5 rud a d’fhoghlaimíomar ó thoghchán California

TUAIRISC Ó MHEIRICEÁ: Cibé tuairimí pearsanta atá agat faoi pholasaithe Clinton, ní féidir a shéanadh ach go bhfuil éacht stairiúil agus tábhachtach déanta aici

Bernie-sanders-franklin-nh-20150802-DSC02607_(19619885364)

Tá an chosúlacht ar an scéal gurb í Hilary Clinton a bheidh ina hiarrthóir don Pháirtí Daonlathach tar éis di toghcháin thosaigh a thabhairt léi in New Jersey, New Mexico, agus South Dakota.

Is í an chéad bhean le hainmniúchán Uachtaránachta a bhaint amach d’aon cheann de na príomhpháirtithe polaitíochta sna Stáit Aontaithe, éacht tábhachtach i stair na tíre agus stair an domhain.

Tá an feachtas crua do na toghcháin thosaigh nach mór curtha i gcrích anois agus níl ach an t-aon toghchán amháin eile fágtha i District of Columbia an tseachtain seo chugainn ach céard iad na rudaí is tábhachtaí a tharla sna babhtaí deireanacha Dé Máirt agus céard a thitfidh amach sa chéad chúpla lá eile?

1. Is toghchán stairiúil é seo

Cibé tuairimí pearsanta atá agat faoi pholasaithe Clinton, ní féidir a shéanadh ach go bhfuil éacht stairiúil agus tábhachtach déanta aici.

In imeacht breis agus 200 bliain, ní raibh aon bhean riamh ina hiarrthóir Uachtaránachta ag príomhpháirtí polaitíochta i SAM agus cé gur baineadh roinnt den aird di oíche Dé Luain nuair a d’fhógair Associated Press roimh am go bhfuil sé ionann is cinnte gurb í an t-iarrthóir a bheidh ag na Daonlathaigh, labhair sí go bródúil oíche Dé Máirt faoina gaisce. D’fhoilsigh sí físeán nua an oíche chéanna inar cuireadh béim ar dhul chun cinn na mban i stair na tíre.

Beag beann ar a dtarlóidh amach anseo, is údar bróid é sin agus seans go mbeidh Clinton in ann é a úsáid le roinnt de lucht tacaíochta Sanders a mhealladh chuig a feachtas féin.

2. Obama agus feachtas Sanders

In ainneoin an sprioc 2,383 toscaire a bheith bainte amach ag Clinton go teoiriciúil – ní bheidh an toradh go hiomlán cinnte go dtí go mbeidh comhdháil an pháirtí ar siúil ag deireadh mhí Iúil.

Dúirt an t-aon iomaitheoir eile, Bernie Sanders, go mbeidh sé ag leanúint ar aghaidh lena chuid feachtasaíochta go dtí aimsir na Comhdhála agus é fós cinnte go bhféadfadh sé tuilleadh tacaíochta a chothú dó féin i measc na n-olltoscairí.

Tá tuairiscí ann, áfach, go mbeidh an Seanadóir ó Vermont ag fáil réidh le leath dá fhoireann feachtasaíochta go luath agus príomhfhostaithe ag rá le Politico gurb é féin amháin, gan aon chomhairle uathu, a rinne na cinntí móra gan deireadh a chur leis an bhfeachtas. Mar a tharlaíonn, beidh Sanders ag casadh leis an Uachtarán Obama inniu, Déardaoin.

An amhlaidh go bhfuil plé ar siúil eatarthu go n-éireoidh Sanders as an iomaíocht ionas gur féidir le Clinton díriú ar a feachtas i gcoinne Trump agus i gcoinne na bPoblachtach?

3. Níl ann ach tús an chatha do Clinton

Bhí Sanders i bhfad níos láidre mar iomaitheoir ná mar a mheas Clinton agus a foireann ag tús an phróisis seo ach anois, chomh maith le bheith ag dul in iomaíocht le Trump agus ‘Make America Great Again’, tá scoilt sa pháirtí Daonlathach féin.

Tá fadhb mhór ag Clinton má bhíonn sí ag brath ar vótaí ó thacadóirí Sanders, níl aon mheas acu uirthi agus níl aon mhuinín acu aisti agus is cinnte nach gcaithfidh siad vóta ar a son.

D’fhógair Trump aréir go mbeadh lánfháilte roimh thacadóirí Sanders ina champa féin, más sin is mian leo. Ar bhealach is mó an chosúlacht idir lucht leanúna Trump agus Sanders ná idir lucht leanúna Sanders agus Clinton.

Is dream iad lucht leanúna Trump agus Sanders atá go hiomlán míshásta le cúrsaí mar atá, agus dream iad a bhfuil fearg orthu faoi chúrsaí polaitíochta. Mura dtaispeánann Clinton go bhfuil an cumas inti athruithe, mar atá geallta ag Trump agus Sanders, a chur i gcrích, beidh tuilleadh ratha ar an mbilliúnaí Poblachtach.

4. Bíodh trua againn do lucht vótála California agus na cúig Stát eile

Fiú sula raibh deis ag na sé Stát vóta a chaitheamh sa toghchán Daonlathach Dé Máirt bhí an cinneadh nach mór déanta ar a son.

Ba mheasa an scéal do lucht vótála Poblachtacha na tíre agus an chuma ar an scéal le mí anuas gurb é Trump a bheadh ina iarrthóir acu agus gan a vóta caite fós ag mórán Stát.

Cé go bhfuil gach seans ann go mbeadh an toradh céanna ann i gcás an dá pháirtí fiú dá mbeadh cur chuige eile in úsáid don chóras vótála, cén dearcadh a bheidh ag na vótálaithe seo maidir le tábhacht an vóta má bhraitheann siad nach bhfuil tionchar ar bith acu ar chúrsaí.

D’fhéadfaí a rá ar son Trump (agus ní mór a d’fhéadfaí a rá ar son an fhir chéanna), go bhfuil sé féin agus Sanders tar éis aird an phobail a tharraingt ar fhadhbanna sa chóras vótála seo.

5. Tionchar na meán…

Agus muid ag labhairt faoi na hiarrthóirí, an raibh aon tionchar ag scéal an Associated Press a foilsíodh Dé Luain ar chúrsaí vótála? 

Cé go raibh sé thoghchán ar siúl Dé Máirt, d’fhógair na meáin oíche Dé Luain go raibh an t-ainmniúchán faighte ag Clinton sula ndeachaigh siad chun vótála, fógra a chuir fearg ar Sanders agus ar a lucht tacaíochta go háirithe.

Cé go raibh tuairisc ag an LA Times ag rá gur vótáil an chuid is mó de dhaoine in ainneoin an easpa tionchair a bhí acu de réir scéalta na meán, an mbeidh tábhacht ar leith leis na tuairiscí sin fós? An gceapfaidh lucht tacaíochta Sanders go raibh Clinton rómhuiníneach, nó an ndéanfaidh siad gearán eile go bhfuil an córas claonta ina leith?

Fág freagra ar '5 rud a d’fhoghlaimíomar ó thoghchán California'