5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian-image

Aphex Twin – CIRKLON3 [ Колхозная mix ] 

Tá EP nua ar an margadh ag Richard D James nó Aphex Twin mar is fearr aithne air.  Tá léiritheoirí ceoil áirithe – leithéidí an fhir seo, Burial, Ricardo Villalobos is Boards Of Canada, mar shampla – crochta suas againn ar altóirí arda, de bharr ceol tábhachtach a chumadar atá tar éis creathadh a bhaint asainn, ar bhealach go gcíortar is go mionscrúdaítear gach nóta nua a chloistear uathu.  Tá an oiread san anailíse déanta ar EP nua an léiritheora seo go bhféadfá leabhrán a fhoilsiú faoi ach ní leor ach an méid seo a rá faoi: is dóigh liom gurb é seo buaicphoinnte an EP, is breá liom nótaí aisteacha atonúla an chumadóra atá go forleathan anseo agus is é Ryan Wyer, garsún 12 bliain d’aois ón Ros in Áth Cliath a chruthaigh an físéan nua seo.

The Avalanches – Subways

B’fhéidir nach raibh croílár an tsamhraidh chomh breá ná chomh geal is a bhíomar ag tnúth leis, ach má chuireann tú saothar nua The Avalanches ar na cluasáin, ní fada go mbeidh an ruaig á cur agat ar an gceo is an bháisteach.  Seo sampla amháin de na cineálacha amhráin samhraidh a chumann an banna ón Astráil agus glór Chandra Oppenheim, a taifeadadh sa bhliain 1980 nuair a bhí sí 10 mbliana d’aois, nasctha le nótaí atá sciobhta acu ó leagan Graham Bonnet de ‘Warm Ride’, amhrán na mBee Gees. Wildflower an teideal ar a n-albam úr, an chéad uair acu albam a eisiúint ó scaoileadar Since I Left You ar an margadh sa bhliain 2000.

Gold Panda – In My Car

Bhíos an-tógtha leis an amhrán seo nuair a chuala ar dtús é ar albam úr an léiritheora ‘Good Luck And Do Your Best’ a eisíodh ar City Slang ag tús an tsamhraidh.  Chuas ag cuardach do nasc fuaime chun é a roinnt leat ar-líne agus d’fhoghlaimíos go raibh físéan cruthaithe don amhrán, áit a bhfeicimid an léiritheoir a rugadh i Peckham, i Londain ag caitheamh lae ag imeacht ó áit go háit lena sheanmháthair. Ní hiad seo na híomhánna a shamhlaíos leis an rian teolaí seo agus cé nárbh iad, is breá liom faoi mar a luíonn siad leis an amhrán.

Les Halles – Thresholds

Ón Fhrainc do Baptise Martin agus tá sé ag cumadh rianta áille as painphíoba is píoba Meiriceánach-Indiacha is taifid-ar-an-láthair ó 2012 i leith.  Tugann sé ‘Transient’ ar a fhadcheirnín nua do lipéad Not Not Fun agus is saghas dán grá é do laethanta fada chroílár an tsamhraidh ná maireann ach seal is a fhágann cumha ar

ár gcroíthe nuair atáid imithe uainn.  Tá an t-albam seo lán de phoirt ghleoite, éadroma a scuabann na cosa fút.

Ceann ón gCartlann

Radio Soulwax – Introversy

Ní amhrán é seo ach giotaí a gearradh as 420 amhrán difriúil fáiscthe le chéile ina dtaifead a mhaireann uair an chloig.  Is dóigh liom gurb é seo an rud is fearr a chuala is a chonac riamh ar an idirlíon.  Éist leis na deartháireacha Dewaele, AKA Soulwax nó 2ManyDJs ag rince trína mbailiúchán suntasach ceoil.  Ní hamháin go gcloiseann tú amhráin ó gach seánra is ó gach ré nasctha le chéile go cumasach, ach tá a mhacasamhail déanta acu leis na híomhánna ó chlúdaigh na gceirníní.  I bhfocail eile, an chéad uair eile a bheidh uair an chloig le spáráil agat, gliogáil ar an nasc seo agus abhae leat ar odaisé oideachasúil meidhreach ceoil.

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'