5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Sufjan Stevens – Fourth Of July

Seo é an t-amhrán is fearr agus is brónaí a chualasa i mbliana. Cailleadh Carrie, máthar Sufjan, de bharr ailse agus ar a albam úr Carrie & Lowell chaith Carrie a saol ina cónaí lena grá geal Lowell. Deineann Sufjan machnamh ar an gcaidreamh a bhí aige léi. Ar an amhrán áirithe seo, tagraíonn sé do cheann de na comhráite deireanacha a bhí eatarthu is í ag fáil bháis san ospidéal. Ag an bpointe seo, mar a ghéill sé in agallamh le gairid, ní raibh d’aidhm acu beirt ach a ngrá a chur in iúl dá chéile ar bhealach lom, fírinneach.  Bhí tocht im’ scórnach i bhfad sarar chuala é ag amhrán na bhfocal ‘We’re All Going To Die’ den chéad uair.

Jeff Bridges – Temescal Canyon

Tá albaim cloiste agam ó lucht scannán mar David Lynch is William Shatner nár chuaigh i bhfeidhm orm, mar sin mo leithscéal má bhíos amhrasach nuair a chuala go raibh albam cruthaithe ag an aisteoir Jeff Briges. Chum sé Sleeping Tapes  i dteanna Keefus Ciancia, a chum an ceol do True Detective is Nashville agus – iontas na n-iontas – tá sé thar barr ar fad. Cruthaíodh an t-albam chun cabhrú le héisteoirí a scíth a ligint is titim ina gcodladh agus ar an amhrán ar leith seo, téimid ar shiúlóid i dteannta Bridges is péinteálann a ghuth pictiúr de thimpeallacht Temescal Canyon. ‘Sea, tá ’The Dude’ thar n-ais.  Ach n’fheadar an mbeadh suim ag Bill Murray albam mar seo a thaifeadadh?

Noo – Must Be The Music

Bhí daoine an-tógtha le ceirnín 12” deireanach Noo – cruthaithe ag Daze Dasen ó Plastique Du Reve agus Sam Liuski ó Bangkok Impact – nuair a eisíodh é thart ar bhliain ó shin. Seo an dara hiarracht uatha, eisithe ag lipéad Optimo Music Disco Plates ó Ghlasgú is é munlaithe ar an tsaghas disco a bhí á chumadh in Nua Eabhrach sna seachtóidí déanacha. Cuirfidh seo gliondar ar an gcroí ag féilte ceoil na cruinne an samhadh seo.

Legowelt – Evaporate With Me 2 Infinity

Má thaitníonn blas sícideileach leat ar do chuid ceoil rince, seans maith go bhfuil cúpla rian ó Danny Woflers, an léiritheoir ceoil ón Ísealtír a bhíonn ag taifead mar Legowelt, neadaithe cheana féin id’ thiomántán crua.  Seo buaicphointe an Anaconda Flow EP– agus, ambaiste, samhlaíonn an t-éisteoir seo gurb é an saghas port a bheadh á chasadh i gclub sa scannán Blade Runner dá mbeadh sé de chúis ag Rick Deckard/Harrison Ford dul amach ag rince.

Ceann ón gCartlann

Sonic Youth – Expressway To Yr Skull

Nuair a bhíos im gharsún ag dul ar scoil sa Daingean i gCorca Dhuibhne, d’éistínn arís is arís eile le EVOL, tríú albam an ghrúpa Sonic Youth ó Nua Eabhrach, gach maidin is mé ag stánadh amach ar an bhfarraige is an bus scoile ag lúbadh timpeall bhóthar chúng Chinn Sléibhe.  ‘We’re going to kill the California girls’ a deir Thurston Moore ag tús an amhráin agus chuir na focail mearbhall orm mar dhéagóir: cad tá i gceist aige leis na focail san, ach go háirithe is é á gcanadh go truamhéileach? Tá teidil eile ar an amhrán seo; ar an gclúdach ar cúl, tugtar ‘Madonna, Sean and Me’ air agus ar an gcárta lastigh ‘The Cruxifixion Of Sean Penn’.  Beidh an t-albam ar leith seo EVOL ar fáil arís ar víneal is ar dlúthdhiosca trí lipéad Goofin is tá súil agam go ndéanfaidh siad na hamhráin a hathmháistriú.

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'