5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian-image

 

Roy Montgomery – Pipeline

Ó Christchurch na Nua-Shéalainne do Roy Montgomery, cathair a scriosadh i gcrith talún na bliana 2011.  Bhí sé ag obair mar fhear dóiteáin agus ghoill an réabadh a deineadh ar a chathair agus a thimpeallacht go mór air.   Bhí a thuilleadh crá croí i ndán dó ó shin i leith nuair a bhuail drochshláinte duine dá chlann.

As an gcúlra duairc seo a d’eascair an chumadóireacht shaibhir atá ar fáil ar an gceithre albam atá díreach eisithe agus a thugann chun chuimhne leithéidí Grouper, The Cocteau Twins agus cuid de na cleasa stiúideo a chualathas ó My Bloody Valentine ar a n-albam Loveless.  Rianta uirlise den chuid is mó atá le clos ar na halbaim seo agus tá áilleacht is uaigneas le fáil iontu.

Felix Laband – Bag Of Bones

Tá Felix Laband, ó Pietermaritzburg san Afraic Theas, ag cumadh ceoil ó 2001 i leith. Chuireas aithne air fadó ar an gcéad chúpla albam a d’eisigh sé ar lipéad African Dope.  Bhíodh stíl níos moille is níos caoine aige tráth, cosúil le luathcheol Four Tet, agus cé gur thug sé cúl don saghas san ceoil le roinnt blianta anuas, tá sé tar éis filleadh air arís ar an rian gleoite seo óna EP úr ar Compost.

Tuff City Kids & Annie – Labyrinth (Club Mix)

Níl aon dabht ach go bhfuil máistreacht ag Annie ón Iorua ar chumadh agus ar chanadh popamhrán tarraingteach.  Nuair a chuala go raibh sí ag taifeadadh i dteannta na Tuff Cit Kids (Gerd Janson is Phillip Lauer) bhí sceitimíní orm agus mé ag súil le ceirnín eisceachtúil. Tá an beart déanta acu gan stró.  Seo ceirnín house le lorg na n-ochtóidí air, go háirithe stíl an Italo-disco. Cuirfidh sé an ruaig ar dhorchadas an gheimhridh.

Machinedrum – Isometrix

D’fhéadfadh Human Energy, albam úr le Travis Stewart AKA Machinedrum mearbhall a chur ar dhuine.  Tá a lorg fágtha ag athruithe ina shaol ar a chuid ceoil. (Tá sé tar éis titim i ngrá is aistriú go cathair nua, ó Bheirlín go Los Angeles).

Tá na drumaí go tiubh ina chuid ceoil i gcónaí ach tá cleasa sciobtha aige ó EDM agus cóta solais neon leagtha anuas aige ar a shaothar ná raibh chomh soiléir cheana.  N’fheadar an mbeadh an fonn ar dhuine éisteacht leis an albam ó thús deireadh chomh minic sin, ach ná bíodh aon drogall ort greim milis, mar atá sa phort seo, a bhaint as nuair a bhuaileann an teidhe tú.


Ceann ón gCartlann

Inspiral Carpets – This Is How It Feels

Chaitheas deireadh seachtaine i Manchain le gairid is chuas ar cuairt go dtí Salford Lads Club, áit ar tógadh an pictiúr cáiliúil de The Smiths atá le feiscint laistigh de chlúdach an albaim The Queen Is Dead.  Téann mórán daoine ar oilithreacht go dtí an foirgneamh céanna dá bharr.  Tharla go raibh Craig Gill, drumadóir ón mbanna Inspiral Carpets ann agus nuair a chonaic sé mé féin is mo ghrá geal ag útamáil leis an gceamara lasmuigh, is sinn ag iarraidh an uillinn chuí a aimsiú, thaispeáin sé dúinn an áit is fearr chun grianghraf a thógaint agus thóg sé pictiúir dínn.  Cúpla lá ina dhiaidh sin, gheiteas nuair a chuala gur cailleadh é, agus gan é ach 44 bliain d’aois.  Síocháin shíoraí leis.

– Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'