Cad iad na radharcanna cogaíochta is fearr riamh? (nod – tá an FCA ar an liosta dhá bhabhta)

Agus é fós ag iarraidh breith ar a anáil i ndiaidh ‘Cogadh na mBastairtí’ ar Game of Thrones, roghnaíonn ár léirmheastóir na radharcanna cogaíochta is fearr riamh

Braveheart Mel Gibson

Tá cad é bús faoin gcath taibhsiúil a bhí sa ghála leathdheireanach de Game of Thrones, Battle of the Bastards. Comparáidí á rianú le Saving Private Ryan, comparáid a dhéantar go minic nuair a bhíonn radharcanna maithe cogaíochta idir chamáin. Cad iad na radharcanna cogaíochta is fearr riamh mar sin agus cá bhfuil Cogadh na mBastairtí le háireamh? Nod – Tá an FCA ar an liosta dhá bhabhta.

10. The Gangs of New York – Natives v The Dead Rabbits

Bhí go leor lochtanna ar an táirge uaillmhianach seo ó Martin Scorsese, ach ní raibh an cath tosaigh ar cheann acu. N’fhéadfadh a bheith agus triúr de na haisteoirí fireanna is ansa liom (Daniel Day-Lewis, Liam Neeson agus Brendan Gleeson) os cionn a mbuille. Suan na muice bradaí cothaithe ón tús. Foréigean gléineach ar láthair iontach i scannán a chuaigh ar bóiléagar ina dhiaidh sin.

9. The Patriot

An chéad táirge de chuid Mel Gibson ar an liosta. Ach oiread le scannáin eile ar an liosta bhí cúpla cath cuidsúlach anseo ach sé an chéad cheann, ina ndéanann carachtar Gibson agus a beirt mhac óg luíochán ar bhuíon Sasanach, foréigneach agus snasta. Gibson iontach i mbun troda, mar is dual dó agus ba gheall le carachtar ann féin é a thua.

8. Zulu

An táirge is sine ar an liosta. Tuairim is 150 saighdiúir Sasanach ag tabhairt aghaidh ar thuairim is 4,000 saighdiúir Zulu. Cé go bhfuil breis is caoga bliain gafa tharainn ó shin ó cuireadh Cogadh Rorke’s Drift os ár gcomhair tá sé fós ar cheann de na radharcanna cogaíochta is snasta, agus go deimhin is faide, a cuireadh ar scáileán. Buaileam sciath ag baint leis an táirge óir gur deineadh gaisce an 150 saighdiúir Sasanach a mhóradh agus deineadh beagán de bhua iontach na Zulu ag Isandlwana roimhe sin. Bíodh sin mar atá, earcaíodh breis agus 700 Zulu (cuid mhaith acu gaolta leo siúd a bhí sa chogadh) mar aisteoirí breise. 

7. Last of the Mohicans 

An darna saothar le Daniel Day-Lewis atá ar an liosta. Is é an an t-aisteoir is cumasaí atá beo agus aisteoir gur féidir leis radharcanna aicsin a sholáthar chomh maith leis an té is fearr acu. Táirge iontach é seo ón gceardaí Michael Mann nach bhfuair an t-aitheantas a bhí dlite dó. Trí chogadh iontacha anseo ach sé an chéad cheann acu, an luíochán, an ceann is ansa liom féin

Comparáidí le rianú leis an radharc as The Patriot. Fíochmhar, réalaíoch agus ealaíonta ar shlí ait éigin. É sin ar fad agus an laoch beagfhoclach, tarraingteach curtha os ár gcomhair go paiteanta.

6. Braveheart Cogadh Stirling

Braveheart Play

An chéad táirge de chuid an FCA ar an liosta. Cé go bhfuil aois tagtha ar tháirge Mel Gibson (a chroch leis cúig dhuais Oscar) agus gur féidir cuid de leábharaicí an FCA a fheiscint ag lapadaíl ar chúl, maireann fíochmhaireacht na cogaíochta go dtí an lá atá inniu ann. Sampla eile den tslí gur fearr na hacmhainní daonna ná na hacmhainní digiteacha agus ba láthair iontach é an Currach. É sin ar fad gan trácht ar óráid spreagúil Mel Gibson.

5. Gladiator – An Cogadh i Germania

“A my signal, unleash hell,” a deir Maximus Decimus Meridius ag tús an scannáin. Do mhórán, ba é an cogadh a lean buaicphointe tháirge Ridley Scott. Cé go raibh radharcanna snasta sa Colosseum beireann an réalachas agus pluda an barr bua orthu. Is máistir cogaíochta é Scott óir sholáthraigh sé radharcanna taibhsiúla in Robin Hood, Kingdom of Heaven agus Black Hawk Down.

Ba é an radharc seo a dhein piarda mór de Russell Crowe agus chroch an táirge cúig dhuais Oscar leis. ‘What we do in life echoes in eternity’ ambaiste.

4. Apocalypse Now  – Ride of the Valkyries

Ceann de na radharcanna cogaíochta is aitheanta i stair na scannánaíochta, agus é ag teacht ó shaothar frithchogaidh.

Sé an meascán d’fhís agus ceol an tréith is suntasaí de radharc

Francis Ford Coppola. Sé ceol Wagner, atá anois ceangailte go dlúth leis an radharc, a thugann ainm don mhír. Na haerárthaigh gunnaí ag gluaiseacht mar aonad. Scrios agus ár á dhéanamh ar bhaile beag a bhí measta a bheith ina bhunáit ag an Vietcong. Mná agus leanaí á marú as éadan. Ní hionadh go bhfuil cuma an iontais agus na halltachta ar Mhartin Sheen óg.

3. Star Wars: A New Hope – An t-ionsaí ar an Death Star

Nach mór daichead bliain caite ó tháinig an chéad ghála de Star Wars os ár gcomhair (an ceathrú ceann go croineolaíoch). Tá raidhse roghanna ann maidir le cogaí sna seacht scannán atá sa chnuasach go dtí seo. Caithfear tús áite a thabhairt don ionsaí ar an Death Star. Tugtar sinn isteach i gcábán an phíolóta agus sinn taobh le Luke Skywalker agus gach cor is casadh á chur de aige. Feictear Skywalker ag teacht in inmhe agus an Fórsa ag déanamh gaisce.

2. Lord of the Rings: The Two Towers – Cogadh Helms Deep

Mhaífeadh an-chuid daoine, agus smut den cheart acu, gurb é Cogadh Pelennor Fields ón tríú gála ba cheart a bheith anseo. Ní fhéadfainn gan a réamhtheachtaí ó ghála a dó a lua. Sin an chéad uair go bhfacamar arm ollmhór an Urak Hai faoi lán seoil. Meascán ceannródaíoch de  mhaisiúcháin dhigiteacha, aisteoirí breise, frapaí agus cultacha. An chomhghuaillíocht idir na laochra ag teacht in inmhe agus réalachas thar na bearta i gcogadh a bhí báite i bhfantaisíocht.

1. Saving Private Ryan – Ag teacht i dtír ar thrá Omaha sa Normainn

An bas orthu ar fad go dtí an lá atá inniu ann. Réalachas agus foréigean ná facthas riamh roimhe sin agus nár sáraíodh go dtí an lá atá inniu ann cé go bhfuil ocht mbliana déag gafa tharainn ó bhí Tom Hanks i Loch Garman.  An FCA earcaithe arís le maisiúcháin dhaonna seachas cinn dhigiteacha a sholáthar. 20 nóimint ar fhad agus an pointe féachana lárnach mar uirlis scannánaíochta. Bhí scéalta coitianta ag an am gur bhain réalachas na míre siar as iarshaighdiúirí de chuid an chogaidh agus gurbh éigean de chuid acu an phictiúrlann a fhágaint. Cloch mhíle scannánaíochta.

Fág freagra ar 'Cad iad na radharcanna cogaíochta is fearr riamh? (nod – tá an FCA ar an liosta dhá bhabhta)'