350 milliún duine i ‘meánaicme’ na hAfraice, ach 544 milliún duine in umar an bhochtanais fós

Tá léargas suimiúil ar fhorbairt na hAfraice i dtuarascáil nua de chuid an OECD

350 milliún duine i ‘meánaicme’ na hAfraice, ach 544 milliún duine in umar an bhochtanais fós

I réigiún an Sahel, is é sin ó dheas de ghaineamhlach an Sahara, tá 645 milliún duine gan leictreachas fós

De réir tuarascáil nua de chuid an OECD (An tEagras um Chomhoibriú agus Forbairt Eacnamaíochta, tá 350 milliún duine san Afraic faoin am seo a bhfuil caighdeán maireachtála de chuid na meánaicme acu. Foilsíodh an tuarascáil i bpáirt le Banc Forbartha na hAfraice agus Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe.

Caoga a ceathair (54) tír atá i mór-roinn na hAfraice, agus is ann don mheánaicme sa tríú cuid de na tíortha sin. Is i dtíortha thuaisceart na hAfraice is líonmhaire atá an mheánaicme, is é sin ina céatadán den daonra. Is beag idir an caighdeán maireachtála atá ag an meánaicme sa Túinéis agus san Éigipt, cuir i gcás, agus an caighdeán a mbíonn súil agus glacadh leis in áiteacha eile ar domhan. Critéir an mheánaicmeachais, tá siad bunaithe ar chúrsaí sláinte, ar chúrsaí oideachais agus ar chúrsaí forbartha.

Tá an taobh eile ar an scéal.

1.2 billiún duine atá san Afraic inniu. Tá 544 milliún díobh sin in umar an bhochtanais fós. I measc na gcritéar a bhaineann leis an mbochtanas, tá easpa leictreachais, agus easpa breosla chun cócaireachta, chomh maith le heaspa scolaíochta, agus easpa seirbhísí sláinte. I réigiún an Sahel, is é sin ó dheas de ghaineamhlach an Sahara, tá 645 milliún duine gan leictreachas fós. Sin leath na ndaoine san Afraic ar fad.

Cúig phríomhréigiún atá san Afraic, agus is de réir na réigiún seo atá scagadh an eolais sa tuarascáil. Más ó thuaidh is airde an caighdeán maireachtála, agus easpa áiseanna in áiteacha i lár na mór-roinne, is san Oirthear is mó atá easpa bia agus dúshláin mhóra i réimse na cothabhála. I láthair na huaire, tá triomach uafásach i gCríoch Shomáile (Somaliland), cuir i gcás. 

Bíodh sin mar atá, is tír chumhachtach í an Aetóip, agus tá infheistíocht mhór á déanamh san infreastruchtúr sa tír sin agus sa gCéinia, cuir i gcás. De réir na tuarascála más ea, is é Oirthear na hAfraice an dara réigiún ar domhan is mó a bhfuil borradh agus forás ann. Níl chun cinn air ach cuid de thíortha na hÁise.

Más cúrsaí bia agus dí an gad is gaire don scornach in Oirthear na hAfraice, is easpa oideachais agus oiliúna is mó atá le leigheas in Iarthar na hAfraice, de réir na tuarascála. Agus má tá fadhb amháin le lua go sonrach, fadhb a théann i gcion ar an Eoraip féin, is í fadhb na dífhostaíochta í i measc an aosa óig. Tuilleadh infheistíochta san oideachas, rud a thabharfas deiseanna fostaíochta don chéad ghlúin eile, sin é a chuirfeas srian le sruth na n-imirceánach chun na hEorpa sa deireadh thiar. Is lom, fuar an staitistic í seo: tá leath na hóige gan obair san Afraic.

Tá roinnt fíricí suimiúla eile le baint as an tuarascáil. San Afraic Theas, i bPoblacht Ghána, sa Mharacó agus i Mósaimbíc, caitear os cionn 6% den olltáirge intíre ar an oideachas. Ar an taobh eile den scéal, is rud faoi bhun 1% a chaitear air i bPoblacht na Nigéire. Maidir le cothromaíocht idir na mná agus na fir, is iad An Bhotsuáin, An Namaib, Ruanda agus Leosóta is mó atá le moladh. I measc na dtíortha is fearr ar éirigh leo laghdú a  dhéanamh ar an mbochtanas ó 2005 i leith, tá Ruanda, An Ghána, agus An Libéir. 

Tá ráta fáis á thuar mar seo a leanas san Afraic ar fad: 3.4% i 2017, agus 4.3% i 2018. Tá meon nua á chur chun cinn i leith na hAfraice feasta. Seachas a rá go bhfuil cúnamh agus carthanas ag teastáil ann, is fearr a rá go bhfuil forbairt agus infheistíocht le déanamh ann. An dá ní is lú a bhfuil smacht orthu ann?

Rósholáthar gunnaí agus arm.

Sin agus an t-athrú aeráide. 

Fág freagra ar '350 milliún duine i ‘meánaicme’ na hAfraice, ach 544 milliún duine in umar an bhochtanais fós'