500 oiread éilimh ar sheirbhísí cúirte i dteangacha eile is a bhí ar an nGaeilge

Cuireadh seirbhís atheangaireachta ar fáil do 1,781 cás Polainnise i gcúirteanna na tíre seo anuraidh ach gan ach 14 cás i gceist i nGaeilge

Four_Courts,_Dublin,_Ireland

Bhí a laghad iarratas ar sheirbhísí ateangaireachta Gaeilge sna cúirteanna anuraidh is nárbh fhiú leis an tSeirbhís Cuirteanna cuntas a choinneáil ar an gcostas a bhain leo. Urlabhraí na Seirbhíse Cúirteanna a thug an méid sin le fios do Tuairisc.ie.

Léiríonn na figiúirí atá curtha ar fáil gur 14 iarratas a rinneadh ar ateangaireacht Ghaeilge ach go ndearnadh 7,440 iarratas le haghaidh teangacha eile.

Is ionann sin agus 500 oiread éilimh ar sheirbhísí i dteangacha eile ná mar a rinneadh i gcás na Gaeilge. I bhfocail eile, b’ionann an t-éileamh ar sheirbhísí ateangaireachta Gaeilge agus an cúigiú cuid de 1% nó 0.18%.

Do gach cás a éisteadh as Gaeilge, bhí 153 cás a éisteadh as Polainnis. Go deimhin, ba í an Pholainis an teanga ba mhó ar theastaigh seirbhís ateangaireachta lena haghaidh. Ba ionann an tseirbhís sin a chur ar fáil as Polainnis agus 1,781 (28%) de na cásanna ar fad.

Éisteadh méid áirithe cásanna trí Ghaeilge le linn na bliana agus sna cásanna sin, ní bheadh aon ghá le hateangaire ó tharla Gaeilge a bheith ag an mBreitheamh, na foirne dlí agus na páirtithe a bhí i láthair na cúirte.

Tar éis na Polainnise, ba iad an Rómáinis (18.3%), an Liotuáinis (14.8%) agus an Rúisis (9.9%) is mó a raibh éileamh orthu.

I measc na dteangacha eile ar theastaigh seirbhís ateangaireachta faoina gcomhair in 2014, bhí an Iarúibis, an tSeabúánis agus an Tagálaigis.

Fág freagra ar '500 oiread éilimh ar sheirbhísí cúirte i dteangacha eile is a bhí ar an nGaeilge'

  • Diarmuid Ó Mathúna

    Is léir nach mbíonn na Gaeil sa chúirt go ró-mhinic :-D