5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian-image

Bibio – Feeling

Ar a albam úr A Mineral Love caitheann an cumadóir ceoil Bibio súil siar ar chuid de na seánraí ceoil a thug pléisiúr dó le linn a óige: ceol teilifíse ó na seachtóidí agus anam-cheol ón dtréimhse chéanna, chomh maith le ceol rince na nóchaidí luaithe. Dar liom, i gcás an amhráin seo, an chéad cheann atá eisithe óna albam úr, éiríonn leis aithris a dhéanamh ar stíl uathúil Shuggie Otis a nasc anam-cheol le R&B agus gnéithe den cheol tíre sna seachtóidí ar bhealach thar a bheith sícideileach. Murab ionann is a chuid albam eile go dtí seo, ní sciobann sé aon samplaí ceoil ó cheirníní eile ar a shaothar nua. Uaidh féin a thagann gach nóta ar an albam.

Glenn Jones – Flower Turned Inside-Out

Níl mórán daoine ar an saol seo atá níos oilte ar an ngiotár ná Glenn Jones, an máistir ar Bhunstíl Ghiotáir Mheiriceá (American Primitive Guitar), a cheap John Fahey sna caogaidí. Ní leor a rá go “gcasann” sé an giotár, tá níos mó ná san i gceist sa tslí a chuimlíonn a mhéireanta na cordaí chun scéal a insint. Ní hamháin san ach tá a chur chuige uathúil féin aige chun a ghiotár a thiúnadh. Seo an chéad rian atá bronnta aige orainn óna albam úr Fleeting, albam a chuireann i gcuimhne dúinn nach bhfuil in aon ní ach seal.

Kelela – Rewind

Cheapas i gcónaí gur Sasanach í an t-amhránaí Kelela, toisc lorg stair dord-cheoil na tíre san a bheith ar a cuid amhrán, mar sin chuir sé iontas orm nuair a léigheas le déanaí gur Meiricéanach í, a rugadh i Washington DC agus a tógadh i Gaithersburg, Maryland. Níl aon dabht, áfach, ach go bhfuil tionchar ag rithimí grime, R&B agus na fuaimeanna a gineadh as dubstep le clos ar a cuid amhrán, go háírithe tionchar an lipéid/club oíche Night Slugs i Londain, a bhfuil ceangal aici leo le roinnt blianta anois. Dhein sí roinnt amhrán a thaifeadadh dóibh cúpla bliain ó shin ach ar an Hallucinogen EP a d’eisigh sí cúpla mí ó shin ar Cherry Coffee/Warp, cloisimid an buama seo, port pléascach ó 2015 a fhágfaidh a lorg cumhachtach ar urláir rince na cruinne sna ráithí atá romhainn.

Alex Smoke – Fair Is Foul

Tá aithne mhaith ar an léiritheoir ceoil Alex Menzies ó Ghlaschú as a chuid ceoil dorcha techno is a rianta aduaine leictreonacha, ach mar dhuine atá ag éisteacht lena chuid ceoil le blianta fada, creidim go raibh agus go bhfuil lorg an dóchais le braistint ina cheol i gcónaí. Ar a albam úr Love Over Will, atá bunaithe ar theoiricí dhiamhrachais Aleister Crowly, tá an dóchas ann go tréan, albam atá cruthaithe, a deir sé “with an optimism relating to ways forward that are possible”. Tar éis tús diamhair, éist leis an gclaochlú draíochtúil leath-nóiméad isteach sa cheann seo nuair a chloisimid Alex ag canadh don gcéad uair, faoi mar a bheadh an ghrian ag filleadh i ndiaidh na fearthainne.


Ceann ón gCartlann

Mogwai – May Nothing But Happiness Come Through Your Door

Tá sé mar nós riamh ag an mbanna Mogwai teidil shuimiúla a bhronnadh ar a gcuid rianta ceoil, rianta gur annamh aon liricí a bheith luaite leo mar gur ceol uirlise don chuid is mó a chumann siad. Seo rogha álainn ón albam Come On Die Young a eisíodh sa bhliain 1999 is a léirigh Dave Fridmann, an fear céanna a léirigh albaim Mercury Rev i rith na nóchaidí agus The Soft Bulletin le The Flaming Lips. Leáfaidh do chroí nuair a chloisfidh tú an riff álainn don gcéad uair tuairim is nóiméad go leith isteach.

– Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'