18,775 post státseirbhíse ag 15 roinn Rialtais – 15 post aitheanta a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo

De réir anailís ar fhigiúirí nua ó Airí Rialtais, níl ach 0.08 faoin gcéad de na poist i 15 Roinn Rialtais aitheanta mar chinn do dhaoine a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu, rud a fhágann gur leor Béarla do 99.92 faoin gcéad de na poist sin

18,775 post státseirbhíse ag 15 roinn Rialtais – 15 post aitheanta a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo

As an 18,775 post státseirbhíse atá ag 15 roinn Rialtais, níl ach 15 post aitheanta mar phoist a bhfuil líofacht sa Ghaeilge ag teastáil lena n-aghaidh.

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua tá ocht Roinn Rialtais ann nach bhfuil oiread agus post amháin sainaitheanta acu a bhfuil an Ghaeilge riachtanach dó: an Roinn Airgeadais; An Roinn Oideachais; an Roinn Tithíochta; an Roinn Caiteachais Phoiblí; An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta; An Roinn Cumarsáide; an Roinn Leanaí; agus an Roinn Cosanta.

Níl an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Forbartha Réigiúnaí, Tuaithe agus Gaeltachta san áireamh san anailís seo.

Agus nach mór dhá bhliain caite ó tugadh treoir do gach Roinn na poist a mbeadh daoine le Gaeilge ag teastáil iontu a liostú, níl ach 0.08% de na poist i 15 Roinn aitheanta mar chinn do dhaoine a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu. Ciallaíonn sé sin gur leor Béarla do 99.92% de na poist sin.

Sna freagraí a tugadh ar shraith ceisteanna Dála ó urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Peadar Tóibín, mhaígh ochtar Aire Rialtais nach gá dóibh aon phost a shainaithint mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis.

Sna sé roinn eile, tá ar a laghad post amháin sainaitheanta a bhfuil “inniúlacht sa Ghaeilge riachtanach” lena aghaidh.

Is iad an Roinn Dlí agus Cirt, an Roinn Coimirce Sóisialaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Roinn Sláinte, an Roinn Talmhaíochta, agus an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt na ranna a thug le fios go bhfuil ar a laghad ‘post Gaeilge’ amháin sainaitheanta acu.

Tá post amháin sainaitheanta ag an Roinn Dlí agus Cirt, agus is é sin post an aistritheora a bhfuil sé mar phríomhról aige Rialacha Cúirte a aistriú go Gaeilge. Thug an tAire Dlí agus Cirt Frances Fitzgerald le fios go bhfuil “leorlíon foirne” le hinniúlacht sa Ghaeilge ag a Roinn “chun freastal ar éilimh a thagann chun cinn”.

Tá post amháin sa Roinn Coimirce Sóisialaí a bhfuil “gá le ball foirne dátheangach” ann agus cuireann baill foirne eile seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge ar bhonn deonach “nuair a bhíonn siad de dhíth”.

Shainaithin an Roinn Sláinte “aon phost amháin den sórt sin” agus ceapadh ball foirne sa ról sin ina dhiaidh sin. Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris go bhfuil “rún daingean” ag a Roinn a chinntiú gur féidir freastal “a mhéad is féidir” ar chustaiméirí ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge.

Tá sé phost sainaitheanta sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil gá le hinniúlacht sa Ghaeilge dóibh agus líonadh ceann acu i mbliana le duine le líofacht i nGaeilge. Tá na cúig phost eile líonta cheana féin. Maíonn an Roinn go “gcomhlíontar an t-éileamh ar sheirbhísí Gaeilge ó chliaint na Roinne” i láthair na huaire.

Thug an tAire Shane Ross gur leor an t-aon phost amháin sa Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis – post an Oifigigh Gaeilge. Dúirt an tAire Ross nach gcuirtear cuóta ó thaobh na Gaeilge i bhfeidhm i bpolasaí earcaíochta a Roinne ós rud é “nach bhfuil post ar bith sa Roinn atá aitheanta mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis” seachas an post sin.

Tá cúigear ag obair sa Roinn Airgeadais atá “inniúil” sa Ghaeilge agus cuireann an cúigear sin seirbhísí Gaeilge ar fáil “ar bhonn deonach” nuair is gá, a dúirt an tAire Airgeadais Michael Noonan. Dúirt an tAire Noonan nach “gnách leis an Roinn seirbhísí a chur ar fáil don phobal go díreach” agus nach bhfuil gá dá bharr le poist áirithe a líonadh le cainteoirí Gaeilge “toisc nach bhfuil sé riachtanach dúinn é a dhéanamh faoin reachtaíocht”.

Tá triúr fostaithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha i bpoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. Is é Oifigeach Gaeilge na Roinne duine amháin acu sin agus oibríonn an bheirt eile in Oifig na bPasanna. Tá 215 ball foirne ag obair sa Roinn a bhfuil Gaeilge éigin acu agus Gaeilge líofa ag 55 acu sin.

Thug an tAire Oideachas Richard Bruton le fios gurb iad na daoine is mó ina Roinn atá gafa le seirbhísí a sheachadadh ar phobal na Gaeilge ná iad siúd a bhíonn ag plé le cigireacht na scoileanna agus le soláthar na seirbhísí síceolaíochta oideachais a chuireann An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais ar fáil do scoileanna i gceantair Ghaeltachta agus do Ghaelscoileanna.

Dúirt sé go raibh an Roinn “in ann na seirbhísí…a chur ar fáil trí Ghaeilge áit gur gá” ach níor thug sé le fios go bhfuil aon phost sainaitheanta ag a Roinn mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis. Dúirt sé go ndéanfadh an Roinn “machnamh ar chomórtas earcaíochta spriocdhírithe a reáchtáil ag a mbeidh sé riachtanach d’iarratasóir a bheith inniúil sa Ghaeilge”.

Cuireann 18 ball foirne sa Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil seirbhísí Gaeilge ar fáil ar bhonn deonach, ach níl aon phost Gaeilge sainaitheanta ag an Roinn. Thug an Roinn le fios go ndéanfar “monatóireacht agus athbhreithniú rialta” ar na cúinsí a bhaineann le poist Ghaeilge amach anseo.

Tá seisear “oibrithe deonacha” ag cur seirbhísí Gaeilge ar fáil sa Roinn Cosanta agus “is leor an méid sin chun na riachtanais atá ann a shásamh”, a dúirt an Taoiseach, atá ina Aire Cosanta freisin

“Níl aon phoist sa Roinn Cosanta a chuireann ceangal ar dhuine a bheith ábalta an tseirbhís áirithe sin a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Níl ach éileamh teoranta ón bpobal i gcoitinne ar sheirbhísí na Roinne a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge,” a dúirt an Taoiseach Enda Kenny.

Níor shainaithin an Roinn Post, Fiontair agus Nuálaíochta aon phost Gaeilge toisc gur “an-íseal a bhí an líon cumarsáidí a fuarthas i nGaeilge le blianta beaga anuas”.

Thug an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Katherine Zappone le fios nach bhfuil aon phost áirithe sa Roinn a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis ach go bhfuil an Roinn ag iarraidh “beirt oifigeach nua a fháil a bhfuil acmhainn acu chun cabhrú leis an Roinn seirbhís a sholáthar” i nGaeilge. Tá an dá phost sin “ag fanacht ar leithdháilte acmhainní” tríd an tseirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Tá dhá bhliain ann ó fógraíodh go raibh córas úrnua le cur in áit chóras na marcanna bónais do státseirbhísigh le Gaeilge.

Faoin gcóras nua, tá painéal daoine le cruthú a bhfuil líofacht sa Bhéarla agus sa Ghaeilge acu, painéal arbh ionann é agus 6% d’earcaithe nua sa státseirbhís.

Ba í an chéad chéim i mbunú an chórais nua ná go liostódh gach roinn na poist ar leith acu a mbeadh cumas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla riachtanach dóibh. Bhí an obair liostaithe sin le bheith déanta faoi lár Eanáir na bliana 2015. 

Tá sé suntasach go bhfuil an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, atá freagrach as riaradh agus inniúlacht Ghaeilge na Státseirbhíse, i measc na Rann nach bhfuil aon phost sainaitheanta acu mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge leis.

Tá 590 ball foirne fostaithe sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Forbartha Réigiúnaí, Tuaithe agus Gaeltachta; tugadh le fios i bhfreagra ar an gceist Dála gur ag feidhmiú trí Ghaeilge ar bhonn laethúil a bhíonn 52 acu sin.

Thug na Ranna éagsúla le fios go raibh ball foirne le Gaeilge acu nó socruithe déanta go mbeadh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil, ar bhonn deonach i gcásanna áirithe, ach ní hionann sin agus poist a bheith sainaitheanta mar chinn a mbaineann riachtanas Gaeilge leo.

 Infographic

Fág freagra ar '18,775 post státseirbhíse ag 15 roinn Rialtais – 15 post aitheanta a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo'

  • Fearn

    Tá duine éigin in áit éigin nach bhfuil ag déanamh a chuid gnó leis an Stáit I nGaeilge!

  • Gabriel Rosenstock

    TRÉAS! Níl aon fhocal eile air.

  • Pól Ó Braoin

    Bhuel na huaireanta a rinne mé iarraidh i nGaeilge… “We are sorry but no Irish speaking agents are available now, do you wish to wait or speak to an English speaking agent?”… nó focla den tsort sin. An tseirbhís nó an fanacht… b’shin an rogha… agus roghnaigh an tseirbhís a bhí mé ag iarraidh ar ndóigh….

  • Fearn

    Sea! a Phóil, mar a dúirt mé: Tá duine éigin in áit éigin nach bhfuil ag déanamh a chuid gnó leis an Stáit i nGaeilge! An tseirbhís nach n-éilítear, beag an baol go gcuirfear ar fail í.