5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

5 amhrán ón taobh tuathail…

Laurel Halo – Jelly

Tá Laurel Halo, ó Ann Arbor, Michigan ó dhúchas ar cheann de na cumadóirí ceoil is cumasaí dá bhfuil ann.  N’fheadar aon duine cén stíl ceoil a bheidh faoi chaibidil aici ó albam go halbam.  Bhí gnéithe den snagcheol le clos cniotáilte le teicneo ar a halbam Chance Of Rain sa bhliain 2013, ach ba phop-amhráin aisteacha – dála Arthur Russell fadó – is mó a bhí le clos ar a céad albam Quarantine a tháinig amach an bhliain roimhe sin.

Ar a fadcheirnín nua Dust, cé go bhfuil an stíl níos cóngaraí don cheol a bhí le clos ar a début, tá neart ceoltóirí is amhránaithe eile le clos ina teannta ar an saothar seo den chéad uair.  Ar an gcéad chúpla éisteacht, is é ‘Jelly’ a sheasann amach, áit a bhfuil glór Klein (amhránaí R&B ó Londain) is guth Lafawndah ó Brooklyn le clos ag amhrán i dteannta Laurel (ní raibh a guth le clos in aon chor ar a halbam deireanach), anuas ar bhuillí atá cruthaithe ag Eli Keszler.   Fágaimis an focal scoir ag an bhfíseán foclach seo, cruthaithe ag Bureau Borsche.

Konx-Om-Pax – Cascada

Is dearthóir é Tom Scholefield a bhfuil cáil air as na físeáin cheoil a chruthaigh sé do leithéidí Jamie Lidell is Warp le linn dó a bheith ag freastal ar ollscoil ealaíne i nGlaschú. Baineann sé leas as dathanna neon agus dathanna a shamhlófá le scannáin Sci-Fi ó na hochtóidí ina chuid saothar agus tá lipéid mar Hyperdub, Brainfeeder is DFA tar éis leas a bhaint as a chuid oibre.   Éist go cúramach leis na rianta uilig atá le clos ar a shaothar úr, Refresher EP, ar Planet Mu agus cloisfidh tú na foinsí éagsúla seo á nochtadh féin.  

Bhí baint aige le hoícheanta ceoil a chur i láthair i gClub 69 Paisley na cathrach, áit a mbíodh leithéidí Autechre agus Squarepusher ag casadh.  Níl aon dabht ach go bhfuil macallaí de rithimí na gceoltóirí sin le clos ina chuid ceoil freisin.  Port é ‘Cascada’ a cruthaíodh do raveanna an tsamhraidh: cicdhrumaí troma ag tiomáint foinn ná beadh as áit ar phort Italo-disco – trom agus éadrom in éineacht.

Toro Y Moi – Girl Like You

Níos luaithe i mbliana d’eisigh Toro Y Moi albam snagcheoil i dteannta Jared agus Jonathan Mattson, faoin ainm Toro y Moi & the Mattson 2.  Caithfidh mé a admháil ná rabhas róthógtha leis.

Dar leis an bpreasráiteas atá ceangailte leis an eisiúint seo, bhí an cumadóir seo suaite le gairid agus spreag seo é cluas a thabhairt le héisteacht do cheol aimbiach nó ceol ina bhfuil ‘spás’ le mothú ann.  Ar chuid den dream a raibh sé ag éisteacht leo, bhí leithéidí Gigi Masin, Daft Punk, Oneohtrix Point Never agus Kashif.  Bhí súil aige spás a chruthú ina chuid ceoil, agus bhí súil aige leis ar cheirnín tarraingteach popcheoil a chumadh.

Seo an chéad singil óna albam úr Boo Boo agus, sea, níl aon dabht ach go bhfuil popamhrán mealltach cumtha aige.  Is breá liom na míreanna ceoil aimbiacha atá le clos ag tús agus deireadh an amhráin.

Jesu / Sun Kil Moon – You Are Me & I Am You

Bhí Justin Broadrick sa bhanna Godflesh uair, ach ó 2003 ar aghaidh tá sé i mbun ceoil leis an mbanna Jesu. Maidir le scéal Mark Kozelek, thosnaigh sé amach faoin ainm Sun Kil Moon sa bhliain 2002 tar éis dó na blianta a chaitheamh ag eisiúint ceirníní leis an mbanna Red House Painters.

Anois, an dara huair le bliain anuas, tá Jesu agus Sun Kil Moon tagtha le chéile chun albam úr a chumadh.  30 Seconds To The Decline Of Planet Earth an teideal atá air.  ‘Sé Justin a chum an ceol is Mark a scríobh is a chanann na focail.  

Seo amhrán mar gheall ar chaidreamh Mark lena athair is é ag machnamh ar cé chomh cosúil lena chéile is atáid:

‘You called me once and you said you were feeling blue/ And you asked me do I ever feel like that too/ I said – yeah many shades of it since I was two’.

Ceann ón gCartlann

Michele Mercure – Proteus and the Marlin

Sa bhliain 1986, d’eisigh an cumadóir seo albam ar leith Eye Chant faoi sloinne a céile [Michele] Musser.  Bhí meascán aisteach d’fhuaimeanna éagsúla le clos air – ceol aimbiach, ceol leictreonach, snagcheol, ceol fáiscthe as sintéiseoirí is ceol na bhfaoileán.  Anois den chéad uair ó shin, is féidir teacht ar an albam iontach seo a bhí imithe ó chuimhne agus é eisithe aici faoina hainm féin Michele Mercure ar lipéad nuabhunaithe Pete Swanson Freedom To Spend.  Seo é do dhoras, buail is osclófar.

– Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'