53% den tuairim gur cheart ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge ar scoil — suirbhé Amárach do RTÉ

Pléadh ceist na Gaeilge ar eagrán na seachtaine seo de ‘Claire Byrne Live’ ar RTÉ One anocht agus fógraíodh torthaí suirbhé faoin nGaeilge le linn an chláir

53% den tuairim gur cheart ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge ar scoil — suirbhé Amárach do RTÉ

Tá 53% den phobal den tuairim go mba cheart ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge i scoileanna an stáit, de réir pobalbhreith nua a rinne an comhlacht Amárach don chlár Claire Byrne Live ar RTÉ One.

Pléadh ceist na Gaeilge ar eagrán na seachtaine seo den chlár cúrsaí reatha a craoladh anocht. Bhí an craoltóir Bláthnaid Ní Chofaigh agus Eoin Butler, a tharraing conspóid anuraidh lena fhíseán faoi chás na teanga An Bhfuil Cead Agam?, i mbun díospóireachta faoina bhfuil i ndán don teanga agus an costas a “bhaineann léi”.

Mar chuid den phobalbhreith Amárach a rinneadh don chlár, fiafraíodh ‘ar cheart go mbeadh rogha ann maidir le foghlaim na Gaeilge ar scoil?’

Dúirt 53% den 1,000 duine a ghlac páirt sa suirbhé gur cheart ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge. Dúirt 42% nár cheart a leithéid a dhéanamh agus thug 5% le fios nach raibh aon tuairim acu faoin scéal.

Níl torthaí an tsuirbhé seo ag teacht le suirbhéanna eile faoin nGaeilge sa chóras oideachais. Mar shampla, léirigh suirbhé a rinne an comhlacht Millward Brown do Tuairisc.ie in 2014 gur chreid 55% den phobal nár cheart aon athrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge mar ábhar ‘éigeantach’ don Ardteist.

Ní raibh ach 34% díobh siúd a ghlac páirt i bpobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist.

Labhair baill den lucht féachana ar son na Gaeilge éigeantaí agus ina coinne, ina measc Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn agus Aodhán Ó Deá, stiúrthóir forbartha an Chonartha.

Fág freagra ar '53% den tuairim gur cheart ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge ar scoil — suirbhé Amárach do RTÉ'

  • Manus

    “Survival of the Irish Language” an téama a chuir Claire B os comhair an lucht féachana ach is “Compulsory Irish” an téama a pléadh. Driobaillín suarach eile de leatmhacnamh le RTE faoin teanga náisiúnta. Rinne Keelin Shanley ceann cúpla bhliain ó shoin a bhí uafásach neamheolach timpeall Lá le Pádraig.

  • Lillis Ó Laoire

    Tá an chumainn ar an daonáireamh agus ar chomharthaí eile go mbeidh deireadh léi gan mhoill. “Ní dhéanfaidh mise é,” arsa an t-asal.