50 marbh i sléacht i gclub oíche i Florida Mheiriceá

An gunnadóir féin i measc na marbh san eachtra 'sceimhlitheoireachta baile' is measa go dtí seo i Meiriceá

pulse-orlando-shooting-001

Tá sé deimhnithe ag na húdaráis i Meiriceá gur maraíodh 50 duine agus gur gortaíodh 53 duine eile in ionsaí a rinne gunnadóir aonair i gclub oíche in Orlando, Florida go luath maidin inniu. 

Seo an sléacht is measa a tharla riamh de bharr gunnadóir aghaidh a thabhairt ar bhaill den ghnáthphobal i Meiriceá.

I gclub oíche Pulse, lárionad aitheanta don phobal aerach, in Orlando a tharla an scrios. Tá staid éigeandála fógartha ag na húdaráis sa chathair anois. 

Maraíodh an t-ionsaitheoir féin – Omar Saddiiqui Mateen (29) as Fort Pierce, 120 míle as Orlando –  nuair a bhris póilíní isteach sa gclub oíche agus é ag scaoileadh piléir le gialla a bhí gafa ansin aige. 

Dúirt urlabhraí na bpóilíní gur thug an gunnadóir faoin ionsaí ar bhealach eagraithe agus rogha airm agus armlóin ina sheilbh.

Níl aon eolas ag an tráth seo an raibh aon Éireannach i measc na ndaoine a maraíodh nó a gortaíodh.

Naonúr póilíní a chuaigh i ngleic leis an ionsaitheoir agus gortaíodh duine acu nuair a bhuail piléar sa tsúil é.

“Sceimhlitheoireacht bhaile” a bhí i gceist san eachtra, a dúirt urlabhraí na bpóilíní. 

Fág freagra ar '50 marbh i sléacht i gclub oíche i Florida Mheiriceá'