250,000 cainteoir Gaeilge laethúil faoi 2030? Sprioc an Stáit ag dul in áiféise…

Cad atá i ndán don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i bhfianaise na bhfigiúirí ó Dhaonáireamh 2016 a foilsíodh Déardaoin seo caite

250,000 cainteoir Gaeilge laethúil faoi 2030? Sprioc an Stáit ag dul in áiféise…

Leagadh síos roinnt spriocanna sonracha sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais faoi 2030; go mbeadh líon na ndaoine ‘le eolas acu ar an nGaeilge’ méadaithe go 2 mhilliún faoi 2030; agus go mbeadh ardú 25% ar líon na ndaoine ‘a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht gach lá’.

Idir 2011 agus 2016, in áit ardú i ngach ceann de na slata tomhais sin, is a mhalairt atá le tuairisciú.

Foinse: CSO – torthaí Daonáirimh ó 2006 ar aghaidh.

I mo thuairimse is fearr mar shlat tomhais a d’fheilfeadh líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge go rialta (ar a laghad uair sa tseachtain) le húsáid na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht a thomhas. Mar a léiríonn Tábla 1 thuas, thug 1.77 milliún duine le fios in 2011 go raibh Gaeilge acu, agus tá an figiúr sin tite go 1.76 milliún, cé go raibh sé ceaptha ardú. 

Ní labhraíonn ach fíorbheagán (10.5%) de na daoine a deir go bhfuil Gaeilge acu an teanga go rialta (ar a laghad uair sa tseachtain). Beagnach an ceathrú cuid (24%) de na ‘cainteoirí Gaeilge’,  ní úsáideann siad an teanga riamh, dar leo féin.  Ní rud nua é sin, agus níl aon fheabhas ag teacht ar an scéal. 

Slat tomhais eile, ar fiú breathnú uirthi le staid na Gaeilge a mheas mar theanga teaghlaigh, is ea líon na ngasúr réamhbhunscoile (3-4 bl.) a bhfuil Gaeilge acu, dar lena dtuismitheoirí. Bhí méadú suntasach i gceist sa ghrúpa áirithe seo, ó 10% i 1996 go 14.3% in 2011, ach thit céatadán go 12.4% in 2016, mar a léirítear sa tábla thíos:

Foinse: CSO – torthaí Daonáirimh ó 1996 ar aghaidh

Príomhsprioc na Straitéise 20 Bliain

Cuirtear go leor béime ar an  bpríomhsprioc náisiúnta sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, ’sé sin go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais ann faoin mbliain 2030. Leis an sprioc áirithe sin a bhaint amach faoi 2031 theastódh ráta fáis 34.15% gach cúig bliana ar líon na nGaeilgeoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais, agus ba ghá go mbeadh thart ar 103,500 duine ag tuairisciú i nDaonáireamh 2016 go n-úsáideann siad an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. 

Mar sin ardú 26,000 duine ba cheart a bheith ann i nDaonáireamh 2016 chun an sprioc a leagadh síos sa Straitéis a bhaint amach. Ach idir 2011 agus 2016, agus an Straitéis againn ó 2010, bhí titim 3,382 duine i gceist le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais. 

Sprioc áiféiseach gan bhunús a bhí ann ón tús a bheith ag ceapadh go mbeadh ardú thart ar 33% gach cúig bliana ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais.

An Ghaeltacht

Leagadh síos sprioc níos réadúla maidir leis an nGaeltacht sa Straitéis: an líon daoine a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht gach lá taobh amuigh den chóras oideachais a ardú 25% faoi 2030.  Is ionann sin agus ardú de 5.74% gach cúig bliana.  Mar sin féin, titim seachas ardú a bhí i gceist i nDaonáireamh 2016 i ngach contae Gaeltachta seachas Port Láirge. Bhí ardú beag bídeach i gceist freisin i gcathair na Gaillimhe de bharr méadú sa daonra.  (Dála an scéil tá daonra níos mó anois sa Ghaeltacht oifigiúil i gCathair na Gaillimhe ná mar atá i nGaeltacht na Mumhan ar fad le chéile!)

De réir thorthaí Dhaonáireamh 2016 a foilsíodh an tseachtain seo caite bhí laghdú 2,589 duine i líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht ar fad. Ba sna contaetha Gaeltachta is láidre – Dún na nGall, Gaillimh agus Ciarraí –a bhí an laghdú is mó mar a léiríonn an tábla thíos:

Foinse: CSO – Daonáireamh 2006/2011/2016.  *TADCO – Taobh amuigh den córas oideachais

Gaeltacht na nDéise an t-aon chontae amháin inar tháinig ardú suntasach ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais ó 25.9% in 2011 go 26.9% in 2016.

An Pholainnis chun  cinn ar an nGaeilge?

Foilsíodh sonraí ón Daonáireamh 2016 faoi líon na ndaoine a mbíonn teangacha eile seachas an Béarla nó an Ghaeilge mar theanga baile acu. Tá 135,895 cainteoir Polainnise ag úsáid a dteanga dhúchais mar theanga baile, sin méadú suntasach ón 119,526 a bhí ann in 2011. Níor cuireadh ceist faoi cé mhéad duine a úsáideann an Ghaeilge mar theanga baile, ach mura bhfuil ann ach 74,000 Gaeilgeoir laethúil taobh amuigh den chóras oideachais, is léir go bhfuil an Pholainnis i bhfad níos láidre mar theanga baile ná an Ghaeilge

Ar mhaithe leis an bpleanáil teanga agus i bhfianaise na Straitéis Fiche Bliain, níor mhiste go mbeadh ceist sa chéad Daonáireamh eile le fáil amach an mó teaghlach ar fud an stáit ina bhfuil an Ghaeilge á húsáid mar theanga baile iontu. Toisc nach bhfuil Scéim Labhairt na Gaeilge againn níos mó, níl aon bhealach anois ann le monatóireacht a dhéanamh ar an nGaeilge mar theanga baile sa nGaeltacht.

Seans gur mó a d’inseodh na freagraí ar a leithéid de cheist faoi fhíorstaid na Gaeilge, ná mar a insíonn na ceisteanna a chuirtear sa Daonáireamh faoi láthair.

Fág freagra ar '250,000 cainteoir Gaeilge laethúil faoi 2030? Sprioc an Stáit ag dul in áiféise…'

  • Mánus

    Is féin- thuairisciú atá i gceist sa daonáireamh. Measaim go bhfuil seans go mbíonn roinnt atá ar son atbheochaint na Gaeilge ag maíomh go labhrann siad an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais : má labhrann fhéin seans mhaith gur sa mbaile amháin atá i gceist le 10,000 acu nó tá an Phólannais i bhfad níos glóraí sochloiste mar theanga.

  • Pádraig de B

    Sa Daoináireamh 2011, dúirt níos mó ná 77,000 daoine go labhair said Gaeilge mar gnath teanga go laethúil agus sa Daoináireamh nua, tá laghdú cúpla mhíle ón bhfigiúr sin. Sa Ghaeltacht ta laghdú 3,000 ón daoináireamh 2011. Ach cad a tharla in Éirinn idir 2011 agus inniu? Nach raibh an Phléasc Eacnamaíoch again, agus d’imigh a lán Éireannaigh thar lear (Gaeilgeoirí ina measc). Níl aon ionadh orm go bhfuil laghdú cúpla mhíle ón 2011.

    Leis na 1.7 milliún duine a rá go bhfuil Gaeilge acu, nil ann ach daoine atá báúil don teanga, daoine a bhfuil na cúpla focail acu. Ba chóir don Rialtas seo, nó Rialtas nua a chuid iarrachtaí a dhéanamh sa Ghaeltacht agus i measc na Gaeilgeoirí ar fud tíre atá sásta an teanga a úsáid go rialta, agus níos mó ná sin, daoine atá ag déanamh a ndícheall chun a bpáistí a thógáil le Gaeilge.

  • Conchubhar Ó D

    “An mó teaghlach ar fud an stáit ina bhfuil an Ghaeilge á húsáid mar theanga baile iontu”?

    Ceart ar fad ag DÓH gur chóir *dlús usáidte* na teangan a thomhas – seachas díriú ar *líon na ndaoine* a labhraíonn GA “go rialta” nó fiú “gach lá” (mar a mheasann siad féin).

    Bíonn an lá sach fada – 24 uaire – agus bíonn neart deiseanna cumarsáide ag an gnáth duine i rith an ama sin. Agus neart treonna inar féidir linn dul leis ár gcumarsáide – ní amháin i dtreo na Gaeilge! Is beag duine inar measc – muna bhfuil tú ag obair sna meáin, nó ag muineadh, b’fhéidir – gur féidir lei nó leis coinneáil leis an nGaeilge ar feadh an lae ar fad gan iompú go rialta ar an mBéarla – ceal deiseanna í a úsáid ar bhonn níos leithne!

    I measc na 74 mhíle ‘cainteoir laethuil’ nó i measc na 185 mhíle a húsáideann an GA ‘go rialta’ bheinn beagnach cinnte nach úsáidtear an teanga sin acu (againn) ach ar feadh sciar an-bheag don lá. Ní orainne atá an lucht ar ndóigh – is uirlis í an teanga, agus caithimid ár ngnó laethúil (slí beatha san áireamh) a dhéanamh sa domhan mórthimpeall orainn.

    Bímis ionraic – ar an ndrochuair is *i mBéarla* a bhíonn formhór na 74 mhíle sin ag labhairt i rith an ama – fiú na cainteoirí díograiseacha sin. Is deacair a rá céard í an mhais nó tairseach chriticiúil cainteoírí ag a mbeimid an scéal sin a athrú.

    Níl mé éadóchasach dala an scéil – ach feictear domsa nach bhfuil mórán céille le baint as spriocanna amhail “250,000”. Níos tabhachtaí ar fad ná domhan bríomhar, spraoiúil a chruthú in bhfuil an teanga mar chroílár dó. Bhéadh sé sin mar spreagadh go dhaoine: “B’fhearr liom bheith páirteach sa domhan sin!” Agus ag deireadh an lae caithfear freagreacht phearsanta a ghlacadh – is fúinn féir ár rogha féin a dhéanamh cén achar ama gach lá a dhíriú ar an nGaeilge seachas ar teangacha eile nach í!

  • Seán Mag Leannáin

    Is í an chúis imní is mó sna figiúirí seo ná an laghdú leanúnach i líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht. Sa tír ar fad tá an scéal mórán mar a bhí sé 5 bliana agus 10 mbliana ó shin. Tógadh an daonáireamh 2011 go gairid tar éis olltoghchán na bliana sin agus creidim gur chuir conspóid na tréimhse sin faoi stádas na Gaeilge sa chóras oideachas le líon na ndaoine sa tír a mhaígh go raibh an Ghaeilge acu agus á labhairt acu go rialta. Agus an ghné sin curtha san áireamh ní dóigh liom go bhfuil mórán athraithe tagtha ar líon na nGaelgeoirí sa tír ar fad le deich mbliana anuas. Faraoir ghéar áfach is léir go bhfuil athrú bunúsach faoi lán seoil sa Ghaeltacht le linn na tréimhse céanna.
    B’fhéidir gurb í an cheist is tábhachtaí anois ná an mbeidh an Ghaeilge in ann maireachtáil amach anseo gan tobar na teanga sa Ghaeltacht? Tá a fhios agam gurb í an ghnáth-thuiscint nach féidir le teanga maireachtáil gan ‘comhthionól fuinniúil fuinte’ (nó local organic community) mar thobar chun tarraingt as ach n’fheadar an fíor sin i gcónaí i ré seo an idirlín agus an phictiúir bheo? B’fhéidir go bhfuil nádúr na cumarsáide féin ag athrú ó bhonn agus an focal scríofa in éindigh leis an íomhá bheo ag fáil an lámh in uachtar ar an bhfocal labhartha. Lena chois sin b’fhéidir go bhfuil caighdeánú de shaghas éicint ag teacht chun cinn sa teanga, fiú más é an simpliú atá i gceist san éabhóid seo. Cén fáth nach rachadh an caighdeánú nó an nua-aoisiú seo chun tairbhe na teanga amach anseo? Mairimid faoí scáth an Bhéarla, taitníodh é sin linn nó ná taitníodh. Caithfimidne mar Ghaeilgeoirí áit agus meas a chothú don Ghaeilge i measc mhórphobal na tíre agus i gcomhthéacs shíorláithreacht an Bhéarla sa tír s’againne.
    Ar nós an té nach bhfuil láidir ní foláir don Ghaeilge agus do na Gaeilgeoirí bheith glic chun spás a chruthú agus a chosaint don teanga i saol poiblí na tíre. Is ródhócha go bhfuil an ‘chaint thíriúil, chréúil, chraicneach’ a ndearna an Cadhnach tagairt dó curtha i gcré na cille leis ach fós féin b’fhéidir go maireann an teanga i gcónaí agus go mairfidh sí i gcruth nua do ré nua. Neosfaidh an aimsir.

  • Duibhneach Dearg le Fearg

    Níl sa ‘straitéis’ ach dearg-chur i gcéill: tá an córas stáit frith-Ghaeilge. Níl aon chearta teanga ag lucht na Gaeilge i gcomórtas le lucht an Bhéarla. Ní hé amháin ná fuil fáilte roimh Ghaeilge, ach fiu nuair a bhíonn seirbhís trí Ghaeilge ‘ar fáil’ rómhinic a chuirtear in iúl ‘our Irish-speaker is not available at the moment, but I’ll process your request in English now if you like…’ Is státchóras agus rialtas in éadan na Gaeilge atá i mBleá Cliath. Cé labharfaidh Gaeilge le searbhóntaí an stáit i nGaeilge nuair is eol dó/di gur míbhuntáiste é, go mbeifear thíos leis níos minicí ná a chéile… Ní hiontas go mbeadh líon na nGaeilgeoirí ag dul i laghad… agus ní gá aon mhion-anailís eile.