5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

The Natural History Museum – Daga Gadol

Ar éigean atá glór níos binne in Éirinn ná glór Charol Keogh atá ag bronnadh saothar den chéad scoth orainn ó na nóchaidí i leith – í ag canadh le grúpaí mar The Plague Monkeys agus The Tycho Brahe. Anois, tá albam ar leith curtha le chéile aici i dteannta an léiritheora Dunk Murphy, a bhíonn ag cumadh ceoil faoin ainm Sunken Foal. Attenborough is teideal don albam agus táimse den tuairim go bhfuil sé ar cheann de na fadcheirníní is breátha atá cloiste agam le stáir. Seo an chéad singil uaidh agus tá leagan athmheasctha aerach déanta ag Dunk air freisin.


Prequel Tapes – My Side

Tá tagairt déanta agam do cheol Prequel Tapes cheana ar an suíomh seo. D’áiríos an singil a d’eisigh sé anuraidh ar cheann de na poirt ab fhearr a chuala i rith 2015. Seo iarracht nua uaidh, bainte ón Dragon Keys EP atá lán ceol nua leictreonach fáiscthe as fuaimeanna a chum sé agus é ina dhéagóir, nuair a bhí sé faoi gheasa ag fuaimeanna olagónacha bannaí ar nós Joy Division agus The Cure.


Jim O’Rourke – Friends With Benefits

Anuraidh, d’eisigh Jim O’ Rourke a chéad albam aonair le blianta fada agus seo an chéad amhrán atá le clos air. Ar ndóigh, tá dlúthcheangal ag O’Rourke – ó Chicago ó dhúchas cé gur Ciarraíoch agus Corcaíoch atá mar thuismitheoirí aige – le ceol ailtéarnach Mheiriceá ó na nóchaidí i leith, bíodh sé sin mar cheoltóir nó mar léiritheoir ar shaothair leithéidí Smog, Sonic Youth, Sam Prekop agus Wilco. ‘Nice to see you once againn,’ a deir sé ar an amhrán seo, faoi mar a bheadh sé ag fearadh fáilte roimh sheanchairde. Tá bearna fágtha i ndomhan an cheoil ó d’éirigh R.E.M. as, ach cabhróidh an ceann seo an tost áirithe san a scaipeadh tamaillín.


Good Shepherd – There Is A Mountain

Tógaim ceann i gcónaí d’aon ní a eisíonn an lipéad Rusted Rail, lipéad atá faoi stiúir mo charad Keith Wallace a chuireas aithne air in Ollscoil na Gaillimhe thart ar cúig bliana is fichead ó shin. Bhí dúil mhairbh ag Keith riamh sa cheol. Chuir sé mórán bannaí ar m’aithne ar an gclár raidió a bhíodh againn ar Flirt FM, stáisiún raidió na hollscoile tráth, ina measc leithéidí Tortoise, Slint agus Palace Songs. Bhí muinín riamh agam as a rogha ceoil agus bíonn mo chluas ar bior aon uair a chloisim aon ní nua óna lipéad. Her Darke Aspects is teideal don EP úr le Duncan Poyser, cumadóir agus amhránaí atá lonnaithe i gCambridgeshire agus seo port amháin uaidh. Deineadh an físeán a thaifeadadh ar oileán iargúlta amach ó chósta na Sualainne, áit a mhair Ingmar Bergman tráth.


Ceann ón gCartlann

Angelo Badalamenti – Mulholland Drive Main Theme

Dá mbeadh orm scéal Mulholland Drive, scannán le David Lynch, a mhíniú duit, ní dócha go mbeinn ábalta an bheart a dhéanamh, cé go bhfuil an scannán céanna feicthe agam níos mó ná fiche babhta. Baineann sé le taibhreamh nó brionglóid mná (táim sásta an méid sin rá!) agus éiríonn le fuaimrian corraithe Angelo Badalamenti cuid mhaith de mhothúcháin an scannáin a chur inár láthair. Is breá liom an píosa ceoil seo, atá le clos ag pointí tábhachtacha i rith an scannáin nuair a bhíonn casadh mothálach sa scéal á chur in iúl.

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'