‘Bíodh an Ghaeilge ar comhchéim ar chomharthaí’ – 61% den phobal

POBALBHREITH TUAIRISC.IE/MILLWARD BROWN - Formhór an phobail ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge ar comhchéím leis an mBéarla ar chomharthaí bóthair dátheangacha na tíre

File photo: Obama Plaza opens in Moneygal, Co. Offaly
Pictiúr: Photocall Ireland

Creideann 61%  den phobal gur cheart go mbeadh an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla ar chomharthaí bóthair dátheangacha na tíre.

Léiríonn pobalbhreith náisiúnta a rinne an comhlacht Millward Brown i gcomhar le Tuairisc.ie go dtacaíonn 61% den phobal le moladh Chonradh na Gaeilge go n-athrófaí an leagan amach ar chomharthaí bóthair dátheangacha le go mbeadh an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla.

Muintir na tuaithe ba mhó a thacaíónn leis an bplean go mbeadh an dá theanga ar comhchéim ar na comharthaí (65%). Ba mhó fós an tacaíocht don dátheangachas (68%) i gcúigí Chonnachta agus Uladh, ach i mBaile Átha Cliath bhí beagán níos mó daoine i gcoinne na n-athruithe (27%) ná mar a bhí ar an meán (22%)

D’easaontaigh 22% den phobal leis an moladh go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla ar comhchéim ar chomharthaí bóthair dátheangacha na tíre.

Bhí 13% de rannpháirtithe an phobail idir dhá comhairle faoin scéal agus dúirt 4% nach raibh aon tuairim acu faoi.

Thug 69% de dhaoine a bhí idir 55 agus 64 bliana d’aois le fios gur mhaith leo go mbeadh an Ghaeilge chomh feiceálach céanna leis an mBéarla ar na bóithre.

Bhí an lucht oibre go tréan ar son na teanga freisin – d’aontaigh 65% de na DE “go láidir” le moladh an Chonartha.

Bhí ceist seo na comharthaíochta i mbéal an phobail anuraidh nuair a chuir Conradh na Gaeilge tuarascáil an dearthóra Garrett Reil faoi bhráid an Aire Iompair ag an am Leo Varadkar.

Thacaigh  Varadkar leis an bplean go poiblí ar na meáin shóisialta agus d’iarr sé ar an Údarás um Bóithre Náisiúnta comharthaí a chrochadh ar bhonn trialach.

Ach léiríonn iniúchadh atá déanta ag Tuairisc.ie ar an scéal go amhras mór anois ann faoi céard atá i ndán don phlean.


 


 

 

Fág freagra ar '‘Bíodh an Ghaeilge ar comhchéim ar chomharthaí’ – 61% den phobal'

  • Eoin P.

    Maith sibh a Tuairisc.ie Is iontach an rud é foireann lán-aimseartha atá i mbun iniúctha ar son na nGael a bheith ann.

  • Gabha Óir

    Gan aon chostas sa bhreis, gan chur isteach ach fógraíonn an rialtas frith-Ghaeilge seo go bhfuil siad chun athbhreithniú ar an gcinneadh ciallmhar ón bhliain seo caite chun na comhtharthaí a athrú diaidh ar dhiaidh. Maith thú, a Phascail. Nach bhfuil aon deireadh leis an tseafóid dhiúltach i gcoinne ár dteanga.