5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian-image

Augustus & John – Baca Rubati

Tá lorg na gréine is cuisle an tsamhraidh le mothú san amhrán iontach seo ón Changing Trains EP le Augustus & John, grúpa atá lonnaithe i gCathair na dTreabh.  Augustus & John a thugtar ar Matteo Grassi, ón Iodáil ó dhúchas, is Mike Smalle, atá ag cumadh amhrán le fada an lá, óna laethanta leis an ngrúpa clúiteach Cane 141, is ina dhiaidh sin ina shaothair aonair popleictreonacha faoin ainm B-Movie Lightning.  Tá dúil ag Mike le fada an lá i gceol dioscó na hIodáile ó lár na n-ochtóidí, faoi mar a mheabhraigh sé dúinn ar dtús ar an albam Moon Pool le Cane 141 ón mbliain 2005.  Ach má bhí macallaí den Italo-disco ag gabháil tríd an saothar san, tá a lorg go tréan ar an bpop-amhrán mealltach seo.

Let’s Eat Grandma – Eat Shiitake Mushrooms

Beirt ghearrchailí óga ó Norwich, Sasana, iad Let’s Eat Grandma atá ag cumadh ceoil le chéile ó bhíodar trí bliana déag d’aois.  Táid 17 bliain anois agus tá a gcéad albam I, Gemini díreach eisithe acu.  Is leo ceann d’ard-amhráin an tsamhraidh a shníonn le chéile foinn allúracha an daoncheoil, rap-fhonnadóireacht ina gcanúint nádúrtha féin agus curfá spleodrach ná beadh as áit ar phop-amhrán de chuid Robyn.  Beidh siad ag tabhairt faoi fhéile ceoil Castlepalooza go luath.

Umberto – Alienation

Tá uaigneas is crá croí is seachrán intinne, gan trácht ar áilleacht dhiamhair le mothú sa phort uirlise seo, an chéad rian atá le clos ar Alienation, album úr Matt Hill don lipéad Not Not Fun, a taifeadadh i Los Angeles anuraidh.  Dá mbeadh cumadóir nua ceoil ag teastáil ó David Lynch dá scannáin in áit Angelo Badalamenti amach anseo, shamhlóinn go ndéanfadh an fear seo an beart dó.

Belbury Poly – Starhazy

Tá Jim Jupp ag cumadh ceol sícideileach taibhsiúil faoin ainm The Belbury Poly le breis is dhá bhliain déag.   New Ways Out atá ar an albam is déanaí aige, atá ar fáil anois ar a lipéad féin, Ghost Box, agus bíonn an ceann seo ar na cluasáin agam le cúpla seachtain anuas thar aon rian eile atá le clos ar an albam céanna.  Amhrán mall, canta trí ghuth-chódaí, ach casta ar sheansintéiseoirí analógacha… i bhfocail eile, sampla breá d’éiteas ceoil Ghost Box.

Ceann ón gCartlann

The Flying Lizards – The Window

I ndiaidh don cheol punk creathadh a bhaint as an rac-cheol i lár na seachtóidí, bhí ré chruthaitheach cheoil ann a thug go dtí fearainn nua sin.  Tugtar ‘post-punk’ ar an ré seo a thosaigh i dtreo dheireadh na seachtóidí agus a spreag ceoltóirí óga chun éisteacht le ceolta na cruinne is rithimí seánraí eile a nascadh leis an rac-cheol. Chuir mórán ceoltóirí is ealaíontóirí suim sa cheol dub agus dheineadar iarracht na dordlínte a bhí le clos ar shráideanna Bristol is Brixton a nascadh lena bpop-amhráin féin.  Seo sampla den chéad scoth de cheol na ré san, canta ag Vivien Goldman, ó Londain ó dhúchas ach a mhair i Nua-Eabhrac ina dhiaidh sin.  Tá sé le clos ar chnuasach nua iontach dá cuid amhráin Resolutionary (Songs 1979-1982), atá ar fáil ón lipéad Staubgold, ar a bhfuil macallaí de reggae, hip-hop agus buillí na hAfraice le clos sna hamhráin a chum sí le leithéidí John Lydon, Keith Kevene, Robert Wyatt, Adrian Sherwood agus máistrí eile na tréimhse san.

– Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'