An Claiḋeaṁ Soluis (29 Eanáir 1916)

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (29 Eanáir 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

CLAOIMH

Uimhir 931                             Cláraithe mar pháipéar nuachta Eanáir 29, 1916                             Pingin

Cúrsaí an tSaoil

An  Rialtas agus na hÓglaigh

Fáth na Foghlach

Rinne pílears [DMP] Bhaile Átha Cliath foghail ar cheithre theach sa chathair oíche Dé Sathairn. Teach mná an chead áit ar a ndearna siad argain. Fuair siad gléas beag cló ann agus thug siad leo é. Chuardaigh siad trí áit eile agus súil acu go bhfaigheadh siad gunnaí agus piléir agus pléascáin. Turas in aisce a bhí acu. Ní bhfuair siad ach seacht ngunna láimhe, gunnaí a d’fhág saighdiúirí ina ndiaidh.

Níor ionsaigh na hargthóirí aon áit a raibh gunnaí i dtaisce agus is deacair fáth na hairgine a thuiscint. Bhí scéal ar pháipéir an Domhnaigh agus is cosúil ón scéal sin go raibh a réasún féin ag lucht cosanta na Ríochta. Dúradh sna páipéir gur gabhadh gunnaí agus roinnt piléar agus nár cuireadh in aghaidh na n-argthóirí, gur ligeadh dóibh na gunnaí agus na piléir a thabhairt leo.

Fuair siad seacht ngunna agus ní mór le rá an méid sin. Níor baineadh a ghunna d’aon óglach. Céard is fáth don scéal bréagach mar sin? Nuair a léigh muintir an tuaithe an scéal á rá nach ndearnadh aon chosaint ar lucht na foghlach, cad a shíl siad ach gur cladhairí Óglaigh na cathrach, agus ó tharla go bhfuil seasamh na tíre ar Óglaigh Bhaile Átha Cliath go bhfuil an chúis caillte cheana féin. Is mar sin a cheap lucht an Chaisleáin go mbeadh an scéal.

Ná bíodh droch-amhras ag muintir na tuaithe ar Óglaigh na cathrach. Níor cruthaíodh fós gur cladhairí iad agus is maith is eol sin don Chaisleán. Nuair a bhí an phreasáil i gceist le fíor-ghairid ba léir don Rialtas nár fhéad siad an tAcht a chur i bhfeidhm sa chathair gan raic agus doirteadh fola. Ní fheilfeadh a leithéid sin dóibh faoi láthair agus chinn siad ar Éire a fhágáil taobh amuigh den dlí ar fad. D’admhaigh siad féin an méid sin. Tá siad ag iarraidh, anois ar bhealach glic eile, beag is fiú a dhéanamh den Fhéinn.

Na Coláistí Gaeilge

Is cuimhneach linn gur chuir Bord an Oideachais Cheardúla d’fhiacha ar na Coláistí Gaeilge na múinteoirí scoile a choinneáil i ranganna dóibh féin. Rinn an Bord sin cúpla bliain ó shin. Is clos dúinn anois gur mhaith leis an mBord gan ach  múinteoirí scoile a ligean isteach sna Coláistí. Ní féidir leis an múinteoirí scoile, dar leis an mBord, an Ghaeilge a fhoghlaim má bhíonn daoine mar Chonraitheoirí in aon choláiste leo.

Tá Sasanach darb ainm dó Fletcher ar lucht stiúrtha na Bhoird. Is é rúnaí an Bhoird é. Is fuath leis an Ghaeilge agus is in aghaidh a thola a thugann an Bord airgead do na Coláistí. Nuair a ceadaíodh an t-airgead a thabhairt i dtosach ní raibh Fletcher i láthair agus ó shin i leith tá sé ag iarraidh na Coláistí a bhacadh. Nuair a tháinig Natan go dtí an Bord roimh Nollaig is é Fletcher a mhol dó airgead a bhaint de na Coláistí.

B’éigean don Rialtas airgead na Gaeilge a a thabhairt ar ais in ainneoin Fletcher, ach ní chuirfidh sé suas dá chleasa go fóill. Tá sé anois ag iarraidh na Coláistí a dheighilt ón gConradh agus náisiúntacht a dhíbirt glan amach astu. Má tá aon choláiste amháin a ghéillfidh dó tá mearbhall orainn. Mura mbeadh an Conradh ní bheadh tóir ag na múinteoirí ar an nGaeilge, ní bheadh a dtriall ar na Coláistí ná ní bheadh an Ghaeilge i gceist ar chor ar bith.

Ní haon mhaith dúinn a bheith ag ligean orainn féin go bhfuil an Rialtas carthanach le Gaeil, nó go dtabharfaidh siad saoirse dá laghad dúinn ach de réir mar a bheimid in ann saoirse a bhaint amach agus a chosaint. Is fuath leo an  tÉireannach nach ndéanann troid do Shasana. Níl ceart ná cóir dó. Is fuath leo an Ghaeilge agus níl ach raiméis bhréige sa chaint seo na náisiún beag. Níl ach aon náisiún beag amháin i gceist ag an Rialtas, is é sin Sasana.

Lucht Comhchúnta

Feictear dúinn go bhfuil na Feisirí agus “An Freeman” ag gearán faoi gur tugadh cabhair airgid don Chumann Comhchúnta. Is beag beas atá againn ar pholaitíocht an Phluingcéidigh ná ar a chomhairle i taobh na preasála .i. a chur i bhfeidhm in Éirinn, ach is léir dúinn gurb é a chur chomchúnamh ar bun sa tír seo, agus go bhfónann comhchúnamh go mór do na feirmeoirí.

An tá a bhuaileann buille ar an lucht Comhchúnta buaileann sé na feirmeoirí, agus tá súil againn go gcuirfidh an méid sin in iúl do na Feisirí.

Is beag an mhaith a rinne na Feisirí in aghaidh na cánach milltí atá á bhaint dínn anois. Nuair a leagfar cáin ar an talamh ar ball an ndéanfaidh siad blas níos fearr? Cá bhfios dúinn. Dé réir ár gcríonnachta is dóigh linn nach ndéanfaidh. Tá an Dipeartmint faoi stiúir na bhFeisirí. Seirbhíseach umhal dóibh is ea an leas-uachtarán an Ruiséalach. Is iad an lucht Comhchúnta an t-aon dream amháin atá ag tabhairt treorach agus cabhrach do na feirmeoirí. Tá an Dipeartmint, an Ruiséalach agus na Feisirí á ligean i ndearmad.

Maine

Mionscéala

Craobh Bhinn Éadair

Bhí Éamonn Ó Néill i gceannas cruinnithe a tionóladh i Scoil na Naíonán i mBinn Éadair Dé hAoine le Craobh den Chonradh a chur ar bun.

Léadh litir ón Athair Mac Liam, CC, ag tabhairt úsáid na scoile i gcomhar ranganna Gaeilge agus ag beannú don obair.

Fuarthas litreacha freisin ó Mharcus Ó Loinsigh agus síntiús giní), ón Rev. Mr. Powell agus ó Eithne Ní Chuilbheireull.

Mhínigh an cathaoirleach don chruinniú céad é stad na Gaeilge in Éirinn faoi láthair agus an obair atá roimh an gConradh. Thaispeáin sé conas a bhíonn gach rud nach mór ag obair in aghaidh na Gaeilge sa Ghaeltacht, an méid a rinne an Conradh le fiche bliain agus an méid gur féidir leis a dhéanamh feasta.

Ní mór do lucht na Galltachta a gcuid féin a dhéanamh le smaointe daoine a chorraigh i bhfabhar na Gaeilge ionas go mbainfidh siad a ceart amach di in Éirinn.

Chuir sé dá chuspóir roimh a raibh i láthair .i.i fíorGhaelachas a fhoghlaim tríd an teanga agus neartú leis an ngluaiseacht i gcoitinn. Ghlaoigh sé ansin ar Lil Nic Dhonnchadha le hobair craoibhe a mhíniú.

Chuir sé síos ar an méid a rinne sí ag cuidiú lena raibh ag obair i mBinn Éadair agus in áiteanna eile agus ghabh sé buíochas léi faoi a bheith i láthair.

Rinne Lil Nic Dhonnchadha trácht gearr ar a mbíonn le déanamh ag Conraitheoirí…

Má mheabhraíonn an Claidheamh duit dul go dtí siopa áirithe ag ceannach earraí ná fág an siopa sin gan an Claidheamh a lua