5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Sun Kil Moon – Birds Of Flims

‘Birds Of Flims’ an teideal ceart ar an amhrán iontach seo – agus ní ‘Films’, mar atá luaite sa nasc seo – ó Sun Kil Moon, banna Mark Kozelek, a bhíodh ag amhrán leis an mbanna Red House Painters fadó. Tá an t-amhrán le clos ar a albam úr Universal Themes, a leanann stíl díhrbheathaisnéisiúil a albaim dheireanaigh, Benji, is é sin le rá go sileann smaointe Mark uaidh ina amhrán mar a bheadh rabharta gan stad ann. Tógann sé ceann do gach rud agus é ag eachtraí dúinn mar gheall ar scéalta móra is beaga a shaoil, cibé scannán Iodálach ar ghlac sé páirt ann, costas na dtithe i San Francisco, cad a d’ith sé dá lóin is dá dhinnéar, scannáin John Hughes, agus uaigneas an amhránaí a bhíonn de shíor ag taisteal.

POOM – De La Vitesse a l’Ivresse

Seo rian le cur ar d’iPod má tá sé ar na bioráin agat dul ar do laethanta saoire áit éigin a mbeidh aimsir bhreá sna seachtainí romhainn. Aimsigh spota compordach in aice leis an linn snámha, cinntigh go bhfuil an freastalaí i gcóngar duit agus cas ar na cluasáin an iarracht seo ó Camille Ferrera agus Siegfried De Turckheim ó Pháras, nó POOM. Déanann siad aithris anseo ar an stíl mhilis, mhacánta a bhí mar bhonn le saothar Air, grúpa eile ó Pháras a bhí in airde a réime scór blianta ó shin.

The 23s – Delizioso

Flamingo a thugann The 23s, leasainm ceoltóra ó Nord-Rhine-Westphalia na Gearmáine, ar a n-albam is déanaí. Bhíos ag treabhadh tríd agus mé ar tí é a chaitheamh sa bhruscar nuair a thána ar an iarracht seo. Deirtear gur ceolthéamaí iad na poirt ar an albam seo do scannáin nár cruthaíodh go fóill. Má tá duine éigin ag smaoineamh ar leagan nua a dhéanamh den scannán The Deerhunter – agus tá súil agam nach bhfuil, mar ní fhéadfaí an bunleagan a shárú – dhéanfadh an ceann seo an beart mar cheolthéama dó.

Taylor Barrow – You Just Would Be

Is le Taylor Barrow ó Toronto, Ceanada an chéad eisiúint riamh ar Phone Home, lipéad nua James Bright (a bhíonn ag casadh le Hairy Hands). Beidh fáil ar an ’1161 EP’ i gceann coicíse agus seo an ceann atá ár múscailt chun rince faoi láthair. Tugann fuaim spleodrach na gcorn fuinneamh don amhrán ach cinntíonn na sintiséirí teolaí is an phop-amhránaíocht gur féidir leis an éisteoir an fonn a fheadaíl chomh maith céanna.

Ceann ón gCartlann

Nick Cave & The Bad Seeds – The Good Son

Cailleadh Arthur, mac an amhránaí seo, i dtimpiste i mBrighton le déanaí nuair a thit sé le faill. Bhí sé thart ar 15 bliain d’aois. Bhíos féin timpeall ar an aois chéanna nuair a cheannaíos séú albam Nick Cave & The Bad Seeds, ‘The Good Son’, i Siopa Kiely i dTrá Lí fadó. Is cuimhin liom éisteacht leis an albam seo chomh minic is a bhí minic ann. Faoin am go raibh mo chaiséad caite, bhíos faoi dhraíocht ag focail an reachtaire/amhránaí, a thagair do theanga is scéalta an Sean-Tiomna ina chuid amhrán. Bhíos ag éisteacht arís leis an albam seo le déanaí agus seo an port a d’fhág tocht im’ scórnach agus comhthéacs uafásach nua ag an amhrán.  

“One more man gone,

One more man gone,

One more man”.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'