Loner Deluxe – Land and Sea
Is lipéad ceoil ar leith é lipéad Rusted Rail, faoi stiúir mo chara Keith Wallace, atá bunaithe cois Coiribe. Le blianta anois, tá sé ag eisiúint ceol tíre aisteach dúchasach ar cheirníní is ar chaiséid a dheineann sé féin a mhaisiú go hoillte sa bhaile. Tá ceol is amhráin á n-eisiúint aige féin chomh maith faoin ainm Loner Deluxe. Fadó, ba cheol a chum sé féin amháin a bhí i gceist ach le tamall, tá daoine eile ag taifeadadh ina theannta, ina measc an t-amhránaí Sualannach Cecilia Danell, atá le clos ar an amhrán seo óna EP úr The Coast Is Clear, atá ar fáil saor in aisce ó leathanach Bandcamp an bhanna. Ós ag caint ar cheol in aisce mé, tá amhrán eile a chumadar le clos ar chnuasach nua mo chláir féin An Taobh Tuathail, Cnuasach 7.
Elysia Crampton – Moth (feat Money Allah)
Eisíodh 300 cóip, i bhfoirm cheirnín amháin, d’EP úr Elysia Crampton ar lipéad Boomkat Editions le déanaí. Seo an chéad chaibidil ina sraith nua Shenandoah – “saothar a dhéanfaidh cíoradh ar stair Mheiriceá, ní ó thaobh an chultúir de ná ó dhearcadh an gheolaí, ach mar a bheadh pluda, salachar is mianraí i gceist”. Ní thuigim féin go baileach cad ‘tá i gceist aici ach is breá liom an píosa seo a chum sí i dteannta Money Allah ina dtugtar ómós do laochra grinn mar Stepin Fetchit agus Bert Williams fad is atá sintiséirí drámatúla ag ardú is ag ísliú sa chúlra.
Rekord 61 – Vreyma (Future Mix)
Tá an Rúiseach Alexander Babaev ag eisiúint techno ar chaighdeán an-ard go deo le blianta beaga anuas ar a lipéad féin, Konstruktiv. Seo iarracht glórmhar uaidh féin, ón deichiú ceirnín ar a lipéad. Is breá liom an glór ar an nguthchódaí atá le clos ó thús deireadh, gan trácht ar an tslí a n-athraíonn an t-atmaisféar ag an tríú nóiméad, ón dorchacht go dtí an gealas. Ní haon ionadh go bhfuil fathaigh an domhain techno ag casadh an cheirnín seo, ó Ben Klock go DVS1 go Marcel Fengler.
Moon Ate The Dark – Ventricles
Ar an rian seo cloisimid Anna Rose Carter na Breataine Bige ar an bpianó agus a comhghuaillí ó Cheanada Christopher Bailey ag cur le nótaí an phianó le lúbanna diamhaire leictrónacha. Tá an nochtraí séimh seo agus seacht gcinn eile lena chois le clos ar a n-albam úr Moon Ate The Dark II, a eisíodh le déanaí ar Sonic Pieces.
Ceann ón gCartlann
Susumu Yokota – Morino Gakudan
Chum sé ceol aimbiach, chum sé rianta house, bhí máistreacht aige ar gach aon tsaghas ceoil leictreónach. Anois tá sé imithe uainn… d’fhógair a chlann le gairid gur éag sé sa bhaile i dtreo dheireadh na Márta tar éis seal a chaitheamh breoite. Chuireas aithne ar cheol álainn, allúrach an tsárchumadóra Sheapánaigh seo ag casadh na mílaoise mar bhí sé de sheans agam gur sheol lipéad Leaf – a d’eisigh sé cinn dá chuid albam idir na bliana 1999-2002 – a chuid saothair ón dtréimhse san chugham.
Tá tobar doimhin iontach ceoil cruthaithe ag an bhfear seo agus is deacair rian amháin a roghnú, ach bím faoi gheasa i gcónaí ag an gceann seo ón gcnuasach Image 1983-1998. Ní bheidh a leithéid arís ann.
– Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00
Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'