5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian-image

Låpsley – Operator (DJ Koze’s Extended Disco Version)

Bhí lorg amhrán dioscó samhraidh ar an mbunleagan de ‘Operator (He Doesn’t Call Me)’, a bhí le clos ar albam Lapsley Long Way Home a eisíodh dhá ráithe ó shin, nach mór.  Chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar an léiritheoir Gearmánach DJ Koze agus bheartaigh sé forbairt a dhéanamh ar na gnéithe dioscó den amhrán.  Agus an méid sin déanta aige, tá ceann d’ard-amhráin club an tsamhraidh seo bronnta aige orainn.  Maireann leagan ríméadach fada Koze nach mór 10 nóiméad agus é á chasadh i mbeáranna is clubanna na cruinne go rialta faoi láthair. Seo blaiseadh de.

Vinyl Williams – Riddles Of The Sphinx

Ar an gcéad éisteacht cheapas go gur ceann de luathcheirníní an bhanna Lush a bhí romham.  Tá dealramh ag an singil nua seo ó Lionel Williams, a bhíonn ag taifeadadh mar Vinyl Williams, leis na singilí aislingeacha a d’eascair as an ré ‘showgaze’, faoi mar a tugadh ar an stíl áirithe cheoil san a bhí faoi lán seoil sna nóchaidí luatha.  Beidh an ceann seo le clos nuair a eiseofar é go luath ar Brunei, albam úr a bheidh á eisiúint ag Company Records, lipéad le Toro & Moi.

We Eat Electric Light – Paralysed

Níl mórán eolais agam faoin ngrúpa seo ach go bhfuil siad lonnaithe i nDroichead Átha i gContae Lú. Tá an popamhrán snasta seo curtha ar líne acu agus tabharfaidh sé pléisiúr don té a chaithfidh seal leis.  Bíonn daoine ag gearán nach bhfuil mórán ceol leictreonach á chumadh anseo in Éirinn ach is léir gur beag cuardach a dhéanann na daoine céanna mar tá siad dall ar shaothair ó leithéidí February & Mars, White Collar Boys, Augustus & John, Slow Place Like Home, February & Mars, Teishi-1, Lighght agus na céadta grúpa eile atá ag cumadh ceoil den chéad scoth.

Solar Bears – Separate From The Arc (Andrew Weatherall Mix 1)

Ó Chill Mhantáin do Solar Bears agus chonac iad ar an ardán ag deireadh seachtaine Interlude le déanaí.  Tá an bunleagan den amhrán seo ‘Separate From The Arc’ tarraingteach go maith ach níl aon teorainn leis an dá athmheascán atá cumtha ag an máistir Andrew Weatherall.  Cuireann sé seo an cineál ceoil a bhíodh ag teacht amach ar lipéad Warp sna nóchaidí luatha i gcuimhne dom – leithéidí Plaidis, Aphex Twin agus – sea – Sabres Of Paradise, an grúpa a bhí ag Weatherall i dteannta Keith Tenniswood.  Tá an ceann seo an-difriúil ar fad ó na ceirníní atá eisithe aige le blianta beaga anuas, atá go mór faoi thionchar an cheoil dioscó agus na ré ‘post-punk’.

Ceann ón gCartlann

The Pastels – Cycle (My Bloody Valentine Remix)

Sa bhliain 1998, eisíodh cnuasach de leaganacha athmheasctha d’amhráin leis an ngrúpa indie-pop ó Ghlaschú The Pastels, cnuasach ar a raibh dhá athmheascán ag Kevin Shields ó My Bloody Valentine.  An uair sin, bhí seacht mbliana imithe tharainn ó d’eisigh MBV a n-albam deireanach Loveless is bhí daoine ag éirí buartha nach gcloisfí aon ní eile uathu.  Mar sin, bhí ríméad ceart ar dhaoine aon nóta nua a chlos uathu, fiú mura raibh i gceist ach dhá athmheascán, ceann nár mhair ach nóiméad is tríocha soicind agus an ceann iontach seo a d’fháisc an mhil as amhrán na Pastels agus a mheasc a bpopcheol le fuaim uathúil, iontach, uaigneach MBV.  Ní mór an aithne atá anois ar an gceann seo, ach bhí géarghá leis in am an ghátair.

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'