5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Captain A & The Commercial Monsters – Levitating

Ó Chontae Thír Chonaill d’Eoghan Holland, cumadóir ceoil is ceoltóir a bhfuil cur chuige dána aige i leith an cheoil mar a bhí ag ceannródaithe ar nós Brian Wilson fadó. Ó 2010 i leith, dhein sé tuairim is caoga píosa ceoil a thaifeadadh. De réir a chéile, thug sé cuireadh do cheoltóirí is amhránaithe éagsúla – ó bhannaí mar Groom, The Henry Girls, Comrade Hat is The Spook Of The Thirteenth Lock – cabhrú leis na míreanna san a fhorbairt agus d’eascair amhráin astu. Tá na hamhráin uilig le clos ar a albam úr Dreams agus bhí a bhanna le clos ag seoladh an albaim ar ardáin ar fud an iarthair le gairid. Tugann an t-amhrán spleodrach seo leithéidí Captain Beefheart, The 13th Floor Elevators is James White chun cuimhne.

Holly Herndon – An Exit

Ba bhreá liom an lá a chaitheamh ag éisteacht le hiontas an domhain faoi mar a taibhsítear é do Holly Herndon, amhránaí/ceoltóir/léiritheoir/ealaíontóir fuaime ó San Francisco ó dhúchas. Conas a thugann an cumadóir ceoil avant-garde cluas le héisteacht dá timpeallacht? Ag éisteacht lena halbam nua Platform ar 4AD, cuireann sí mearbhall ar a lucht éisteachta is a canbhás fuaime ag síorathrú; buille de dhruma anseo, scread ansiúd, ‘cliceanna’ de mhéarchlár a ríomhaire fáiscthe isteach ó am go chéile, is fuaim shaibhir an doird ag sní tríd an saothar ar fad.  Tá macallaí de phopamhránaithe aitheanta dála Sia agus Rihanna le clos anois is arís, ar an amhrán seo, mar shampla, nó ar ‘Chorus’ nó ‘Morning Sun’. Ceann de na halbaim is suimiúla a chuala go dtí seo i mbliana.

Sunset Graves – Winter Fruits

Seo an an chéad singil ó Love Pours Into Death, albam úr le Andy Fosberry, ceoltóir ó Shasana atá tar éis saothair a eisiúint cheana faoi ainmeacha mar Lo Grounds & pique. Tá sé ag taifeadadh mar Sunset Graves ó d’eisigh sé a chéad albam Variant sa bhliain 2013 agus in agallamh le déanaí, dúirt sé go mbíonn dlúthcheangal ag a cheol lena mhothucháin phearsanta agus é ag saothrú mar Sunset Graves. Ar a shon san, seo an t-aon rian ar a albam ar ar bhraitheas cumhacht na mothúchán sin.

Magit Cacoon – Freedom Is Timeless

Tá Magit Cacoon ag plé leis an gceol leictreonach ó bhí sí ina gearrchaile óg i Tel Aviv.  Tá ceannasaí lipéid Girl Scout ag cur fúithi i mBerlin anois is tá a céad albam Other Dimension díreach eisithe aici. Is breá liom an t-amhrán seo; idir an tslí ina dtéann a guth ag snámh timpeall na gcallairí is na gcéadfaí, is an rif house ‘old school’ a chloisimid ag gluaiseacht tríd an amhrán.

Ceann ón gCartlann

Gene Pitney – 24 Sycamore

Maireann dhá leagan mór le rá den amhrán seo agus má chaitheann tú súil ar na nótaí a fhágann daoine faoi na taifid ar YouTube, tabharfaidh tú fé ndeara go bhfuil lucht leanúna ar leith ag bunleagan Wayne Fontana – a bhain creathadh as na cairteanna san Astráil sa bhlian 1967.

Tá lucht leanúna chomh dílis céanna ag leagan clúdaigh Gene Pitney, a tháinig amach i 1973. B’fhearr liomsa i bhfad ceann Gene agus – géillim – b’fhéidir go bhfuil cúis shimplí ar leith leis seo: ba é leagan Gene a chuala ar dtús. Bíogann mo chroí ag léamh díograiseach Pitney, an tslí a mbaineann sé úsáid as raon a ghutha ar fad, ó thús séimh an amhráin go dtí an curfá bladhmannach ‘Where’s that hand that I used to hold? / Once so warm but tonight so cold …’

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00 https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'