400 gasúr ‘fágtha ar shráideanna’ Bhéal Feirste mar gheall ar chiorruithe ar mhaoiniú clubanna óige Gaeilge

Dúirt an t-iarAire Airgeadais Máirtín Ó Muilleoir gur measa an cinneadh deireadh a chur leis an maoiniú do cheithre chumann óige sa chathair ná an cinneadh deireadh a chur le scéim Gaeltachta ‘Líofa’ anuraidh

400 gasúr ‘fágtha ar shráideanna’ Bhéal Feirste mar gheall ar chiorruithe ar mhaoiniú clubanna óige Gaeilge

Pictiúr: Glór na Móna/Twitter

Tá deireadh curtha ag an Údarás Oideachais ó thuaidh leis an maoiniú a chuirtí ar fáil do chumainn óige Ghaeilge i mBéal Feirste, rud a d’fhág gur dúnadh ceithre chumann óige sa chathair gan choinne ag deireadh na seachtaine seo caite.

Fuair oibrithe óige sa cheithre chumann, Cumann Óige Uachtar Cluanaí, Cumann Óige Machaire Botháin, Cumann Óige an Ghleanna agus Cumann Óige na bhFál, scéal Dé hAoine seo caite go raibh deireadh á chur leis an maoiniú agus go mbeadh siad fágtha gan aon phost acu maidin inniu.

Bhí an t-airgead á chur ar fáil ón Údarás Oideachais faoi ‘Scéim Sínithe an Aire’ ón mbliain 2012 agus is ar thuarastal na n-oibrithe óige a caitheadh cuid mhaith den mhaoiniú sin. Fógraíodh go mbeadh an t-airgead á tharraingt siar ag deireadh an lae oibre an Aoine seo caite.

Dúirt duine de na hoibrithe óige a chaill a phost Dé hAoine gur fhág an cinneadh deireadh a chur leis an maoiniú nach raibh an dara rogha ag na cumainn óige a chaill roinnt dá gcuid fostaithe ach na cumainn sin a dhúnadh.

“Bhí suas le ceathrar fostaithe ag na cumainn óige ach caillfidh ar a laghad beirt díobh a bpost anois siocair na gciorruithe seo. Sárú ar an bpolasaí cosanta leanaí a bheadh ann dá leanfadh an cumann ar aghaidh d’uireasa na n-oibrithe óige oilte agus rinneadh an cinneadh iad a dhruid.

“Goilleann an cinneadh go mór ormsa, ar na gasúir agus ar na tuismitheoirí i mBéal Feirste, ach goilleann sé freisin ar dhaoine nach bhfuil aon Ghaeilge acu sa cheantar. Tá na daoine óga croíbhriste agus tá na tuismitheoirí ar mire. Is léir gur cinneadh leatromach a bhí anseo agus ionsaí oscailte ar sheirbhísí Gaeilge arís eile,” a dúirt Conchúr Ó Muadaigh, a d’oibrigh le Cumann Óige Uachtar Cluanaí.

Dúirt Ó Muadaigh go raibh a fhios aige go raibh deireadh ag teacht leis an scéim ag deireadh na míosa seo caite ach “nár shíl [sé] riamh] nach dtabharfaí maoiniú faoin scéim don chéad bhliain eile.

“Agus an Ghaeilge i lár an aonaigh sna cainteanna polaitíochta atá ar bun, agus pobal na Gaeilge anseo chomh heagraithe sin, cad tuige a ndearna siad rud chomh bómánta seo? Cuireann sé iontas orm go ndéanfadh siad é,” a dúirt sé.

Tá 400 gasúr “fágtha amuigh ar na sráideanna” mar gheall ar an gcinneadh seo, dar le Ó Muadaigh.

Dúirt an t-iarAire Airgeadais, Máirtín Ó Muilleoir, go bhfuil an cinneadh an maoiniú a ghearradh “níos measa ná an cinneadh a rinneadh i leith na scéime Líofa” ag deireadh na bliana seo caite.

“Bhí an Ghaeilge ina sceilpín gabhair ag Airí an DUP. Ní féidir glacadh leis an gcur chuige sin. Is é seo an t-ionsaí is tromchúisí ar earnáil na Gaeilge ó rinneadh an cinneadh faoi Líofa agus is sárú díreach é ar an ngealltanas a thugtar i gComhaontú Aoine an Chéasta maidir le ‘gníomh daingean’ ar son na Gaeilge agus fágann sé ar leataobh an dualgas reachtúil a leagann an Comhaontú ar an Roinn Oideachais ‘an Ghaelscolaíocht a spreagadh agus a éascú’,” a dúirt Ó Muilleoir.

Tá cruinniú iarrtha ag Ó Muilleoir le Príomhfheidhmeannach an Údarás Oideachais mar gheall ar an gcinneadh seo agus tá éilithe aige ar an Taoiseach Enda Kenny “an fód a sheasamh” in aghaidh an “ionsaí seo ar Chomhaontú Aoine an Chéasta”.

Tá éilithe freisin ag Conradh na Gaeilge go gcomhlíonfaí na “dualgais reachtúla” maidir le cur chun cinn na Gaeilge ó thuaidh. Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán an Chonartha, go bhfuil na seirbhísí óga Gaeilge “mar dhlúthchuid” d’athbheochan na Gaeilge ó thuaidh.

“Tá na deiseanna a chuirtear ar fáil tríd na clubanna óige maidir le forbairtí pearsanta i gcomhthéacs neamhfhoirmiúil rí-thábhachtach do dhaoine óga atá ag fás aníos leis an Ghaeilge.

“Seasann Conradh na Gaeilge le Glór na Móna, agus leis an earnáil óige Ghaeilge trí chéile agus éilíonn ar an Údarás Oideachais dul siar ar an chinneadh seo agus le cinntiú fosta go ndéanfar freastal cothrom ar dhaoine óga a chaitheann an saol trí Ghaeilge go príomha,” a dúirt sé.