800 logainm bailithe i nDún Chaoin, ‘an paróiste is sia siar in Éirinn’

‘Logainmneacha Dhún Chaoin Co. Chiarraí’ le foilsiú ag Comharchumann Dhún Chaoin ar Lá ‘le Gobnait

800 logainm bailithe i nDún Chaoin, ‘an paróiste is sia siar in Éirinn’

Déanfar leabhar, dar teideal Logainmneacha Dhún Chaoin Co. Chiarraí,  a sheoladh in Ionad An Bhlascaoid, Dún Chaoin, ar oíche Lae ‘le Gobnait Dé Sathairn

Cnuasach de 800 logainm, maille le foghraíocht agus nótaí eolais,  ón ‘bparóiste is sia siar in Éirinn’ atá sa saothar cuimsitheach seo, atá lán d’eolas, de léaráidí, de phictiúir agus de mhaisiúcháin eile.

Éacht atá ann nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil ach timpeall 180 duine ina gcónaí i nDún Chaoin anois agus go bhfuil cuid mhaith acu sin dall ar na logainmneacha dúchasacha agus nach bhfuil ach dornán fágtha de mhuintir na háite a bhfuil aon chur amach cóir acu ar na cúrsaí sin anois.

Is iad Comharchumann Dhún Chaoin na foilsitheoirí agus is iad John Kennedy, Cathaoirleach an Chomharchumainn,  agus an Dr. Éamonn Ó hÓgáin, nach aon stróinséir i nDún Chaoin é,  a rinne an taighde agus a chuimsigh an t-eolas. 

Chuir Breandán agus Máire Feiritéar agus Dáithí de Mórdha nótaí breise ar fáil, a bhaineann le stair agus le saíocht an cheantair. Feargal Mac Amhlaoibh, ‘Inné Teo’, a rinne an leagan amach ar an  leabhar agus tá sé maisithe ag líníocht de chuid Dhómhnall Ó Bric. Tá cuntas beacht ar dhaonra an pharóiste ó 1835 go 1911 le fáil ann chomh maith.

Mar bhreis air sin go léir,  tá aguisín ann mar gheall ar an gcnuasach logainmneacha a bhailigh daltaí de chuid Scoil Naomh Gobnait, Dún Chaoin, sa bhliain 1982, faoi stiúir an tsármhúinteora, Mícheál Ó Dubhshláine, nach maireann.

Is é an saineolaí béaloidis cruthanta, an Dr. Pádraig Ó hÉalaí a sheolfaidh an leabhar agus beidh amhráin, ceol agus blúirí filíochta á gcur i láthair ag an ócáid.

“Tá súil agam go gcuirfidh sé seo leis an eolas agus an meas agus an tuiscint  atá ar ár bparóiste beag féin,  atá anseo ar imeall an Atlantaigh. Bíodh muintir an pharóiste thar a bheith mórálach as an saothar seo, ar an dtuiscint gur i nDún Chaoin a deineadh an leabhar seo  a láimhseáil ó thús go deireadh.

“Tá an paróiste lán de shaineolaithe, bail ó Dhia orthu go léir! Ní deineadh de shaothar lasmuigh dár bparóiste ar an leabhar seo  ach an chlódóireacht. Is dóigh liom go bhfuil cuid thábhachtach d’oidhreacht shaibhir an pharóiste caomhnaithe againn anois agus, tá súil agam, go mbeidh sé á léamh go cíocrach ag na glúnta atá le teacht,” a dúirt John Kennedy.

Fág freagra ar '800 logainm bailithe i nDún Chaoin, ‘an paróiste is sia siar in Éirinn’'

  • Eamon Moriarty

    Cá bhfuil an leabhar ar fáil le ceannach? Tá suíomh agam – stayinkerry.com – agus ba mhaith liom alt a scríobh faoin leabhar.

  • DC

    Bheadh sé ar fáil gan amhras sa Chafé Liteartha i mBaile an Daingin.