5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Tindersticks – Hey Lucinda

The Waiting Room an teideal ar an albam is déanaí ó Tindersticks. Tá cuid de phlúr stiúrthóirí scannán ealaíonta na cruinne – leithéidí Claire Denis, Pierre Vinour agus Christoph Girardet – tar éis físeáin a chruthú do gach amhrán ar an albam. Is iad Rosie Pedlow agus Joe King a léirigh an ceann seo agus a gceamara casta i dtreo sráid siopaí a shamhlófá le baile cois farraige ar nós Bóthar na Trá nó Blackpool. Deineadh an t-amhrán seo a thaifeadadh roinnt blianta ó shin nuair a bhí an t-amhránaí eile atá le clos ar an amhrán, Lhasa De Sela, fós beo. Thug an ailse a bás um an dtaca seo cúig bliana ó shin…

‘Hey Lucinda, time’s running out’.

Matmos – Excerpt Five

Seo é an chéad fhíseán ó albam úr Matmos – Drew Daniel agus M.C. Schmidt – banna a mbíonn ceol ealaíonta coincheapúil acu. Is í Vicki Bennett (People Like Us), ealaíontóir atá lonnaithe i Londain, agus an beochantóir Peter Knight a léirigh an físeán. Tá mórán de na fuaimeanna ar albam úr an ghrúpa – Ultimate Care II – fáiscthe as an nglór a thagann óna n-inneall níocháin ag baile i mBaltimore, Maryland (inneall Whirlpool Ultimate Care II chun a bheith beacht faoi). As rithimí an innill, tá saothar nua déanta acu. D’éirigh le Vicki agus Peter greim a fháil ar íomhánna ó chartlann Rick Prelinger agus tá colláis déanta acu atá dílis do rithimí an phíosa cheoil.

Domenique Dumont – Comme Ça

Agus na tráthnónta fós dorcha is fuar lasmuigh, bíonn gá le cluas a thabhairt do cheol a mhúsclódh an samhradh id’ chroí. Níl mórán eolais againn faoin gcumadóir seo ach gur ó Latvia ó dhúchas dó agus go bhfuil a shaothar Comme Ça go mór i dtiúin le fuaimeanna a shamhlaímid le háiteanna a mbíonn an ghrian de shíor ag taitneamh. Éist leis na crua-dhrumaí, an obair léirithe a bhfuil cos i dtaca aige sa cheol dub agus guth aerach an amhránaithe ag canadh i bhFraincis, dún do shúile agus ní fada go mbeidh na tráthnónta ag dul chun síneadh.

Nevermen – Mr Mistake (Boards Of Canada Remix)

Is annamh a dheineann na máistrí ceoil aimbiacha Boards Of Canada athmheascán, mar sin is údar áthais dúinn an port seo. Tá a gcló aduain uathúil féin curtha acu ar an amhrán seo ó Nevermen, banna nua DoseOne, ón ngrúpa cLOUDDEAD, Tunde Adebimpe ó TV On The Radio agus Mike Patton ó Faith No More.


Ceann ón gCartlann

Amii Stewart – Friends

Oíche chinn bliana, chuir mo chara Mary an ceann seo in aithne dom, amhrán ón mbliain 1985 nár chuala riamh cheana ach a chuir siar ar na sála mé ar an dtoirt. Táim ag éisteacht leis ar a laghad cúpla uair gach lá ó shin i leith. Tá guth an chumadóra, Mike Francis ón Iodáil, le clos ar an gceirnín seo freisin. Ba é a chum an t-amhrán i dteannta Amii Stewart agus braithim lorg dioscó na hIodáile ón dtréimhse chéanna ar an bport seo, cé go bhfuil rithim an amhráin i bhfad níos moille. 95 buille sa nóiméad: an luas a bhíonn ag gnáth-amhrán r‘n’b. Seo seoid dhiamhair gan aon agó.

– Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'