3 mhilliún leathanach léite ag 425,000 duine ar Tuairisc.ie le dhá bhliain anuas

Tá dhá bhliain ar an bhfód á cheiliúradh ag an tseirbhís nuachta Ghaeilge an deireadh seachtaine seo agus deir Eagarthóir an tsuímh ‘gur fearrde iriseoireacht na Gaeilge teacht Tuairisc.ie’

3 mhilliún leathanach léite ag 425,000 duine ar Tuairisc.ie le dhá bhliain anuas

Tá cuairt tugtha ag 425,000 duine ar Tuairisc.ie agus an tseirbhís nuachta ag ceiliúradh dhá bhliain ar an bhfód an deireadh seachtaine seo.

Ba ar an 9 Deireadh Fómhair 2014 a sheol Cathal Goan, céad cheannasaí TG4 agus iarArd-Stiúrthóir RTÉ, Tuairisc.ie i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Google Analytics, ón lá sin i leith, d’amharc nach mór 430,000 duine ar os cionn 3 mhilliún leathanach le linn an 1.3 milliún cuairt a thug siad ar an tseirbhís nuachta.

Le linn na tréimhse céanna foilsíodh beagnach 6,000 alt le nach mór 200 údar ar an suíomh.

Ag tagairt dó do na figiúirí léitheoireachta is déanaí seo, dúirt Eagarthóir Tuairisc.ie Seán Tadhg Ó Gairbhí gur “lomfhianaise” iad “go bhfuil pobal dílis léitheoireachta ann d’ábhar ar ardchaighdeán i nGaeilge ach an t-ábhar sin a bheith ar fáil dóibh”.

“Is é a chuireamar romhainn an chéad lá ná seirbhís a chur ar fáil do phobal na teanga a mbeidís bródúil aisti agus a bhféadfaidís brath uirthi. Tá súil againn go n-aontódh ár léitheoirí go bhfuil ag éirí linn sa mhéid sin agus go gcoimeádamar nuacht agus ábhar cainte leo le dhá bhliain anuas. Tá súil againn leis go n-aontóidís linn gur fearrde iriseoireacht na Gaeilge teacht Tuairisc.ie.

“Is féidir linn a rá, gan aon mhóraíocht againn, go bhfuil níos mó ábhar ar ardchaighdeán i nGaeilge á léamh inniu ná mar a bhí sarar seoladh Tuairisc.ie dhá bhliain ó shin. Táimidne buíoch go háirithe de na hiriseoirí ar fad a chuir an t-ábhar sin ar fáil dúinn gach lá gan teip le dhá bhliain anuas. Agus gan amhras táimid fíorbhuíoch dár léitheoirí dílse,” a dúirt Ó Gairbhí.

Infographic-tuairisc-2-bhlian

 

 

 

Fág freagra ar '3 mhilliún leathanach léite ag 425,000 duine ar Tuairisc.ie le dhá bhliain anuas'

  • Duine i measc an 430,000

    Go mba hé daoibhse. Tá an-mheas agam féin ar Tuairisc mar gheall go ndíríonn sé go stuama ar a phobal féin ach go mbíonn aird an tráth céanna ar an gcomhthéacs domhanda.

  • Liamo

    Breithlá shona daoibh agus comhghairdeas don fhoireann uilig. Bím ar an suíomh seo chuile lá agus bíonn scealtaí nua ann ó lá go lá. Nuair a sheoladh tuairisc.ie i 2014 bhí mé den tuairim go raibh páipéar nuachta Gaelach de dhíth ach athrú intinne atá agam anois a bhuíochas libhse scríobhneoirí den scoth. Guím gach rath oraibhse.

  • Seán Mac

    Breithlá shona daoibh go leir. Bím ag leámh bhur n-altanna gach lá agus ag déanamh iarracht mo chuid Gaeilge a feabhsú. Is doigh liom gur bhfuil seribhis riachtanach í an suíomh seo do muintir na Gaeltachta agus do foghlameoirí Gaeilge ar fud na tíre agus thar sáile comh maith. 

  • Fearn

    Go maire tú an chéid, a Thuairisc.ie.

    Nár trúige tú Galar na Féinspéise agus na Féinthagartha ó thaobh teanga agsu uabhair.

    Bain sult as na “Terrible twos”