35% níos lú airgid ná mar a bhí beartaithe caite ag Roinn na Gaeltachta ó thús na bliana

Dúirt an tAire Heather Humphreys sa Dáil nár caitheadh an t-airgead uile de bharr moill a bheith ar thionscnaimh áirithe

35% níos lú airgid ná mar a bhí beartaithe caite ag Roinn na Gaeltachta ó thús na bliana

An tAire Heather Humphreys. Sam boal/Rollingnews.ie

Tá 35% níos lú airgid caite ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta sa chéad cheithre mhí den bhliain ná mar a bhí beartaithe. Chaith an Roinn €7 milliún níos lú ná mar a bhí beartaithe ón gcéad lá de mhí Eanáir go dtí an 30 Aibreán i mbliana.

Dúirt an tAire Heather Humphreys sa Dáil nár caitheadh an t-airgead uilig mar gheall ar mhoill a bheith ar thionscnaimh áirithe.

Thug an tAire le fios freisin go raibh farasbarr caipitil de €13.5 milliún nár caitheadh anuraidh ar fáil don Roinn i mbliana agus go raibh €2.1 milliún caite go dtí seo. Ní raibh cead ag an Roinn tosú ar chaitheamh an airgid seo ag tús na bliana mar gurbh éigean don Roinn fanacht go raibh Ordú Aireachta déanta ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe leis an gcaiteachas sin a cheadú.

Thug an tAire le fios freisin go mbíonn an Roinn ag obair go dlúth le hÚdaráis áitiúla lena chinntiú go gcríochnaítear tionscnaimh go tráthúil. Dúirt Humphreys go mbeidh oifigigh a Roinne ag leanúint orthu ag cur ina luí ar na hÚdaráis áitiúla gur gá dóibh na tograí a ceadaíodh in 2016 a chríochnú “chomh luath agus is féidir”. Dúirt sí gur gá na tograí a ceadaíodh faoi scéimeanna na bliana seo caite a chríochnú “go sásúil” sula mbreathnófaí ar mhaoiniú na bliana seo.

Tharraing an Teachta Dála Éamon Ó Cuív an cheist anuas sa Dáil agus é ag tabhairt suntais de nach raibh os cionn an tríú cuid d’airgead na Roinne caite, agus dúirt sé nach raibh an t-airgead caite ag an ráta a bhí beartaithe ag an Roinn.

Fág freagra ar '35% níos lú airgid ná mar a bhí beartaithe caite ag Roinn na Gaeltachta ó thús na bliana'