50 cás cúirte curtha siar i nDún na nGall mar gheall ar cheist na Gaeilge i dtorthaí tástála anála

Is cosúil go bhfuil cásanna cúirte a bhaineann le tiomáint faoi thionchar an óil fós á gcur siar mar gheall ar cheist na Gaeilge i dtorthaí tástála anála

50 cás cúirte curtha siar i nDún na nGall mar gheall ar cheist na Gaeilge i dtorthaí tástála anála

Tuairiscítear go bhfuil nach mór 50 cás a bhaineann le tiomáint faoi thionchar an óil curtha siar i nDún na nGall mar gheall ar cheist na Gaeilge i dtorthaí tástála anála.

Tá moill curtha le 24 cás i gCúirt Dúiche an Chairn i nDún na nGall fad is atáthar ag fanacht ar thoradh achomhairc faoi chinneadh cúirte.

Cuireadh ar ceal sa Chúirt Achomhairc i mBealtaine na bliana seo rialú go raibh torthaí tástála anála, a rinneadh ar thiománaithe, neamhbhailí toisc nár chuir na Gardaí cáipéis i nGaeilge agus i mBéarla araon ar fáil do na tiománaithe a bhí i gceist.

Is cosúil, áfach, go bhfuil cásanna fós á gcur siar mar gheall ar cheist na Gaeilge sna torthaí tástála anála.

De réir tuairisce ar an Inishowen Independent, cuireadh 24 cás i gcúirt an Chairn siar go dtí an 17 Eanáir chun go mbeadh deis ag an Ard-Chúirt an scéal a bhreithniú.

Tuairiscítear go bhféadfadh an líon céanna cásanna a bheith curtha siar i gCúirt Dúiche Bhun Cranncha ar an gcúis chéanna.

Ba é cás Mihai Avadenei, fear ar stop na Gardaí é agus amhras orthu go raibh sé ag tiomáint faoi thionchar an óil, a chuir tús leis an gconspóid faoi na torthaí tástála anála.

I mBéarla amháin a eisíodh na torthaí tástála anála a rinneadh ar Avadenei i stáisiún Shráid an Stórais i mBaile Átha Cliath.

Thug abhcóidí Avadenei dúshlán dlí i mí Iúil 2014 de bharr nár cuireadh leagan Gaeilge de na torthaí ar fáil, faoi mar atá sonraithe i rialacháin faoin Acht Tráchta.

Dúirt an Breitheamh Séamus Noonan nach seasfadh na torthaí mar fhianaise sa chúirt agus nárbh fhéidir glacadh leo.

Caitheadh amach an cás dá bharr.

I ndiaidh an bhreithiúnais sin, thug an tAire Iompair, Paschal Donohoe reachtaíocht éigeandála isteach a d’fhág gur féidir torthaí tástála anála a eisiúint i nGaeilge nó i mBéarla.

Meastar gur cuireadh moill le héisteacht ar a laghad 1,400 cás a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil fad is a bhí achomharc á dhéanamh ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

I mí Bealtaine, dúirt saineolaithe dlí agus gníomhaithe teanga gur údar imní é breith na Cúirte Achomhairc fad is a bhaineann sé le seasamh na Gaeilge sa dlí.

Dúirt an t-aturnae Antain Delap, mar shampla, go raibh an chosúlacht ar bhreith na cúirte faoi na torthaí tástála anála go bhfuiltear ag rá “gur leor an Béarla mar go bhfuil Béarla ag achan duine”.

Fág freagra ar '50 cás cúirte curtha siar i nDún na nGall mar gheall ar cheist na Gaeilge i dtorthaí tástála anála'