7 rud a d’fhoghlaim muid ó sheónna móra faisin na bliana seo

Aithnítear anois gur ag na seónna móra faisin i gceithre cinn de mhórchathracha an domhain – Nua Eabhrac, Londain, Madrid agus Páras – a leagtar síos na treoirlínte don chéad seasúr eile.

Cé nach mbeidh morán againn in acmhainn roghnú ó bhailliúcháin Burberry, Dior nó Chanel, faraor, beidh an dearadh a chuir na ceannródaithe faisin eagsúla i láthair ag na hócaidí gálanta a chríochnaigh le gairid, beidh siad mar spreagadh don stíl a bheas le ceannach níos saoire i ngnáthshíopaí na tíre gan mhoill. Céard leis ar ceart dúinn a bheith ag súil do sheasúr an earraigh agus don samhradh seo chugainn?

1. Níor mhór duit a bheith dána nó gan náire leis an bhfabraic is coitianta a chaitheamh!

fabraic rímhín

Beidh an lámh in uachtar ag éadach atá déanta as fabraic rímhín. Ó tharla an t-éadach sin a bheith tréshoilseach, ba ghá duit a bheith cróga lena chaitheamh mar ghúna nó mar sciorta ach sin é an treocht is mó a bhí le feiceáil, thar aon cheann eile, le linn na seónna móra le gairid. Bhí an fabraic seo i gceist ar na hardáin taispeána ag cuid mhaith de na dearthóirí cáiliúla, ina measc Topshop Unique, Balenciaga agus Balmain. Chaith Cara Delevingne gúna fíorálainn den chineál sin mar chríoch shuntasach le seó Topshop Unique. Chomh maith leis an mhisneach a theastódh lena leithéid de ghúna a roghnú is a chaitheamh, theastódh rud eile freisin – aimsir bhreá nach bhfeictear rómhinic sa tír seo.

2. Beidh dathanna láidre, príomhúla i gceist agus an dath bán an-choitianta

Dath bán

Déan dearmad ar na dathanna pastail a bhí i ngach síopa le tamall anuas. Beidh béim ar leith ar éadach i mbán nó le dathanna láidre – ina measc , corcra, buí agus glas. An dath bán a bhí mar phríomhrogha ag dearthóirí ar nós Ports 1961 agus Marchesa (sa phictúir anseo). Breathnaíonn sé go hálainn ach, ar ndóigh, is dushlán ann féin a leithéide a choinneáil glan.

3. Dá laghad smidiú atá le tabhairt faoi deara is ea is fearr é.

smidiú

Is léir go raibh formhór na ndearthóirí ar aon intinn faoin smidiú a bheas á chaitheamh againn le linn an tsamhraidh – a laghad agus is féidir. Ag na seónna móra faisin ag Lanvin agus Marc Jacobs, mar shampla, is stíl thar a bheith simplí a cuireadh i láthair . Bhí an bhéim ar fad ar an chraiceann a choinnéail deas glan agus óg. Bhí an smaoineamh céanna ag Wendy Rowe do Burberry le smidiú fíorshimplí, gan fiú mascára a úsáid ach le liopaí láidre, dearga le haird a tharraingt ort féin.

4. Stíl gruaige fhliuch, díreach ón gcith fholcadh an rogha nua.

Gruaig

Gruaig dhíreach, slíoctha siar go néata nó le cuma fhliuch air is coitianta a bhí le feiceáil ar na rúidchosáin.  Chuir Hugo Boss agus Balmain béim ar an stíl shimplí sin. Beidh fáilte ag go leor roimhe seo mar gur cheart go mbeadh sé éasca le réiteach.

5. Fág na salaí arda sa chófra!

Bróga

Don seasúr romhainn beidh briseadh againn ó bhróga a bhfuil sálaí arda orthu má leantar sampla Burberry Prosum, Peter Pilotto agus na dearthóirí cáiliúla eile. Bróga ísle agus cumhráin éatroma le dathanna deasa a bheas sa bhfaisean. Rogha phraiticiúil é seo go cinnte don té a fhaigheann deacair é siúl go compordach sna salaí arda.

6. Tá réalt nua tagtha chun cinn i measc na mainicíní.

an mainicín nua mór le rá

Tá  Cara Delevingne agus Jourdan Dunn fós ar bharr an liosta de na réalta móra i measc na mainiciní nach n-éireoidh as an leaba gan $10,000 a fháil ach is cinnte go bhfuil réalt nua ag teacht chun cinn go sciobtha. Níl Kendall Jenner ach 18 bliana d’aois fós ach is í is mó atá ag tarraingt airde agus í páirteach i seónna móra do Balmain, Pucci, Dolce & Gabbana agus Givenchy.

7. Tá bealaí ann seachas faisean le haird na gceamraí a mhealladh!

North West

Más mian leat súile an paparazzi a mhealladh chugat féin, is buntaiste mór duit a bheith pósta le duine d’amhránaithe móra an domhain. Thug Kim Kardashian a fear céile Kanye West léi chuig na seónna móra ach is ar a n-iníon álainn leis an ainm neamhghnáth sin – North West – a bhí lucht ceamara dírithe!