5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian-image

Bon Iver – 10 d E A T h b R E a s T (Extended Version)

Seo blaiseadh ó 22 (OVER S∞∞N), albam úr Justin Vernon a bheidh chugainn sa bhfómhar.  Déarfadh éinne leis na teidil aisteacha (uimhreacha is litreacha fite fuaite lena chéile) go raibh sé ag éisteacht le Aphex Twin agus seans go raibh.  Arís, cloisimid éifeachtaí an vóchódóra ar a ghlór agus na guthanna is uirlisí curtha as a riocht ar fud an amhráin. Tá drumaí troma is an sacsafón go mór sa treis agus an t-amhránaí ag fógairt ‘I been sleeping in a stable, mate’.  A luaithe is a thagann deireadh tobann leis an bport seo, cuirim ar siúl an ceirnín arís.

Sonzeira – Samba de Retorno

Sna caogaidí, chum José Prates an ceol atá le clos ar Tam…Tam…Tam…! do chamchuairt timpeall na hEorpa.  Cuireadh an ceol ar fáil mar albam sa bhliain 1958.  Tá sé chomh deacair teacht ar an gceirnín áirithe seo gur dhein an dioscmharcach is bailitheoir ceoil clúiteach Gilles Peterson fógra físe ag impí ar dhaoine cóip a chur ar fáil dó le ceannach.  Sea, tá Gilles an-tógtha leis an albam seo agus anois ar a shaothar nua Tam…Tam…Tam… ! Reimagined tá cló nua curtha aige ar chuid de na fuaimeanna atá le clos air. Seo an dara huair aige fadcheirnín a eisiúint faoin ainm Sonzeira agus cloistear an babhta seo ceoltóirí ón mBrasaíl á léiriú ag leithéidí Will Horrocks (ó LV), Rob Gallagher (2 Banks Of 4), an drumadóir Moses Boyd agus Kassin ó Orquestra Imperial. Baineann siad ar fad greimeanna beaga as na bunleaganacha ach cuireann siad a lorg comhaimseartha féin orthu.

U – Black Danube

N’fheadar daoine cé hé an té a bhíonn ag taifeadadh faoin ainm cleite U, ach bhí sé le gairid ar a laethanta saoire sa Bhreatain Bheag lena ghrá geal. Bhí an raidió ar siúl acu is iad ar an mbóthar istoíche agus chualadar trí sheans mo chlár raidió ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Nuair a d’fhill sé ar Londain, thosnaigh sé ag éisteacht leis an gclár ar líne agus ba mhór an gheit a fuair sé nuair a chuala sé an ceann seo á chasadh oíche amháin agam ag tús an chláir.   Thart ar an am céanna a chuir sé aithne ar An Taobh Tuathail ar RnaG, cheannaíos a albam úr Vienna Orchestra.  Seo albam a fáisceadh as fuaimeanna ar cheirníní a taifeadadh i Vín. Albam é atá lán de dhraíocht is mistéir.

Ian William Craig – A Single Hope

I mbliana, dhein lipéad Fat Cat a seanlipéad ceol clasaiceach (sa chiall is leithne den fhocal san) 130701 Record a mhúscailt arís agus i measc na saothar breá atá eisithe acu, tá Centres, albam úr le Ian William Craig.  Tá na gnéithe céanna le clos ar gach amhrán ar an albam seo ach éiríonn thar barr leis an tslí a nascann sé nótaí óna mhéarchlár le héifeachtaí ar a ghuth féin agus an dordán leanúnach atá ina shruth trí gach amhrán.  Is fiú am a chaitheamh ag éisteacht leis an albam seo, ach seo an t-amhrán a chuir faoi gheasa mé ar an gcéad éisteacht.

Ceann ón gCartlann

Richard Davis – Sometime

Cé go bhfuil sé ag eisiúint singlí is EP-anna i gcónaí, tá aon bhliain déag caite ó d’eisigh Richard Davis a albam deireanach Details ar Kitty-Yo.  Níl aon chuimhneamh agam éisteacht leis nuair a tháinig sé amach an chéad lá ach d’aimsíos seanchnuasach ceoil i mo bhailiúchán ceoil le gairid, is bhí an ceann seo le clos air.  Pop-amhrán álainn leictreonach leochaileach, ná beadh as áit ar luath-shaothar na Junior Boys.  Thugas an samhradh ag éisteacht leis.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'