5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin cúig cinn d’amhráin atá á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Strands & Chequerboard – Leaf To Light

Tá John Lambert, nó Chequerboard, ar cheann de na ceoltóirí is cumasaí dá bhfuil ann sa taobh seo den domhan. Tá aithne ar Stephen Shannon mar cheoltóir faoin ainm Strands (bhí baint aige leis an mbanna Halfset chomh maith) ach tá obair léirithe thábhachtach déanta aige ar shaothair ó leithéidí Adrian Crowley is Crayonsmith, gan trácht ar an gceol atá cumtha aige do mhórán scannán, ina measc Ondine, scannán Neil Jordan.  Éist leis an bport nua galánta seo a chumadar in éineacht, iad beirt ar na giotáir, ag méaraíocht na gcórdaí go séimh, macánta is go hómósach.

Jamie xx – Loud Places (ft Romy)

Beidh chéad albam an léiritheora Jamie xx, In Colour, á eisiúint ag deireadh na Bealtaine agus seo chugainn an singil is déanaí uaidh.  Tá guth Romy Madley Croft, a bhíonn ina theannta sa bhanna The xx, le clos sa phopamhrán tarraingteach seo a d’fhéadfadh creathadh a bhaint as na cairteanna agus guailleáil isteach ar liostaí amhrán na stáisiún raidió trachtála.  Beidh Jamie ag casadh ag an bhféile Forbidden Fruit i mBaile Átha Cliath ar an 30 Bealtaine.

Colleen – Captain of None

Colleen an t-ainm a úsáideann an cumadóir is léitheoir Cécile Schott ón bhFrainc dá cuid taifead.  Tá a cuid ceoil á chasadh agam ar an raidió ó d’eisigh sí a chéad shaothar ar lipéad Leaf na cianta ó shin. Bhí sé de phribhléid agam greim a fháil ar a halbam úr Captain Of None sarar eisíodh é agus braithim go bhfuil éacht mór déanta aici.  Seo é an chéad phort air agus is sampla maith é don domhan uathúil ceoil atá cruthaithe aici ar an albam.  Cloisimid an ceol Barócach a luaitear léi ach slí aimsithe don dub aici san obair léirithe, (faoi mar a dhein Arthur Russell ar a albam clúiteach World Of Echo fadó – is cosúil go raibh sí ag éisteacht leis an saothar seo go minic is an albam á thaifead aici).  Dea-scéal do mhuintir Chorcaí go mbeidh deis acu í a fheiscint ar an ardán sa Cheoláras ar an gcéad Domhnach de mhí Bealtaine i dteannta Chaoimhín Uí Raghallaigh.

Radian Versus Howe Gelb

Anuraidh chuaigh an t-amhránaí Howe Gelb – fear a bhfuil aithne air as a chuid gaiscí leis an ngrúpa ceoil ailtéarnach Meiricéanach Giant Sand – isteach sa stiúideo leis na léitheoirí ceoil Radian ó Vienna na hOstaire is eisíodh toradh a gcomhshaothair ag tús na bliana.  Cé go raibh mórán ag tnúth go mór leis, cáineadh go forleathan an t-albam sna meáin cheoil is ní nach ionadh é, mar bhí formhór de leamh go maith.  Ach tá dhá amhrán ar leith ann, atá i bhfad Éireann níos cumhachtaí ná aon ní eile atá le clos air agus áirím seo ar cheann acu.   

Kammerflimmer Kollektief – Evol Jam (Edit)

Eisíodh ‘Désarraoi’, an deichiú halbam ón ngrúpa iarphonc Kammerflimmer Kollektief ón nGearmáin le déanaí agus éiríonn leis gnéithe de chineálacha éagsúla ceoil is cúltúr – dub, fuaimeanna sicídéalacha, éifeachtaí stuidió is mórán eile – a thabhairt le chéile.  Tá an t-albam ina chíor thuathail ó thosach deireadh ach fanann amhrán grá cosúil leis an gceann seo, a chuireann This Mortal Coil  i gcuimhne dom, linn nuair a thránn an taoide.

Ceann ón gCartlann

M Like Moon – Sunlight

Is breá liom ceol dioscó na hIodáile ó na seachtóidí déanacha is na hochtóidí. Anuas ar theacht a bheith i gcónaí againn ar iontais nua ceoil, tá tobar ceoil ann gur féidir filleadh air arís is arís eile. Níor chuireas aithne ar an tseoid, mhall ghleoite seo a eisíodh sa bhliain 1984 go dtí le gairid. Táim cinnte go mbeidh mé ag éisteacht le mórán ceirníní ‘Italo’ sna seachtainí amach romhainn is eagrán speisialta de mo chlár raidió á ullmhú agam bunaithe ar an seanrá seo dár 16ú breithlá.

– Cuireann Cian Ó Cíobháin an clár An Taobh Tuathail i láthair ar RTE Raidió na Gaeltachta gach Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'