine a ghnóthaíonn an Séala ar phainéal d’aistritheoirí creidiúnaithe a fhoilsíonn Foras na Gaeilge agus is ón bpainéal sin a earcaítear aistritheoirí Gaeilge den chuid is mó.

Ó chuir an Foras tús leis an Séala in 2006, bronnadh ar 194 duine é. D’éirigh le 26 as an 54 iarrthóir a chuaigh faoin scrúdú sin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an uair dheireanach an Séala a bhaint amach.

Beidh dhá pháipéar scrúdaithe le déanamh inniu, agus mairfidh an dá cheann dhá uair an chloig. 

Sa chéad pháipéar, beidh ar iarrthóirí téacs i mBéarla a bhaineann le gnóthaí riaracháin nó stáit a aistriú go Gaeilge, téacs ‘faisnéiseach ginearálta’ Béarla a aistriú go Gaeilge agus deich gcinn de chomharthaí poiblí i mBéarla a aistriú go Gaeilge.

Sa dara páipéar, beidh ar iarrthóirí deich gcinn d’abairtí Béarla a aistriú go Gaeilge, sliocht as saothar próis liteartha i mBéarla a aistriú go Gaeilge, agus téacs ‘cumarsáideach nó faisnéiseach’ a aistriú ó Ghaeilge go Béarla.

Is scrúdú leictreonach a bheidh i gceist agus ní mór cloí le Gramadach na Gaeilge — An Caighdeán Oifigiúil (2017).

Bhain conspóid leis an scrúdú céanna in 2014, nuair a fuair aistritheoirí a raibh an séala faighte cheana acu scéala go mbeadh orthu scrúdú athchreidiúnaithe a dhéanamh.

Cuireadh an scrúdú a bhí beartaithe ar ceal agus níor reáchtáladh an scrúdú arís go dtí anuraidh.

Fág freagra ar '81 duine ag tabhairt faoi Scrúdú an tSéala i nGaillimh agus i nGaoth Dobhair inniu'