Sé bliana gearrtha ar fhear ó Ghaeltacht Thír Chonaill as ionsaí mígheanasach a dhéanamh ar dhéagóir

Ciontaíodh John Barrow, as Croithlí i nGaeltacht Thír Chonaill, as ionsaí mígheanasach a dhéanamh ar dhéagóir. Ciontaíodh Barrow roimhe seo as ionsaithe gnéis eile i nDún na nGall

Sé bliana gearrtha ar fhear ó Ghaeltacht Thír Chonaill as ionsaí mígheanasach a dhéanamh ar dhéagóir

Gearradh téarma príosúnachta sé bliana, agus an dá bhliain dheiridh ar fionraí, ar fhear Gaeltachta, John Barrow i gCúirt Chuarda Dhún na nGall inniu.

Ciontaíodh Barrow, as Croithlí i dTír Chonaill, in ionsaí mígheanasach a dhéanamh ar dhéagóir. Ciontaíodh Barrow roimhe seo in ionsaithe gnéis i nDún na nGall.

Dúradh i ráiteas tionchair íospartaigh a léadh sa chúirt gur mhothaigh an déagóir náirithe mar gheall ar an ionsaí agus gur amhlaidh dó fós. Dúradh nach raibh aon mhuinín aige as féin, gur bhraith sé níos sábháilte i measc grúpaí daoine, go mbíodh faitíos air i ndiaidh na scoile, go mbíonn tromluithe aige, agus gur thosaigh sé ag ól go trom mar gheall ar an ionsaí a rinneadh.

Dúradh gur mhaígh Barrow gur “rud nádúrtha” a bhí ar bun aige agus an t-ionsaí á dhéanamh aige.

Dúirt an té a ionsaíodh go bhfuil sé fós ag fulaingt agus é sna daichidí, de bharr an ionsaithe agus go mbuaileann taomanna scaoill é.

Shéan Barrow gur ionsaigh sé an fear, a bhí 14 ag an am, idir na blianta 1989 agus 1990. Dúirt an fear, nár theastaigh uaidh go n-ainmneofaí é, go ndeachaigh sé ag teach Barrow toisc go raibh spéis acu beirt i gcúrsaí eitlíochta agus go ndúirt Barrow go dtaispeánfadh sé irisí eitlíochta dó.

Mhaígh sé, áfach, gur chuir Barrow doras an tí faoi ghlas agus gur ionsaigh sé é i ndiaidh dó irisí pornagrafaíochta a thaispeáint dó ina sheomra codlata. Dúirt sé freisin gur úsáideadh coinneal agus folúsghlantóir le linn an ionsaithe.

Shéan Barrow líomhaintí an fhir.

Gearradh téarma príosúnachta dhá bhliain ar Barrow in 2015 as dhá chúis ionsaithe mígheanasacha a dhéanamh ar bhuachaill óg i samhradh 1984. Rinne sé na hionsaithe agus é amuigh ar loch i nDún na nGall agus ina theach féin nuair a bhí an gasúr deich mbliana d’aois.

Fág freagra ar 'Sé bliana gearrtha ar fhear ó Ghaeltacht Thír Chonaill as ionsaí mígheanasach a dhéanamh ar dhéagóir'