20 post le cruthú in ionad teagmhála i nGaeltacht Chorcaí

Beidh ionad teagmhála á oscailt ag an gcomhlacht nuabhunaithe Smarttraveller Concierge Ltd ar Pháirc Gnó Údarás na Gaeltachta i mBéal Átha an Ghaorthaidh

Udaras6

Tá 20 post nua le cruthú i nGaeltacht Chorcaí ag an gcomhlacht nuabhunaithe Smarttraveller Concierge Ltd. Ionad teagmhála atá sa ghnó nua atá á bhunú i mBéal Átha an Ghaorthaidh.

Beidh an an comhlacht ag cur eolas faoi thaisteal, ceantair agus seirbhísí ar fáil do thurasóirí i gcomhpháirt le Hertz, an gnólacht carr ar cíos. Díreoidh an tseirbhís ar mholtaí a dhéanamh maidir le bialanna, óstáin, siopaí, féilte agus imeachtaí eile a gcuirfeadh turasóirí spéis iontu.

Beidh na an tseirbhís á cur ar fáil 24 uair a chloig in aghaidh an lae a bhuíochas le hardán teicneolaíochta ar líne atá forbartha ag stiúrthóirí an chomhlachta, Jim McCoy agus Richard Enno.

Is i bhfoirgneamh de chuid Údarás na Gaeltachta a bheidh an t-ionad nua teagmhála lonnaithe agus tá an próiseas earcaíochta ar bun faoi láthair le ceannairí foirne agus oibrithe a fhostú.

Beidh oíche eolais faoin gcomhlacht nua á reáchtáil Dé Luain seo chugainn ag 8in ar Pháirc Gnó Údarás na Gaeltachta i mBéal Átha an Ghaorthaidh.

Dúirt duine de na stiúrthóirí, Jim McCoy go bhfuil Smarttraveller Concierge ag lorg oibrithe a bhfuil “scileanna maithe cumarsáide agus caidreamh le custaiméirí” acu.

“Tá muid ag forbairt an gnólacht seo ó 2014 agus tá muid anois ag an staid go dteastaíonn uainn leathnú amach agus ionaid teagmhála do chustaiméirí a bhunú. Feileann an foirgneamh, atá curtha ar fáil dúinn ag Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Chorcaí, na riachtanais ar fad atá againn chun an chéad chéim eile den ghnó a fhorbairt,” a dúirt sé.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cúláin go bhfuil “lúcháir” ar an Údarás gur roghnaigh an comhlacht a gcuid oibríochtaí a lonnú i nGaeltacht Chorcaí agus go bhfuil siad “ríméadach as a bheith ag tacú leis an bhfiontar nua agus na postanna nua a bheidh mar thoraidh air”.

Fág freagra ar '20 post le cruthú in ionad teagmhála i nGaeltacht Chorcaí'

  • Niall Ó Flatharta

    Gheobhair jab sa Ghaeltacht má bhíonn Béarla le dealramh agat.

  • Tomás Ó hÓgáin

    Ceist agam ar Údarás, cad a bhíonn ar siúl ag ÚnaG nach féidir leis an IDA a dhéanamh – Ionaid Teagmhála Béarla sa Ghaeltacht an cor is déanaí sa scéal.

    Tá dul amú le fada fada an lá ar Údarás na Gaeltachta agus tá tóin an bhairille sroichte acu le tamall anois agus cuideachtaí á mealladh acu a bhrostóidh Béarlú iomlán na Gaeltachta…. nach mbeadh an IDA go breá in ann é sin a dhéanamh…

    Tá ÚnaG ar strae ar fad agus muinín phobal na Gaeltachta caillte acu fadó.

    Bocht an scéal é.

    Cuirtear deireadh le Údárás na Gaeltachta anois, ceap magaidh is ea é!

  • AnRógaire

    An bhfuil sé de dhualgas ar na comhluchtaí a fhaigheann tacaíocht ón Údarás freastal ar a gcuid custaiméirí i ngaeilge?