4 theanga curtha le Whatsapp – ach gan an Ghaeilge ina measc fós

Rinneadh uasdátú mór ar an teachtaire aréir agus tá fáil anois ar 184 straoiseog nua, socruithe nua slándála agus roghanna breise do chomhráite grúpa

Whatsapp

Tá an teachtaire Whatsapp anois ar fáil i gceithre theanga nua, ach níl an Ghaeilge ina measc sin fós. Is iad na teangacha nua sin ná Casaicis, Tagálaigis, Úisbéiceastáinis agus Mailéalaimis.

Cuireadh feachtas ar bun i mí Eanáir na bliana seo caite chun brú a chur ar an gcomhlacht leagan Gaeilge dá sheirbhís a chur ar fáil. D’iarr ball den ghrúpa Facebook Gaeilge Amháin go seolfaí ríomhphoist chuig Whatsapp “le cur in iúl go bhfuil éileamh ar leagan Gaeilge” den teachtaire.

Tá an teachtaire ar fáil i 75 teanga anois, an Chatalóinis, dhá chanúint Phortaingéilise agus dhá chanúint Ioruaise ina measc. Cuirtear na leaganacha seo ar fáil tríd an slua-aistriú – úsáideoirí na seirbhíse á aistriú trína gcuntas Twitter nó Facebook ar an suíomh translate.whatsapp.com.

Thug urlabhraí Whatsapp le fios do Tuairisc.ie i mí Mhárta seo caite nach bhfuarthas mórán litreacha ón bpobal a d’éiligh leagan Gaeilge den aip.

“We have not received correspondence recently asking about an Irish translation – over the years I can remember only a handful of inquiries. So this particular translation is not something we are pursuing at this stage, but something we have in mind,” a dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.ie.

Ní hiad na teangacha amháin a cuireadh leis an aip san uasdátú is deireanaí. Tá 184 straoiseog nua, a bhí ar fáil ar an leagan ríomhaire den aip le cúpla mí anuas, anois ar fáil ar an leagan fóin – brat na hÉireann ?? agus an tseamróg ☘ ina measc. Tá 247 brat ar fáil ar an leagan fóin den aip anois chomh maith le siombail ar nós an fleur-de-lis ⚜, straoiseoga nua spóirt ⛷, cineálacha nua bia ? agus straoiseoga nua aimsire ?. 

Ó thaobh cúrsaí slándála de, táthar in ann a roghnú anois cé na sonraí a thabharfar do Whatsapp idir ghrianghraif, shuíomh agus theagmhálaithe agus araile. Go dtí seo, bhí ar úsáideoir glacadh le gach iarratas faisnéise go mbeifí in ann an aip a íoslódáil.

Tá méadú tagtha ar líon na ndaoine ar féidir a chur i gcomhrá grúpa – ó 100 go 256. Meastar go bhfuil baint ag an méadú seo leis an bplean atá ag Whatsapp comhlachtaí a nascadh lena gcuid custaiméirí tríd an aip.

Is é Whatsapp an teachtaire is mó ar domhan agus seoltar os cionn 42 billiún teachtaireacht ar an aip gach uile lá.

Fág freagra ar '4 theanga curtha le Whatsapp – ach gan an Ghaeilge ina measc fós'

  • Seanán Ó Coistín

    Is mór an trua seo. Is mór an trua é nár sheol dóthain daoine le Gaeilge teachtaireachtaí chuig WhatsApp chun leagan Gaeilge a éileamh. Tá an feidhmchláirín Telegram ar fáil atá an-chosúil le WhatsApp agus tá sin á aistriú go Gaeilge.