28 leasú ar reachchtaíocht teanga le plé inniu ag Comhchoiste Oireachtais

I measc na leasuithe a mholtar i gcáipéis a bhfuil cóip de faighte ag Tuairisc.ie, tá go dtabharfadh gach uile eagras stáit gealltanas uaidh go mbeidh 10% dá bhaill foirne inniúil ar an nGaeilge

30/1/2014. Dail Scenes

Meastar go nglacfaidh Comhchoiste Oireachtais tráthnóna le 28 leasú atá á moladh ar chinnteidil an Bhille atá á thabhairt isteach chun athruithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Tiocfaidh an Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht le chéile ag 2.15pm inniu i gcomhair cruinniú príobháideach ag a bpléifear na moltaí atá leagtha amach i gcáipéis a bhfuil cóip di faighte ag Tuairisc.ie.

28 moladh ar fad atá sa cháipéis a d’ullmhaigh an Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus tá na moltaí bunaithe ar aiseolas a fuarthas ó eagraíochtaí Gaeilge, ón gCoimisinéir Teanga anseo in Éirinn, agus ó Choimisinéir Teanga na Breataine Bige. Tuigtear go bhfoilseofar na moltaí Déardaoin.

I measc na leasuithe sa cháipéis, moltar go dtabharfadh gach uile eagras stáit gealltanas uaidh go mbeidh 10% dá bhaill foirne inniúil ar an nGaeilge agus ábalta déileáil leis an bpobal trí mheán na teanga sin nuair is gá.

Ba mhian leis an bhFochoiste freisin go ndéanfadh an Rialtas athbhreithniú ar an gcinneadh a rinne siad i mí Dheireadh Fómhair 2013, áit a ndearna siad marcanna bónais as cumas sa Ghaeilge a bhronnadh ar stáitseirbhísigh a tharraingt siar.

Moltar, leis, go dtabharfadh gach eagras stáit gealltanas go bhfuil siad tiomanta dá seirbhísí go léir a chur ar fáil i nGaeilge fud fad na tíre.

Dá nglacfaí leis na moltaí sin faoin teanga sa státseirbhís, bheadh Comhchoiste Oireachtais a mbaineann formhór na mball ann le páirtithe an chomrialtais, ag dul glan in aghaidh pholasaí an Rialtais i dtaobh earcaíocht Gaeilgeoirí sa státchóras.

Is é mian an Fhochoiste go dtabharfaí aitheantas sa reachtaíocht nua d’iarrthóirí nua poist a bhfuil Gaeilge acu sa státseirbhís agus sa chás go gceaptar iad, go ndéanfaidís féin gealltanas go mbainfidh siad leas as a gcuid Gaeilge nuair is gá.

Moltar chomh maith nach ndéanfaí aon laghdú ar líon na n-eagras stáit a thiocfadh faoi scáth reachtaíocht na dTeangacha Oifigiúla.

Sa chás go bhfuil moladh i dtaobh polasaí poiblí sách tábhachtach is gur gá é a fhoilsiú, iarrann an Fochoiste go mbeadh an foilseachán sin ar fáil do shaoránaigh uile na hÉireann ina rogha teanga.

Seacht mbliana a mhairfeadh scéimeanna teanga de réir chinnteidil an Bhille, ach teastaíonn ón bhFochoiste nach mairfidís ach cúig bliana.

Sa chás go gcinnfeadh an tAire Gaeltachta fógra a thabhairt d’eagras stáit, ag cur in iúl dó nach gá dó scéim teanga phoiblí a ullmhú, molann an Fochoiste nach ndéanfadh an tAire é sin gan dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir Teanga ar dtús.

Dá leanfadh an tAire air lena leithéid d’fhógra, áfach, fiú tar éis dó labhairt leis an gCoimisinéir Teanga, moltar go dtabharfadh an Coimisinéir Teanga achoimre ar na cúiseanna áirithe nach bhfuil scéim ullmhaithe ag an eagras a bhaineann le hábhar agus go bpléifeadh an dá dhream – an Coimisinéir agus an t-eagras – plean gnímh agus scála ama le haghaidh scéim nua a aontú.

Moltar, leis, go gcuirfí i bhfeidhm scéim cúitimh, atá ceadaithe cheana féin san Acht, faoina n-íocfaí suim airgid le baill den phobal sa chás go sárófaí a gcearta teanga faoin Acht.

Sa chás go ndéanfaí seirbhís nó saothar a aistriú ó eagras stáit go heagras earnála príobháidí, molann an Fochoiste go bhféachfaí lena fháil amach an bhféadfadh an t-eagras san earnáil phríobháideach seirbhís a bhaineann leis an obair nó leis an saothar sin a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúil.

Ba mhian leis an bhFochoiste go mbeifí cruinn agus an leagan Gaeilge d’ainmneacha daoine á n-úsáid in aon chomhfhreagras a bhaineann le heagrais stáit.

Ba cheart d’eagrais stáit pé córas eolais agus teicneolaíochta a chur i bhfeidhm a bheidh in ann déileáil leis an méid seo, a mholtar.

Molann an Fochoiste go rachadh eagrais i ngleic leis an gceist seo ina gcuid ráiteas straitéise agus tuarascálacha bliantúla agus go leagfaidís síos tréimhse ama faoina sásófaí an riachtanas seo agus na céimeanna atá i gceist acu a thabhairt chun é a chur i bhfeidhm agus a chomhlíonadh.

Meastar go bhfoilseofar go luath Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú).

Bhain conspóid nach beag le foilsiú chinnteidil an Bhille agus idir eagraíochtaí teanga agus pholaiteoirí an fhreasúra den tuairim gur lagú seachas treisiú ar Acht na dTeangacha a bheadh i gceist leis an reachtaíocht mholta.

Fág freagra ar '28 leasú ar reachchtaíocht teanga le plé inniu ag Comhchoiste Oireachtais'