5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin cúig cinn d’amhráin atá á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

John T. Gast – White Noise/Dys

Ní mór an aithne a bhí ag daoine ar cheol John T. Gast go dtí seo, lasmuigh don méid a bhí cumtha aige sa stiúideó i dteannta Dean Blunt is Inga Copeland ón ngrúpa Hype Williams.  Le gairid, más ea, d’eisigh sé a chéad albam ceart aonair Excerpts do lipéad Planet Mu.

Seo é buaicphointe an albaim, dar liom. Cuireann an tús luathshaothair The Cinematic Orchestra, is an saghas ceoil a bhíodh á eisiúint ag lipéad Ninja Tune ag deireadh na nochaidí, i gcuimhne dom, ach leath bealaigh tríd, tarlaíonn casadh saoithiúil is imíonn an port ar aistear teibí gan choinne.

Kodiak – Taargus

Uaireanta nuair a bhíonn léiritheoirí sa stiúideó, buaileann tonn samhlaíochta iad is ní bhíonn siad i bhfad ag cumadh saothar nua.  Ach chaith Jamie is Mark ón grúpa Kodiak dhá bhliain ag obair ar an bport áirithe seo.  Más fíor na scéalta, ní mór ná gur scrios sé aon chairdeas a bhí eatarthu.  Agus an rún san scaoilte agam, ní dócha go mbeidh rinceoirí ag machnamh ar an gcaidreamh idir na cumadóirí is iad ag scaoileadh na maidí ráimhe le sruth sa chlub ag an deireadh seachtaine. Is é @3DPerson a chruthaigh an físéan cumhachtach, ildaite seo.

Dasha Rush – Sail Away To Her

Go dtí seo, tá aithne ar Dasha Rush as rianta dorcha techno a eisiúint, ach ar a halbam úr Sleepstep: Sonar Poems For My Sleepless Friends, tugann sí ar aistear ceoil éagsúil ar fad sinn.  Díríonn na sé rian d’éag atá ar an albam ar an bpointe ina dtosnaíonn coladh ag titim ar dhuine, nuair a thosnaíonn na chéad bhrionglóidí ag preabadh ar theilgeor na samhlaíochta aige.

Tá macallaí do cheol Pole, Tangerine Dream is fiú saothar na Cocteau Twins ó na hochtóidí luaithe le clos sa phort taibhsiúil seo.

Wax Stag – The Greatest Grace

Roinnt seachtainí ó shin, luas athmheascán a dhein Bibio do shingil Wax Stag i measc phoirt na seachtaine sa cholún seo.  Tá dara halbam an léiritheora Rob Lee (sin é Wax Stag) ar fáil anois agus thar aon phort eile ar an saothar II, is é seo an ceann is mó atá im’ chur faoi gheasa.  Cuireann fuaimeanna na sintéisirí leithéidí Plaid is Boards Of Canada i gcuimhne dom, gan trácht ar an stíl reitreo-ceoil leictreonach, tuaithe atá mar bhonn leis na ceirníní a eisíonn lipéad Ghost Box.

Raumakustik – Raider

Mar dhioscmharcach, bím de shíor ag faire amach don phort fíochmhar ar leith le casadh chun an club a thiomáint le gealaigh ag an bpointe cuí den deireadh seachtaine.  Is mó port maith a eisítear ó sheachtain go seachtain a chuirfidh na cromáin ag luascadh, ach is annamh a thagann port nua id threo atá cruithaithe chun an oiread daoine agus is féidir a thiomáint bán ar fad.  Is dóigh liom gurb é an chúis go n-éiríonn leis an port seo an bheart a dhéanamh ná go nascann sé gnéithe den cheol house leis an gceol techno.  Tagann fuinneamh an phoirt ó na sintiséirí techno ach cinntíonn na drumaí, go háirithe na cloig bhó, nach mbeidh rinceoirí nach dtaitníonn techno leo coimhthithe ná scoite óna suáilcí.

Ceann ón gCartlann

Frankie Valli & The Four Seasons – The Night

Tá amhráin ann ná raghaidh i léig choíche agus áirím seo ar cheann acu. Ní mór na daoine a thóg ceann dó nuair a tháinig sé amach ar dtúis sa bhlian 1972 ach nuair a thosnaigh dioscmharcaigh á chasadh go rialta ag oícheanta ceoil sa Wigan Casino cúpla bliain ina dhiaidh sin, ní fada gur scaip clú an cheirnín ar fud an domhain mhóir. Tá rian na foirfeachta ar an amhrán, idir an dord mealltach, na drumaí ramhra is na liricí a thugann rabhadh do do ghrá geal a bheith aireach faoi fhear eile go bhfuil sí i ngrá leis: ‘seachain fear séidte na hadhairce’ an teachtaireacht.

– Cuireann Cian Ó Cíobháin an clár An Taobh Tuathail i láthair ar RTE RnaG gach Luan go hAoine, 22.00 – 00.00