5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

5 amhrán ón taobh tuathail…

Actress – X22RME

D’fhógair an léiritheoir ceoil Actress le gairid go mbeadh a albam úr AZD ar fáil go luath, rud a chuir sceitimíní ar a lucht leanta a cheap go raibh sé éirithe as a bheith ag eisiúint ceoil.  Tá na gnéithe uile  anseo a mheall sinn ina threo ó tháinig sé ar an bhfód ar dtús: rithim aduain techno mar bhonn leis an bport ach fuaimeanna ‘as a riocht’ sníofa tríd, idir fhuaim olagónach na sintéiseoirí, an dord ag plobarnach agus teachtaireacht dhiamhair ag ceann scríbe, an chaint ábhairín doiléir mar go gcloisimid daoine ag labhairt i dteanga eachtrannach ag an am céanna.  


The Feelies – In Between

Tá an grúpa The Feelies ó New Jersey ar an bhfód ó 1976.  Nuair a thosnaíodar ag eisiúint ceoil ar dtús, d’admhaíodar go raibh tionchar mór ag Lou Reed agus The Velvet Underground orthu agus tá sé ráite go raibh tionchar mór ag a gcéad albam féin Crazy Rhythms ar R.E.M.  Stopadar ag eisiúint ceoil sa bhliain 1992 agus ceapadh nach gcloisfí gíogs ná míocs astu arís.  Ach tar éis don bhanna aiséirí sa bhliain 2008, tá dhá albam eile curtha amach acu ó shin. In Between an teideal atá ar an gceann is déanaí is tá an-bhéim ar an ngiotár acústach.  Braithim go bhfuil seo ar cheann de sháralbaim na bliana cheana féin.


doon kanda – Axolotl

Tá cáil ar Jesse Kanda – AKA doon kanda – as na físeáin aisteacha atá cumtha aige do leithéidí fka twigs, Björk agus Arca agus anois tá a chéad EP féin curtha amach aige ar an lipéad Hyperdub.  As na rianta uilig atá le clos air, seo an ceann is mó a chuir mearbhall orm. Tá sé mar a bheadh cló nua allúrach digiteach curtha aige ar sheanphort ‘shoegaze’ ó na nóchaidí luatha.


The Magnetic Fields – ’83 Foxx and I

Tá Stephen Merritt ar cheann de na cumadóirí amhrán is tréithí dá bhfuil ann.  50 Song Memoir an teideal atá ar a albam úr, is é ag caitheamh súil siar ar a shaol, amhrán cumtha aige do gach bliain atá caite aige ag análú ar an bpláinéad seo.  Tá Merritt ábalta  amhráin a chumadh in aon stíl is maith leis agus is amhrán ómóis é seo do John Foxx agus Ultravox,  na sintéiseoirí in uachtar agus é cóirithe i stíl na n-ochtóidí luatha.


Ceann ón gCartlann

Delia Derbyshire – Ziwzih Ziwzih OO-OO-OO

Is maith liom an ceann seo a chasadh do chairde nár chuala cheana é agus iarraidh orthu buille faoi thuairim a thabhairt maidir le cén uair a cumadh é.  Thart ar lár na seascaidí a chum Delia an ceann seo don chlár teilifíse Out Of The Unknown, ach déarfadh éinne gur píosa réasúnta comhaimseartha é.  Ba shaoi ceoil í Delia Derbyshire a bhíodh ag obair le ceardlann raidió/fuaime an BBC (BBC Radiophonic Workshop) agus chum sí fuaimeanna dúshlánacha neamhghnácha le sintéiseoirí a d’fhág a lorg ar cheol leictreonach na linne, ó hip-hop go techno.

  • Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'