5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin atá á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Snails – Talking To Anthony


Bhí tráth ann nuair a bhíodh pop-amhráin iontacha indie ag teacht inár dtreo ó Shasana gach seachtain. Táim ag cuimhneamh ar na hamhráin a chum bannaí ar nós The Pastels, The Trash Can Sinatras, Belle & Sebastien is Pulp fadó: pop-amhráin shéiseacha a phléigh le híogaireacht agus le baois na hóige. Seo an chéad amhrán dá leithéid a chualasa le fada an lá, a bhuíochas leis an mbanna óg seo ó Bhrighton.

Sir Richard Bishop – International Zone


An samhradh seo caite, chaith Rich Bishop – a bhíodh sa bhanna avant-rac Sun City Girls tráth – seachtain ar cuairt i dTangiers i Maracó agus fad is a bhí sé ann, chum sé na rianta ar fad atá le clos ar a albam úr Tangier Sessions. Tá rithimí dúchasasacha na tíre le mothú san iarracht seo agus tá stíl flamenco Andalusia sa treis sa stíl ghiotáir aige. Is beag nách féidir gaineamh te an tSahára a bhrath sa phort seo.

alva noto – Xerrox Radieuse


Le déanaí, d’eisigh an Gearmánach Carsten Nicolai a chéad albam ó 2011, is é sin le rá an tríú halbam sa tsraith ‘Xerrox’ agus dar leis féin gurb é an t-albam “is pearsanta” a d’eisigh sé riamh. Spreag scannáin a chonaic sé agus é ina gharsún – leithéid Solaris le Tarkovsky is La Isla Misteriosa y el Capitán Nemo – na fuaimeanna ar a shaothar nua.  Tar éis cluas a thabhairt dó cúpla babhta, seo an ceann a sheasann amach, dar liom – port mall aimbiach le córdaí diamhaire, fuaim na gaoithe is dord, álainn doimhin ag preabadh tríd.

Yung Bae – Something New


Déagóir ó Phortland, Oregon é Yung Bae agus ar an ngearramhrán iontach seo, sciobann sé mír d’amhrán Major Harris ‘I Got Over Love’. Seo port déanta do na cluasáin lá brothallach samhraidh. Dá mbeadh aon ghearán amháin agam faoi, b’fhearr liom dá mbeadh sé beagáinín níosa faide.

Ceann ón gCartlann

Kristin Hersh (feat. Michael Stipe) – Your Ghost

Bhí cáil ar Kristin Hersh tráth as a cuid gaiscí ar lipéad 4AD leis an mbanna indie Throwing Muses ó Oileán Rhode. Sa bhliain 1994, cúpla mí sarar eisigh Thowing Muses a n-albam deireanach, scaoil Hersh lena céad albaim aonair Hips & Makers. B’é seo an chéad singil a heisíodh uaidh, amhrán diamhair a chum sí i dteannta Michael Stipe a raibh clú air timpeall na cruinne ag an am is a bhanna R.E.M. ar cheann de na bannaí ab aitheanta ar domhan.

– Cuireann Cian Ó Cíobháin an clár An Taobh Tuathail i láthair ar RTE Raidió na Gaeltachta gach Luan go Aoine, 22.00 – 00.00
https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/