5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Beirut – No No No

Tá naoi mbliana caite ó d’eisigh Beirut, banna le Zach Condon as Santa Fe, a gcéad albam Gulag Orkestar agus tá cuimhní breátha agam ar an uair a tháinig sé amach agus a bheith ag éisteacht is mé ag tiomáint timpeall bhóithre Cape Town na hAfraice Theas le mo ghrá gheal. D’eisigh sé roinnt albam eile ó shin i leith ach níor chuala tásc ná tuairisc ar Beirut ó tháing a bhfadcheirnín deireanach amach sa bhliain 2011. Is cosúil go raibh Zach in ísle brí agus bhí air camchuaird timpeall na cruinne a chur ar ceal toisc an tsláinte a bheith go dona aige. Chaill sé pé dúil a bhí aige sa cheol ar feadh roinnt blianta agus ní raibh sé in ann aon amhráin nua a chumadh. Anois, tar éis sos ceithre bliana, tá fonn cumadóireachta in aithuair air is amhráin nua taifeadta aige dá albam úr No No No a bheidh ar fáil sa bhfómhar. Is maith a chlos go bhfuil joie-de-vivre an chumadóra le mothú sa chéad amhrán atá scaoilte aige óna shaothar nua.

Andrew Tuttle – Vernon City Limits

Fuaimeanna, seachas focail, a thiomáineann stíl chumadóireachta Andrew Tuttle ó Bhrisbane na hAstráile agus tá ocht rian nua uirlise le clos ar a albam is déanaí Slowcation, ar lipéad A Guide To Saints (lipéad a eisíonn a gcuid ceoil go léir ar chaiséid). Léiríonn an port seo tuiscint an chumadóra ar an idirghníomhú idir ríomhaire is giotár, idir bhainseó is a thimpeallacht (bhí sé ag taisteal timpeall Mheiriceá nuair a chum sé an ceann seo) ar a shaothar. Is annamh a shamhlaím an bainseó le ceol avant-garde ach an rud is annamh is iontach.

Patricia – Spotting

Luaigh mé rian ó ‘Ghostly Swim 2’, cnuasach nua ceoil de chuid lipéid Ghostly International anseo le déanaí. Seo ceann eile uathu. Tá ainm an léiritheora a thugann Patricia ar féin faoi cheilt i láthair na huaire is mórán daoine ag fiosrú cé hé nó cé hí. Seo port a leanann múnla techno uaigneach leithéidí Pantha du Prince, Lawrence is Efdemin: fonn dubhrónach, cic-dhruma trom is smúit ar an obair léirithe.

Thore Pfeiffer – Allzu Nah

Tá gean riamh ag muintir lipéid Kompakt na Gearmáine ar an gceol aimbiach is é mar nós acu cnuasach ceoil aimbiach sa tsraith aitheanta ‘Kompakt Pop Ambient’ a chur i dtoll a chéile gach bliain. Sa tsraith seo, cloistear na poirt aimbiacha is fearr leo, idir léiritheoirí nua is cinn seanaitheanta. Anois tá lipéad bunaithe acu (Kompakt Pop Ambient) chun albaim le na cumadóirí aimbiacha is ansa leo a chur mach. Tháinig an chéad albam – ó Leandro Fresco na hArgintíne – amach níos luaithe sa bhliain agus is leis an nGearmánach Thore Pfeiffer an t-albam is déanaí Im Blickfeld.  Tá an port seo fáiscthe as lúba éagsula a bhíonn ag imrothlú timpeall ar a chéile nó go mbraitheann an t-éisteoir faoi dhraíocht ag cumhacht hipnóiseach an iomláin.

Ceann ón gCartlann

Arthur Russell – That’s Us / Wild Combination

Mura bhfuil aithne agat ar Arthur Russell is a shaothar ceoil suntasach, is fiú go mór féachaint ar an scannán Wild Combination: A Portrait Of Arthur Russell. Tabharfaidh an scannán san léargas ceart duit ar a shaol is an tionchar mór a bhí aige ar cheolta na cruinne, ó cheol dioscó go ceol dub go ceol clasaiseach, ón gcathair inar mhair sé, Nua Eabhrach. Ní mór an aithne a bhí air is é beo ach d’athraigh san ar fad tar éis a bháis i 1992, nuair a eisíodh lear mór albam dá chuid ceoil is amhrán. Seo ceann de na hamhráin is mílse a chum sé is físeán ar leith cruthaithe ag John Michael Boling le focail Russell gearrtha go glic le híomhánna de Khermit is Miss Piggy ó scannán na Muppets.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'