6 chúram roimh dhul faoin bpluid duit

Nuair nach bhfuil uait ach na salaí arda a chaitheamh díot agus titim isteach sa leaba, ná lig don chathú an ceann is fearr a fháil ort, is cuma cé chomh te agus teolaí a bhreathnaíonn do leaba!

Tharla sé dúinn ar fad; tagann tú abhaile mall san oíche – nó go deimhin luath ar maidin – tar éis oíche ag clubáil ar fud an bhaile mhóir agus tú tuirseach, traochta. Níl uait anois ach na salaí arda a chaitheamh díot, titim isteach sa leaba agus codladh go mbeidh sé amach sa lá nó go dtí nach ligfidh an náire duit fanacht sa leaba níos faide.

Ach sula ndéanfaidh tú sin, tá rud amháin a chaithfidh tú a dhéanamh – an smideadh a bhaint díot féin agus d’éadan a ghlanadh i gceart. Is minic go mbeadh cathú ar dhuine neamhaird a dhéanamh den riachtanas seo agus géilleadh don ghlór beag sin atá ag rá go mealltach i do chluas leat: “Ná bac leis an smideadh anocht – ní dhéanfaidh aon oíche amháin aon dochar duit!”

Is í an chomhairle chríonna a chuirfidh aon saineolaí ar chúram cnis ort ná go gcaithfidh tú gan ligean don chathú an ceann is fearr a fháil ort, is cuma cé chomh te agus teolaí a bhreathnaíonn do leaba!

An té nach ndéanann cúram ceart dá éadan a ghlanadh san oíche, is deacair dó a bheith ag súil le craiceann mhín bhog. Is mó seans go mbeidh ort dul ag déileáil le spotaí, zits mar a thugann na Meiriceánaigh orthu, nó go mbeidh paistí de chraiceann tirim nó olúil agat dá dheasca. Agus is cuma cé chomh maith nó chomh costasach agus atá an smideadh a chuirfidh tú ar do chraiceann le cuma na háilleachta a chur ort féin, b’fhearr duit i bhfad a bheith ag tosú le craiceann glan.

Seo chugaibh, mar sin, na sé cinn de chéimeanna a thugaim féin gach oíche sula dtéim faoin bpluid agus na táirgí is fearr atá aimsithe agam don chúram sin.

Uisce Micellar Garnier

Cé go mbreathnaíonn sé cosúil le gnáthuisce, tá draíocht éigin ann leis an smideadh a bhaint díot gan stró. Úsáideann tú é le peadanna cadáis agus tá sé sciobtha agus éifeachtach. Is féidir buidéal mór de Garnier Micellar Cleansing Water a fháil ar €4.19 i Boots nó i siopaí eile dá chineál.

1. Uisce Micellar Garnier

Oskia Renaissance Cleansing Gel

Anois agus an smideadh bainte díot is gá glantóir a úsáid. Ar ndóigh, is leis an gcéim seo a thosóidh tú mura raibh smideadh ort. Is deacair a bheith cinnte in amanna faoi na comhábhair a bhíonn i roinnt earraí cúraim cnis, glantóirí san áireamh. Tá riail amháin agam féin – go seachnaím aon rud a bhfuil ola mhianrach nó peitriliam ann. Tá sé deacair iad seo a sheachaint mar go minic úsáidtear iad i nglantóirí, go speisialta sna cinn is saoire. Ní dhéanann siad ach na piocháin a bhlocáil agus is olcas seachas maitheas a dhéanann siad don chraiceann. Oskia Renaissance Cleansing Gel atá ar fáil ó  cultbeauty.co.uk  ar £28 mo rogha féin. Geallaim duit go bhfágfaidh sé do chraiceann an-bhog go deo.

2.Oskia Renaissane Cleansing Gel

First Aid Beauty Facial Radiance Pads

Scamhadh nó exfoliation an chéad chéim eile. Níl i gceist anseo ach na cealla marbha i do chraiceann a ruaigeadh chun siúil. Is ceart tonóir aghaidhe nó tonóir aigéadach maith a roghnú don chúram seo in áit táirge a mbeadh sciúradh mar bhonn leis. Feictear dom féin gurbh iad na táirgí ina bhfuil aigéad gliocólach nó lachtach á úsáid iontu is fearr ach is é mo rogha phearsanta First Aid Beauty Facial Radiance Pads ó feelunique.co.uk ar €26.24.

3. First Aid Beauty Facial Radiance Pads

 

Ola Aghaidh Clarins Blue Orchid

Is í seo an chéim is mó a thaitníonn liom féin – táirge maith a úsáid mar ola aghaidhe. Tá ola nó séiream i bhfad níos éifeachtaí ná an gnáthmhaothóir mar go n-éiríonn leis sileadh nó súigh isteach go domhain i sraitheanna éagsúla an chraicinn. Tá Clarins Blue Orchid Facial Oil ar fheabhas ar fad. Tá leaganacha difriúla ar fáil do chineálacha éagsúla craicinn, is cuma ar tirim nó olúla is fearr a oireann duit. Tá sé costasach go leor ach ó tharla nach n-úsáidtear ach an beagán, maireann sé i bhfad. Tá sé ar fáil i gcógaslanna nó siopaí áilleachta ar €39.99.

4. Ola Aghaidh Clarins Blue Orchid

Maothóir Hydraluron

Fiú agus ola aghaidhe curtha in úsáid agat, níor mhiste maothóir deas a chur os a chionn. Tá ceann an-deas ar an margadh anois ó Indeed Labs atá an fheiliúnach d’aimsir an gheimhridh, tráth go mbíonn an baol ann go mbeadh do chraiceann an-tirim. Tá aigéad speisialta ar a dtugtar aigéad hyaluronic i Hydraluron Moisturiser Jelly atá ar fáil i Boots ar €19.99.

5. Maothóir Indeed Labs Hydraluron Moisture Jelly

Balsam Béil Nuxe Reve de Miel

Tá balsam béil an-tábhachtach ag an tráth seo bliana leis na liopaí a choinneáil bog. Tá Reve de Miel ó Nuxe chomh tiubh sin go mbeidh sé ort fós ar maidin. Arís, tá sé le fáil i gcógaslann ar fud na tíre ar timpeall €12.

Deir an seanfhocal nár cheart nós a dhéanamh nó a bhriseadh. Is cinnte gur nós maith é do chraiceann a ullmhú mar is ceart do chodladh na hoíche. Nós é sin go cinnte nár cheart a bhriseadh.

6.Balsam Béil Nuxe Reve de Miel

 

Fág freagra ar '6 chúram roimh dhul faoin bpluid duit'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Alán obair ansin, cad a dhéanfadh duine dá mbeadh a buachaill cara in aonacht léi agus fonn chraicinn air? Bheadh deireadh lena mhianta dá mbeadh sé ag fanacht comh fada sin.

    Tá sé chinn de smideadh I gceist, réiteach na faidhbe dár liomsa ná na sé chinn a chur le chéile i gceann amháin agus ansin ar aghaidh leis an spraoí in ionad leath oíche ós comhair an scátháin.