5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Hinds
Hinds

Cork Gamelan Ensemble – Parabé Sang

Bíonn buíon mór ceoltóirí ag ceol is ag taifead don Cork Gamelan Ensemble, faoi stiúr Mel Mercier, stiurthóir ceoil Ollscoile Chorcaí. Ar a n-albam úr The Three Forges, cloistear leithéidí Iarla Ó Lionáird, Colin Dunne, Julie Feeney, Duke Special is Kate Ellis ar na hamhráin, amhráin atá fréamhaithe san uirlis Iávach: an gamelan. D’fhéadfainn aon amhrán ón albam a mholadh anseo ach is leor tú a threorú chuig an iarracht mhealltach seo is tá súil agam go gcuirfidh sé fonn ort éisteacht leis an albam ina iomláine, óir is seoid é.

Katie Kim – Foreign Fleas

Tá Kate O’Sullivan, nó Katie Kim mar is fearr aithne uirthi, ar dhuine de na ceoltóirí/amhránaithe is suimiúla ar an bplainéad i láthair na huaire. Tá a lucht leannta faoi gheasa ag a glór siúil ó d’eisigh sí a céad albam sa bhlian 2008. Ar an singil nua seo, léirithe ag Ruadhan O’ Meara ó Magic Pockets, tá an fhuaim a chruthaíonn siad i bhfad níos troime ná aon ní atá cloiste ón amhránaí – gur ó Phort Láirge ó dhúchas di – roimhe seo; fuaim atá cruthaithe acu trí bhuillí troma is screadaíl an sintéiseora.

Hinds – Chili Town


Ceathrar gearrchaile ó phríomhchathair na Spáinne is ea an grúpa Hinds (thugtaí Deers orthu tráth den saol, ach bhí orthu a n-ainm a athrú de bharr go raibh banna eile leis an ainm céanna chun an dlí a chur orthu). Táid ag obair ar a gcéad albam i láthair na huaire, albam a bheidh ar fáil roimh dheireadh na bliana agus seo an chéad bhlaiseadh atá cloiste agam uaidh. Is pop-amhrán indie binn é, canta ar bhealach saghas leisciúil a chuireann saothair ‘slacker-rock’ na nóchaidí i gcuimhne dom. Is cé go bhfuil na focail searbhasach, tá greann ag baint leo chomh maith agus níl amhrán níos oiriúnaí ann an tseachtain seo le casadh sa tsiúl is an citeal á bheiriú agat do chéad muga tae na maidine.

Wiley – Step 2001 (prod. by Zomby)


Nuair a bhí an léiritheoir Zomby óg, bhí sé tógtha le stíl ar leith ‘grime’ le MC Wiley. Tugtar ‘eski’ ar an bhfo-sheánra ‘grime’ seo, a bhaineann leas as uirlis an Korg Triton chun fuaim atá lom is beagáinín ‘fuar’ a chruthú. Táid tar éis teacht le chéile sa stiúideo anois den gcéad uair agus léamh nua déanta acu ar ‘Step 20’, seanamhrán Wiley do lipéad Big Dada.

Bob Lind – Cool Summer


Tá an samhradh imithe. Chaitheamar an séasúr ag gearán nár tháinig aon aimsir bhreá agus má tá amhrán ar bith ann atá oiriúnach mar cheolthéama don samradh fionnuar seo díreach caite, seo é. Bhí Bob 17 mbliana d’aois nuair a dhein sé an ceann seo a thaifeadadh. In agallamh a dhein sé cúpla bliain ó shin, dúirt sé ná raibh sé sásta leis an dtaifead, mar gur cuireadh brú air na hamhráin uilig ar an albam The Elusive Bob Lind a thaifeadadh in achar ama róghearr.

Deir sé fiú gur chuir an lipéad an teideal mícheart ar an amhrán, mar go raibh sé de cheart acu ‘The Summer Was Too Long’ a thabhairt air. Is cosúil nach maith leis fiú an tslí ar chan sé an t-amhrán. Ach de bharr na gconstaicí seo, is doigh liomsa go n-éiríonn leis an dtaifead ar gach bealach, go mórmhór mar amhrán rómánsúil. Nach bhfuil samhradh is leannán éigin againn ar fad go bhfuil cumha orainn ina ndiaidh?

‘Somewhere up there / In the high mountain air  / Is the girl that I  / Would have married’

– Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00