5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian-image

Low Bias – Ergot

Cé go bhfuil an nasc don bport seo ar líne ó thús mhí Aibreáin, agus seo á scríobh agam tugaim faoi ndeara nach bhfuil mórán daoine tar éis cuairt a thabhairt ar an bhfíseán YouTube.  Idir an colún seo is mo chlár raidió, táim ag iarraidh an scéal san a chur ina cheart anois.  Is aoibhinn liom tús an phíosa, fuaim olagónach ar an ngiotár ná beadh as áit ar albam de chuid David Pajo nó State River Widening.  De réir a chéile, tagann an dord chun cinn, dordlíne dhorcha throm a thugann chun cuimhne línte an doird ag Peter Hook ar Unknown Pleasures fadó.  Is ionann Low Bias agus Graham Dowdall (a bhíonn ag taifeadadh faoin ainm Gagarin) agus Mark Beazley (Rothko). Tá an t-albam a chruthaíodar beirt Spores ar fáil anois ar Trace.

Sequoyah Tiger – Hey Paul Anka

Ó Verona na hIodáile do Leila Gharib a d’eisigh a céad EP aonair le déanaí faoin ainm Sequoyah Tiger do lipéad Morr Music na Gearmáine.  Ní hamhlaidh go dtáinig sí aniar aduaidh orainn mar bhíodh sí sa bhanna Bikini The Cat tráth agus baint aici chomh maith leis an ngrúpa taibh-ealaíon Barokthegreat.  Is breá liom an t-amhrán seo, é fáiscthe as traidisiún an doo-wop, faoi mar atá mórán d’amhráin leithéidí Panda Bear, Animal Collective agus El Guincho.  Amhrán déanta d’oícheanta fionnuara samhraidh.

Andy Stott – Too Many Voices

Nuair a chuireas aithne ar cheol Andy Stott ó Mhanchain ar dtús, bhíodh sé ag cumadh techno teibí uirlise, ach ar a albam deireanach Faith In Strangers, ón mbliain 2014, chualamar é ag cumadh amhrán i dteannta amhránaithe don gcéad uair.  Alison Skidmore is ainm don amhránaí sin agus tá sí le clos arís ar chuid de na hamhráin ar a albam úr Too Many Voices.  Is iontach an leas atá bainte aige as a guth ar an rian seo a chuireann clabhsúr ar an albam agus macallaí ann de Kate Bush sa tréimhse inar chum sí ‘Hounds Of Love’ nó, fiú, Enya agus í faoi lánseol.

Julianna Barwick – Nebula

Táimse faoi gheasa ag amhráin agus amhránaíocht thaibhsiúil Julianna Barwick ó chuala a halbam The Magic Place sa bhliain 2011. Will a thug sí ar a fadcheirnín nua, atá chomh gleoite mar shaothar le haon ní atá cloiste agam uaithi.  Rian simplí é seo, sraith i ndiaidh sraithe déanta dá guth agus éifeachtaí simplí buailte anuas air fad is atá an sintéiseoir ag plobarnach sa chúlra.

Ceann ón gCartlann

Prince – Purple Music

“Don’t need no reefer, don’t need cocaine

Purple music does the same 2 my brain

And I’m high, so high”

Tar éis bháis Prince Rogers Nelson, luas ar Tuairisc.ie an stór dochreidte mór ceoil is amhrán atá mar oidhreacht aige.

Seo ceann ón mbliain 1982, a fágadh ar lár nuair a bhí sé ag roghnú na n-amhrán don albam 1999.  Sea, bhraith an cumadóir ná raibh sé maith a dhóthain don albam san agus ní mór na daoine a chuala é go dtí gur tosnaíodh á roinnt ar an idirlíon.  Is breá liom an dordlíne ar an amhrán suaithinseach seo atá gach pioc chomh funcaí leis na dordlínte a bhí á gcruthú ag E.S.G. i NuaEabhrac timpeall an ama chéanna.  Bí cinnte é a chasadh os ard an chéad uair eile a thabharfaidh tú faoi chóisir a eagrú. Beidh daoine buíoch díot as é a chur in aithne dóibh.

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'