5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Shlohmo – Apathy (feat. D33J)

Bhí tréimhse ann nuair a bhí Henry Laufer, ó LA ó dhúchas – a bhíonn ag taifead mar Shlohmo (ní mór a ainm a rá os ard i gcanúint duine de bhunaidh cheantar an Chladaigh sa Ghaillimh) – ag eisiúint ceoil avant-garde R&B ar aon chuma le saothar The Weeknd is Drake. Ach tá athrú mór tagtha ar a stíl ar a albam úr Dark Red, atá lán suas d’fhuaimeanna níos ‘troime’ is níos ‘dorchaí’ ná mar a bhí ina shaothar luath. De réir dealraimh, tá an cló gruama seo ar a chuid ceoil de bharr na dtréimhsí atá caite in ospidéil is daoine ar a aithne ag fáil bháis agus na hoícheanta is laethanta atá caite aige féin ar an drabhlás, a d’fhág traochta, tnáite é. Ach deirtear go bhfilleann an ghrian i ndiaidh na fearthainne is tá macallaí dá chúlra pop le clos sa phort seo, a chuireann ‘Where Is My Mind’ leis na Pixies i gcuimhne dom.


Route 8 – The Sunrise In Her Eyes

Closim daoine óga ag tabhairt house ‘domhin’ ar na haon saghas port house na laethanta seo ach ón dtuiscint atá agamsa ar cheol house ‘doimhin’, is stíl ar leith atá i gceist: de ghnáth bíonn sé 120 buille sa noiméad nó níos moille, bíonn ‘spás’ san obair léirithe is braistint teolaí ar leith le ‘mothú’. Leanann an port ar leith seo ón léiritheoir Gergely Szilveszter Horváth ón Ungáir na critéir seo ar fad. Chun an fhírinne a insint, tá an EP as a dtagann sé ‘This Raw Feeling’ ar fheabhas ar fad. Maireann spride house is techno, Chicago is Detroit, go tréan ann.


Polar Bear – We Feel The Echoes

Is é Seb Rochford drumadóir agus ceannasaí an ghrúpa snag-cheoil seo ó Londain, a d’eisigh a seachtú halbam le déanaí. Deineadh an t-albam a mheascadh i bhFásach Mojave agus tá teas an cheantair mháguaird le mothú sa dord doimhin is sna héifeachtaí dub atá ag plubarnaigh faoin dromchla snagcheoil. Port gleoite táibhsiúil é seo déanta do mhaidiní samhraidh.


Maxime Dangles – Amsterhodes

Tá an léiritheoir techno seo ón Fhrainc ag eisiúint singilí is athmheascáin den gcéad scoth ó scaoil sé amach a chéad saothar ar an margadh ar lipéad Kompakt sa bhliain 2006. Mar sin féin, níor éisigh sé a chéad albam go dtí an tseachtain seo. ‘Resilience’ an teideal air agus tá an stail mhór de phort techo seo air, a chuireann singilí cailiúla a chompánach dhúchasach, Laurent Garnier, i gcuimhne dom.  


Ceann ón gCartlann

Magazine – Shot By Both Sides

B’é ‘Shot By Both Sides’ an chéad singil a d’eisigh an grúpa Magazine sa bhliain 1978 agus tá sé tiomáinte ag ceann de na rifeanna is cáiliúla ón dtréimse iarphunc. Bhunaigh Howard Devoto an grúpa tar éis dó a chúl a chasadh ar an ngrúpa Buzzcocks an bhliain roimhe sin. Theastaigh uaidh amhráin a chumadh ná leanadh an múnla rac-cheol traidisiúnta. Mar sin féin, níl de cheangal idir é seo agus na hamhráin punc ná raibh gean ag Devoto orthy níos mó ach an rif cailiúil. Maidir le hábhar na liricí, is struchtúr oscailte atá ag an amhrán,rud a d’fhág go bhfuil sé difiiúil go maith leis na hamhráin gonta fe bhun trí nóiméad a bhí mar bhonn leis an ngluaiseacht punc.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/