5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

No Mask Effect – Transfer Of Deed Pt 1 & 2

Tá breis is céad ceirnín eisithe ag Psychonavigation, lipéad le Keith Downey ón ardchathair, ó bunaíodh é sa bhliain 2000, cuid mhaith ceirníní aimbiacha san áireamh. Is saineolaí ar an gceol aimbiach é Keith, fear atá ag brú na stíle chun tosaigh lena lipéad, lena chlár raidió ag an deireadh seachtaine ar 2FM agus ar na hoícheanta ceoil a bhíonn á chur i láthair aige ar a fhód dúchais. Seo í an chéad uair aige ag cur a chuid ceoil féin inár láthair; toradh na blianta fada tugtha aige ag éisteacht le ceoil. No Mask Effect – Quick Smart is teideal don albam atá á chur amach aige ar a lipéad féin agus a bheidh ar fáil go luath. Seo buaicphointe an albaim: port macánta a insíonn scéal lena rogha leathan fuaimeanna, port ná beadh as áit ar shaothair laochra Keith, leithéidí Geir Jenssen nó Mixmaster Morris.


The Driftwood Manor – Fraction Of A Wolf

Seo an chéad bhlaiseadh ó albam úr The Driftwood Manor, banna Eddie Keenan agus a chairde. Beidh fáil ar an albam nua i dtús mhí na Márta. Cumadóir oilte é Keenan, ó Áth Luain ó dhúchas. Tá trí albam is dornán singil eisithe ag a bhanna ó 2008 i leith agus snas breise acu ar a gceard le gach uile iarracht. Áirím an t-amhrán seo ar ceann de na hamhráin is fearr a chualathas uathu go fóill agus táim cinnte go meallfaidh sé daoine i dtreo shaothar an bhanna seo a bhfuil úire ag baint leo i gcónaí.


Fatima Yamaha – Love Invaders

Sa bhliain 2004, d’eisigh an léiritheoir Bas Bron port álainn ar an lipéad D1 i mBaile Átha Cliath. Do ‘What’s A Girl To Do’ sciob sé giota fuaime ón scannán Lost In Translation ina raibh Scarlett Johansson le clos i mbun machnaimh ar an saol. Níor tógadh mórán ceann de ag an am, ach amháin i nGlaschú, áit a chas diosc-mharcaigh ar nós Jackmaster é chomh minic is a d’fhéadfaidís. Chas Jackmaster port Bas Bron ag tús na hoíche, i gcroílár na hoíche agus ag deireadh na hoíche agus diaidh ar ndiaidh scaip cáil an amhráin ar fud na cruinne. Anois tá Imaginary Lines, céad albam an chumadóra seo ar fáil ar an lipéad Magnetron agus seo ceann de na buaicphointí ann. Port fáiscthe as dord saibhir teolaí agus sintéiseoirí ná beadh as áit ar phort Italo-disco ó na hochtóidí.


Noir – Morning Shadows

Leanann mórán de rianta house is techno struchtúir atá á n-úsáid leis na cianta. Cuirtear amach na mílte poirt leictreonacha gach mí agus tá a bhformhór acu leamh, leadránach agus ró-chosúil lena chéile. Ach, i gcás an ceann seo, tá ‘beocht’ éigin ann, a eascraíonn as an airpéitse atá cosúil leis na foinn sin a bhíodh á gcumadh ag Giorgio Moroder do leithéidí Donna Summer sna seachtóidí. Cuirfidh an port seo ‘beocht’ i lucht an urláir rince gan aon agó ach tá draíocht éigin ag baint leis sa tslí is go samhlófá agus tú ag éisteacht leis go bhfuil sé á chasadh beo ar an láthair duit. Ní bhíonn a fhios agat cén treo a lúbfaidh ná a chasfaidh sé. Tá sé ar fáil ar an Nightwalker EP a d’eisigh an lipéad Knee Deep in Sound le gairid.


Ceann ón gCartlann

Grauzone – Eisbär

Banna ón Eilvéis a d’eisigh an ceann seo sa bhliain 1981. Bhíodar i measc na gceannródaithe ar an ngluaiseacht ‘Neue Deutsche Welle’, gluaiseacht a gineadh as punk Shasana agus ceol ‘new wave’ na linne. Ciallaíonn an focal ‘Eisbär’ béar bán agus tá atmaisféar fionnuair an Artaigh le mothú ó thús an amhráin nuair a chloisimid gaoth fhuar ag séideadh sara sceitear an chéad cúpla nóta ón sintéiseoir. Níl aon teorainn leis an gcoimhlint idir an giotáir is an sintéiseoir, gan trácht ar an sacsafón a thagann chun cinn agus sinn ag druidim i dtreo ceann scríbe. Is amhrán suaithinseach é seo ná raghaidh riamh as dáta.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'