Mica Levi – Children (Jackie OST)
Bhíodh Mica Levi ag léiriú amhrán dá banna ceoil Micachu & The Shapes, ach níor thógas ceann dá buanna i gceart go dtí gur chuala an ceoltéama diamhair, allúrach a chum sí do scannán Jonathan Glazer Under The Skin. Tá ceolfhoireann le clos ar an scór nua atá cumtha aici do scannán Pablo Larrain, Jackie, is tá an ceol féin i bhfad níos séimhe ná mar a bhí ar a ceoltéama deireanach. Tarraingítear go caol ar a cuid ceoil i rith an scannáin agus tagann sé chun cinn ag na móimintí sin go mbuaileann an t-uaigneas is an crá croí laoch an scannáin, Jackie Kennedy. Más ionann taispeántas aisteoireachta Natalie Portman agus croí an scannáin, is é scór Mica Levi cuisle Jackie.
Peter Broderick – Up Niek Mountain
Anuraidh, d’eisigh an cumadóir ceoil Meiriceánach Peter Broderick, atá lonnaithe i mBeirlín, albam dar teideal Partners. Bhí sé ag éisteacht le ceol John Cage agus an t-albam á chumadh aige agus d’fhoghlaim conas saothar clúiteach ceoil Cage ‘In A Landscape’ a chasadh. Theastaigh uaidh aithris a dhéanamh ar Cage agus maolú a dhéanamh ar a cheol féin, nó, i bhfocail eile, theastaigh uaidh nach mbeadh sé féin, an cumadóir, chomh mór sin sa treis ina shaothar. Is iontach an rud nár éirigh leis é sin a dhéanamh, mar tá pearsantacht, croí agus anam Broderick féin le mothú go tréan anseo. Le fíordhéanaí a cuireadh an físeán nua, a dhein Vernon Lott agus Jennifer Anderson ar fáil.
The Nightjar – Wardrobe
Seo amhrán mar gheall ar an mbéas atá ag cuid againn gean a thabhairt do na nithe atá timpeall orainn, ar nós troscán tí. Deineann an reacaire a machnamh ar an tslí a éirímid geanúil orthu is ar an “mbrí” phearsanta a shamhlaímid leo. Ó Bhristol do The Nightjar agus cumann siad amhráin folk atmaisféaracha. Beidh a gcéad albam chugainn san earrach.
Winter Family – No World
Beirt atá sa bhanna Winter Family, Ruth Rosenthal is Xavier Klaine atá lonnaithe i bPáras is i Tel Aviv. Seo rogha óna n-albam iontach nua South From Here atá eisithe ag Ici d’Allieurs. Cloisimid iad beirt faoi lán seoil anseo: Ruth ar an inneall drumaí is í ag cantaireacht focail dhoiléire as téacsanna a chum sí féin, is Xavier ag casadh raon leathan uirlisí is ag cur dlús leis an bhfuaim le taifid a bhailigh is é ar an mbóthar.
Ceann ón gCartlann
Ramones – Bonzo Goes To Bitsburg
Sa bhliain 1985, thug Uachtarán Mheiriceá Ronald Reagan cuairt ar reilig mhíleata i Bitsburg na Gearmáine chun fleasc a leagadh ann agus chun óráid a thabhairt i gcuimhne orthu siúd a mharaigh na Naitsithe. Ach ba chuairt chonspóideach í seo toisc go raibh 49 ball don Waffen-SS, eite den SS, curtha ann, rud a chuir an ghoimh ar mhórán, ina measc Giúdaigh, polaiteoirí i Meiriceá, gnáthdhaoine ar fud na hEorpa agus an popghrúpa, na Ramones. Chumadar ‘Bonzo Goes Go Bitsburg’ (Bonzo ab ea ceann de na leasainmneacha a bhíodh ar Reagan: ba é Bonzo ainm an mhoncaí a bhí le feiscint sa scannán Bedtime for Bonzo, a tháinig amach i 1951 agus a raibh Reagan le feiscint ann).
Seo mar a chanann Joey Ramone:
‘Yeah, you’re a politician/
Don’t become one of Hitler’s children.’
Focail atá chomh feiliúnach na laethanta is a bhí 32 bliain ó shin.
– Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.