‘2018 will be the year of the Irish language’ agus tabharfar deis do chách an Ghaeilge ‘a cheiliúradh’ – An Taoiseach

Ag comhdháil náisiúnta Fhine Gael i gContae an Chabháin anocht, dúirt Leo Varadkar go dtabharfaí deis don uile dhuine an Ghaeilge a cheiliúradh le linn Bhliain na Gaeilge 2018

‘2018 will be the year of the Irish language’ agus tabharfar deis do chách an Ghaeilge ‘a cheiliúradh’ – An Taoiseach

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar ag comhdháil náisiúnta Fhine Gael i mBéal Átha Conaill i gContae an Chabháin tráthnóna go dtabharfar deis don uile dhuine an Ghaeilge a cheiliúradh mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018 agus gheall sé leis go ndéanfaí iarracht tuilleadh daoine a mhealladh chun an teanga a labhairt gach lá.

I nGaeilge a chuir an Taoiseach tús lena óráid anocht agus i nGaeilge a labhair sé agus é ag trácht ar an teanga féin. Dúirt sé gur “chuid shuntasach, thábhachtach í an Ghaeilge dár stair, dár gcultúr agus dár saol” agus gur mar sin a bheadh “sa todhchaí” leis.

“Ceiliúrfaimid Bliain na Gaeilge in 2018.  Tabharfar deis dúinn go léir saibhreas ár dteanga náisiúnta a cheiliúradh, agus níos mó daoine a mhealladh chun í a labhairt ar bhonn laethúil.  So 2018 will be the year of the Irish language,” a dúirt an Taoiseach.

D’iompaigh sé ar an nGaeilge chomh maith agus é ag tagairt do “cuibhiúlacht, dínit, agus tírghrá” an iarThaoisigh Liam Cosgrave a bhásaigh an mhí seo caite. Leath i nGaeilge agus leath i mBéarla a bhí ceann de mhór-roisc chatha a óráide, nuair a dúirt sé: ‘So, to the people watching at home, this is my message: tá an Rialtas ar bhur dtaobh!’

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne an tseachtain seo caite go mbeadh Foras na Gaeilge ag cur €450,000 ar fáil do Bhliain na Gaeilge 2018 agus dúirt an tAire Stáit go raibh súil aige féin agus an Taoiseach clár na Bliana a sheoladh ag ócáid speisialta go luath.

Ina óráid anocht, labhair an Taoiseach chomh maith faoi cheist na teorann agus an Bhreatimeachta.

“So on this island, let’s build bridges, not borders.  There can be no return to the border on our island,” a dúirt sé.

Mhaígh sé raibh tacaíocht mhór faighte aige ó uachtaráin agus príomh-airí eile san Eoraip i leith na ndúshlán a bhaineann leis an mBreatimeacht d’Éirinn.

Dúirt sé gur chinn muintir na hÉireann ceithre uaire cheana bóthar eile a thabhairt orthu féin seachas an bóthar a roghnaigh an Ríocht Aontaithe: nuair a bunaíodh an stát i 1921; nuair a bunaíodh poblacht i 1948; nuair a d’fhágamar an sterling i 1979; agus nuair a chuamar leis an euro in 2001.

“There may be tough calls and hard decisions ahead.  But one thing is certain.  Ireland will always remain at the heart of the common European home we helped to build,” a dúirt an Taoiseach.

Fág freagra ar '‘2018 will be the year of the Irish language’ agus tabharfar deis do chách an Ghaeilge ‘a cheiliúradh’ – An Taoiseach'

  • Ruairí

    Cén ábhar ceiliúrtha atá againn sa Ghaeltacht agus líon na gcainteoirí laethúla ag titim go tubaisteach? Cén mhaith dúinne sa Ghaeltacht go bhfuil Varadkar ag dul ar a thuras teanga nuair nach bhfuil infheistíocht á chur sa Ghaeltacht? Bliain bhréagach na Gaeilge a bheas á bhrú orainn sa nGaeltacht. Na ceantracha is láidre Gaeltachta is iad is mó atá buailte ag an imirce agus an dífhostaíocht. Ba chóir go neagródh an tÚdarás “Bliain na Gaeltachta” chun an ghéarchéim teanga sa nGaeltacht a thaispeáint don saol mór agus bíodh an deabhal ag tionscal na Gaeilge i mBÁC atá ag brú Bliain Bhréagach na Gaeilge ar phobal na Gaeltachta.

  • Fearn

    “‘2018 will be the year of the Irish language’”

    Nach aoibhinn dúinne, lucht na Gaeilge, scaothaireacht na bpoiliteoirí gan chur leis?

  • Seán Mag Leannáin

    Glacaim leis go bhfuil tábhacht lárnach leis an nGaeltacht ach ní leis an nGaeltacht amháin an Ghaeilge. Bhí go leor airgead poiblí caite i nGaeltacht Chonamara leis na blianta fada agus tá an Ghaeltacht sin gar do chathair na Gaillimhe agus na postanna atá le fáil ansin ach an féidir linn a rá go bhfuil an Ghaeilge níos láidre anois de bharr na mbuntáistí sin? Ní dóigh liom é cé gurb í Gaeltacht Chonamara an Ghaeltacht is treise sa tír i gcónaí. Má tá beatha i ndán don Ghaeilge tá mé ag ceapadh nach sa Ghaeltacht (mar a thuig muid é sin go dtí seo) a chinnteofar é. Tréaslaím leis an Taoiseach as ucht a chuid tacaíochta don Ghaeilge – ar a laghad ar bith tá an chuma air go bfuil sé níos dáiríre faoin nGaeilge ná mar a bhí an Taoiseach a bhí ann roimhe, fear a raibh Gaeilge líofa aige.

  • pádraig ó floinn

    Má tá éinne amuigh ansin a chreideann a bhfuil as a bhéal, maidir leis an nGaoluinn 2018, bheadh sé chomh maith dhó, féachaint isteach sa scáthán agus a rá os ard leis féin “Nach simplí atáim”.

  • Mise Áine

    @ach ní leis an nGaeltacht amháin an Ghaeilge

    Go deimhin!

  • Ruairí

    Tá na deicheanna de mhilliúin á chaithimh ar an Ghaeilge go náisiúnta ach is ag troid faoi chuile phingin atá muintir na Gaeltachta. Tá éigeandáil teanga sa nGaeltacht agus ní bheidh an dara éigeandáil ann toisc nach mbeidh an teanga á labhairt sna Gaeltachtaí gan idirghabháil thar a bheith eisceachtúil ón Stáit. Maidir le buiséad na Gaeilge ba chóir tús áite do bheith ag an nGaeltacht seachas ag tionscal na Gaeilge i mBÁC go dtí bhfuil an meath stopaiithe agus an teanga ag fás mar theanga phobail arís. Ní ann don Ghaeltacht sa Straitéis 20 bhliain. Is deacair di dhaoine nach bhfuil ina gcónaí i nGaeltacht an meath a thuiscint. Oileán Mhannain a bheas in Éirinn má tharlaíonn sin.

  • Seán Mag Leannáin

    Tuigim don sceipteachas i measc phobal na Gaeilge ach san am céanna creidim gur chóir aitheantas áirithe a thabhairt do Leo as ucht a chuid díograise (mar Thaoiseach) ar son na Gaeilge go dtí seo. Braithim go bhfuil níos mó inti dó ná béalghrá. Ní chuimhin liom aon Taoiseach de chuid Fhine Gael nó fiú de chuid FF a raibh an oiread sin Gaeilge ina óráid Ard-Fhéise agus a bhí ag Varadkar aréir. Tá mé ag ceapadh freisin go bhfuil a thiomantas don Ghaeilge ag teacht aniar aduaidh ar chuid mhaith de na seanfhondúirí agus na mór-uaisle ina pháirtí féin. Beidh le feiceáil ar ndóigh ach ba chóir dúinn fáilte a chur roimh gach glór nua ar son na teanga, agus go háirithe glór a bhfuil cumhacht nach beag aige. Ná féachtar ró-ghéar ar fhiacla an chapaill a bhronntar!

  • Seán Mag Leannáin

    Níl aon dabht ach go gcabhraíonn airgead stáit caite go ciallmhar ar na cuspóirí cuí ach ní dóigh liom go sábhálfaidh airgead an Ghaeilge nó an Ghaeltacht.

  • Ben

    Tá an stát ag cur iachaill ar phobail Ghaeltachta pleananna teanga a scríobh chun an teanga a shábhailt sna ceantair sin, ach ansin ag diúltú dá n-iarrachtaí le maoiniú ceart do chur i bhfeidhm na bpleananna sin!

    Ar ndóigh is linne ar fad i an teanga, ach is boichte i bhfad a bheas na Gaeil ar fad nuair nach labhraítear í in oiread is pobal traidisiúnta amháin eile. Beidh deireadh leis na cúrsaí samhraidh ar a bhfoghlaimíonn muintir na Gaeltachta a gcuid Gaeilge go minic agus caillfidh muid an tobar cultúrtha is luachmhara atá ag an tír seo. Tá sé glan craiceáilte bheith ag caint ar ‘bhliain na Gaeilge’ agus ag caitheamh 450, 000€ ar t-léinte agus greamáin agus cibé seafóid eile ag iarraidh pobail teanga nú a chruthú sa nGalltacht fhad is atá an phleanáil teanga agus na pobail teanga atá againn cheana ag streachailt le bunacmhainní a fháil ó na pleotaí seo ar a dturais teanga.

  • Seán Mag Leannáin

    Aontaím go hiomlán ‘[gur] boichte i bhfad a bheas na Gaeil ar fad nuair nach labhraítear í in oiread is pobal traidisiúnta amháin eile.’ Ach má tharlaíonn sin an mbeidh an locht ar fad ar an Rialtas?