£302 le ‘Queen of Ulster’ a dhéanamh de ‘Bhanríon Uladh’

Athraíodh an t-ainm le linn athfheistiú a rinneadh ar an mbád cúpla seachtain ó shin

£302 le ‘Queen of Ulster’ a dhéanamh de ‘Bhanríon Uladh’

Chosain sé £302 ar an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe ainm an bháid ‘Banríon Uladh’ a athrú go ‘Queen of Ulster’ an mhí seo caite.

Tuairiscíodh ar an Belfast Telegraph gur £7,000 a bhí i gceist ach caitheadh an chuid is mó den airgead sin ar dheisiú, péinteáil agus frithbhréantán. 

Athraíodh ainm an bháid an mhí seo caite mar gheall ar “polasaí aon teanga” an Aire nua Michelle McIlveen (DUP). Dúirt an tAire McIlveen gur athainmníodh an bád, ‘Banríon Uladh’, ar lena Roinn é,  toisc go bhfuil “féiniúlacht nua” ag an Roinn Talmhaíochta.

Is Roinn nua í an Roinn Talmhaíochta, a tháinig ar an bhfód tar éis toghchán Stormont na bliana seo, agus mhaígh an tAire go raibh “gá le hathruithe a dhéanamh” ar shócmhainní a bhí á n-aistriú go dtí an Roinn nua.

“Is Roinn nua í an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe, agus is Roinn í a bhfuil féiniúlacht nua, lógó nua agus polasaí aon teanga aici,” a dúirt an tAire McIlveen.

Tugadh le fios i bhfreagra ar cheist Tionóil an tseachtain seo gur athraíodh an chomharthaíocht ar an mbád le linn obair chothabhála bhliantúil, a chosain £6,835.

De réir eolais a fuair an nuachtán The Irish News, bhain £302 de sin leis an ainm a athrú.

“Athraíodh an litreoireacht le linn na cothabhála bliantúla a bhí sceidealta, inar áiríodh deisiúcháin, athphéinteáil agus péinteáil fhrithbhréantáin. Ba é costas iomlán na n-oibreacha seo £6,835. Áirítear sa mhéid sin costas £302 don chomharthaíocht nua,” a dúradh i ráiteas a tugadh.

Ceannaíodh Banríon Uladh in 2010, nuair a bhí Aire de chuid Shinn Féin i bhfeighil na Roinne, an tAire Michelle Gildernew. Ba í Gildernew a bhaist Banríon Uladh uirthi an uair sin.

Bhain conspóid le hainm an bháid ón gcéad lá riamh. Nuair a tugadh ainm Gaeilge uirthi in 2010, mhaígh comhalta de chuid an DUP, Stephen Moutray, go mbeadh sé deacair an bád a aithint i gcásanna éigeandála agus go gcuirfeadh sé isteach ar an gceart atá ag an gcriú a bheith ag obair in “ionad neodrach oibre”.

Dúirt Aire na linne, Michelle Gildernew, nach raibh san ainm ach maisiúchán agus go n-úsáidtear glao-chód an bháid i gcásanna éigeandála. Thagair sí freisin do threoracha Choimisiún an Chomhionannais ina ndeirtear nach gcuireann teangacha nach Béarla iad isteach ar “thimpeallacht mhaith, chairdiúil oibre”.

Tá ainmneacha Gaeilge fós ar roinnt báid bheaga de chuid na Roinne a bhíonn ag plé le huiscebhealaí intíre.

Níor tugadh ainm Gaelach ar an long nua de chuid Chabhlach na hÉireann, LÉ William Butler Yeats, a seoladh níos túisce i mbliana. Ba í an tríú long de chuid an Chabhlaigh a ainmníodh as scríbhneoirí Éireannacha, i ndiaidh an LÉ Samuel Beckett agus an LÉ James Joyce.

Agus scéal na loinge LÉ William Butler Yeats á fhógairt aige dúirt an tAire Cosanta ag an am, Simon Coveney, go bhfágfadh na hainmneacha Béarla go dtabharfaí “aitheantas níos mó do longa ár gCabhlaigh i gcalafoirt thar sáile”.

Bunaíodh an tSeirbhís Chabhlaigh sa bhliain 1946 agus bhíodh an nós ann na longa a ainmniú i ndiaidh mhná na miotaseolaíochta Ceiltí. Ba iad an LÉ Cliona, LÉ Maev agus LÉ Macha na chéad trí long a bhí ag an tSeirbhís. Tugadh ainmneacha Gaelacha ar gach long ina dhiaidh sin go dtí an bhliain 2014 nuair a baisteadh an LÉ Samuel Beckett ar long nua.