39% de Ghaelscoileanna na tíre gan cóiríocht bhuan

Tá 14 scoil ag fanacht le cóiríocht bhuan le breis is fiche bliain

5baytipton4

Tá 39% de bhunscoileanna lán-Ghaeilge na tíre, atá taobh amuigh den Ghaeltacht, gan cóiríocht bhuan, de réir figiúirí nua a chuir ean eagraíocht Gaelscoileanna Teo. Ar fáil do Tuairisc.ie.

As an 56 bunscoil atá gan cóiríocht bhuan, tá 14 scoil ag fanacht le cóiríocht bhuan le breis is fiche bliain.

Tá gealltanas tugtha ag an Roinn Oideachais i gcás 26 scoil go mbeidh scoil bhuan ar fáil dóibh sna blianta atá amach romhainn.

Tá tromlach na scoileanna lán-Ghaeilge gan cóiríocht bhuan ar liosta tógála na Roinne Oideachais faoi láthair agus tá airgead faighte ag cuid eile acu ón Roinn le tógáil a dhéanamh,nó le hathchóiriú a dhéanamh sa chás gur seanscoil atá i gceist.

Tógadh ceithre bhunscoil déag den 56 atá gan cóiríocht bhuan os cionn fiche bliain ó shin.

Tá 39% nó 11 iar-bhunscoil lán-Ghaeilge, taobh amuigh den Ghaeltacht, gan cóiríocht bhuan freisin. Is gcás sé cinn acu sin tá gealltanas tugtha ag an Roinn Oideachais go mbeidh foirgnimh bhuana acu sa chúpla bliain atá le teacht. Tá cuid de na foirgnimh sin á dtógáil faoi láthair.

 

Fág freagra ar '39% de Ghaelscoileanna na tíre gan cóiríocht bhuan'